Justin Kelly ceaptha mar choimisinéir nua an Gharda Síochána

Tiocfaidh Justin Kelly i gcomharbacht ar Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris a ceapadh in 2018

Justin Kelly ceaptha mar choimisinéir nua an Gharda Síochána

Tá Justin Kelly, leas choimisinéir de chuid an Gharda Síochána ceaptha ina choimisinéir nua ar an tseirbhís ag an rialtas.

Tiocfaidh Kelly i gcomharbacht ar Choimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris.

Cuirfidh Kelly lena thréimhse cúig bliana mar choimisinéir ar an 1 Meán Fómhair.

€314,000 sa bhliain a tuarastal a bheidh aige.

Tá os cionn 30 bliain caite ag Kelly ina gharda agus bhí post ag gach céim sa tseirbhís aige le linn na tréimhse sin. Anuraidh a ceapadh ina Leas-Choimisinéir é agus é freagrach as cúrsaí slándála, straitéise agus rialachais. Roimhe sin, bhí sé ina Leas-Choimisinéir a bhí freagrach as fiosruithe faoin gcoiriúlacht eagraithe agus cineálacha eile coiriúlacht thromchúiseacha.

D’oibrigh sé ar feadh tamaill in aonad frithsceimhlitheoireachta na seirbhíse póilíneachta. Bhí sé tréimhsí ina gharda, sáirsint agus cigire i gCluain Dolcáin,  Baile Bhlainséir agus Tamhlacht.

Tá cáilíochtaí i ngnéithe éagsúla d’fhiosrú na coiriúlachta agus den chóras dlí coiriúil aige ó institiúidí tríú leibhéal éagsúla in Éirinn agus thar lear.

D’oibrigh sé do na Náisiúin Aontaithe sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in 2021, áit ar chabhraigh sé le forbairt gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.

In 2018 a ceapadh Drew Harris ina choimisinéir.

 

 

 

Fág freagra ar 'Justin Kelly ceaptha mar choimisinéir nua an Gharda Síochána'