A bhfuil le déanamh ag gach foireann chun dul tríd ó bhabhta na ngrúpaí i gCraobh na hÉireann

Is faoi Ghrúpa 1 agus Grúpa 4 is mó atá caint agus cuid de bhoic mhóra na peile i gcontúirt ach tá tábhacht ag baint le chuile cluiche a imreofar inniu agus amárach

A bhfuil le déanamh ag gach foireann chun dul tríd ó bhabhta na ngrúpaí i gCraobh na hÉireann

Tiocfaidh géarú ceart ar Chraobh Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo agus an baol ann do roinnt mhaith foirne go dtiocfaidh deireadh lena bhfeachtais.

Is faoi Ghrúpa 1 agus Grúpa 4 is mó atá caint agus cuid de bhoic mhóra na peile i gcontúirt, ach tá tábhacht ag baint le chuile cluiche a imreofar inniu agus amárach.

Is iad seaimpíní na bliana seo caite, Ard Mhacha, an t-aon dream gur féidir leo na maidí a ligean le sruth agus iad cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais pé toradh a bheidh sa gcluiche idir iad féin agus Gaillimh ach tá foireann láidir roghnaithe ag Kieran McGeeney mar sin féin agus deis ag a fhoireann ceann dá céilí comhraic do Chraobh na hÉireann a dhíbirt ón gcomórtas i lár mhí an Mheithimh.

Grúpa 1

Dún na nGall: Bainfidh na Conallaigh áit amach sa gcéad bhabhta eile chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh Mhaigh Eo. Má chailleann siad i bPáirc de hÍde Dé Domhnaigh agus má bhíonn comhscór idir Tír Eoghain agus an Cabhán, beidh port na gConallach seinnte.

Maigh Eo: Tá an bua i gcoinne Thír Eoghain cúpla seachtain ó shin tar éis beagán dóchais a thabhairt do Mhaigh Eo ach fiú má éiríonn leo Dún na nGall a shárú amárach, caithfidh Tír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar an gCabhán chomh maith chun áit sa gcéad bhabhta eile a thabhairt do Mhaigh Eo.

Tír Eoghain: Tá an chailliúint in aghaidh Mhaigh Eo tar éis iad a chur faoi bheagáinín brú ach chomh fada is nach gcailleann Tír Eoghain in aghaidh an Chabháin, beidh siad slán. Fiú ma chailleann Tír Eoghain, rachaidh siad tríd má bhuann Maigh Eo ar Dhún na nGall.

An Cabhán: Beidh an Cabhán sa gcéad bhabhta eile má bhuann siad ar Thír Eoghain. D’fhéadfadh siad dul tríd má chailleann siad chomh fada is go gcailleann Maigh Eo.

Grúpa 2

Ciarraí: Níl ach teastáil ó Chiarraí ach comhscór chun an chéad áit sa ngrúpa agus bealach díreach tríd chuig na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach.

An Mhí: Bua amháin agus comhscór amháin a bhí ag fir na Mí go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil áit acu sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais cheana féin agus idir iad féin agus Ciarraí atá sé don chéad áit i nGrúpa 2.

Ros Comáin: Tá sé simplí go maith ag Ros Comáin, beidh siad sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh Chorcaí.

Corcaigh: Caithfidh foireann John Cleary an ceann is fearr a fháil ar Ros Comáin nó beidh deireadh déanta ag na Corcaígh do 2025.

Grúpa 3

An Dún: Tá cúrsaí simplí go maith i nGrúpa C. Má bhuann contae an Dúin ar Mhuineachán, rachaidh siad tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais. Má chailleann siad, beidh cluiche sa mbaile acu an tseachtain seo chugainn sna réamhbhabhtaí.

An Muineachán: An scéal céanna atá ag Muineachán. Má bhuann siad amárach, ní bheidh orthu na réamhbhabhtaí a imirt agus seachtain bhreise scíthe acu.

Lú: Tá contae Lú fós sa tóir ar a gcéad bhua sa ngrúpa. Má éiríonn leo in aghaidh chontae an Chláir amárach, beidh siad tríd go dtí na réamhbhabhtaí.

An Clár: Ní fhéadfadh sé a bheith níos simplí. Caithfidh contae an Chláir an cluiche i bPort Laoise amárach a bhuachan. Má bhíonn comhscór ann, rachaidh Lú tríd.

Grúpa 4

Ard Mhacha: Mar a dúradh, tá áit ag Ard Mhacha sna babhtaí ceathrú ceannais is cuma céard a tharlaíonn i bPáirc Breffni tráthnóna.

Gaillimh: An t-aon bhealach go mbeidh Gaillimh cinnte d’áit sna réamhbhabhtaí ná má bhuann siad ar Ard Mhacha tráthnóna. Déanfaidh comhscór cúis má chailleann Doire i gcoinne Átha Cliath. Dá gcaillfeadh Doire an cluiche sin, d’fhéadfadh na Gaillimhigh dul tríd má chailleann siadsan freisin chomh fada is nach mbeidh an bhearna idir iad féin agus Ard Mhacha ach dhá phointe níos mó ná an bhearna idir Doire agus Áth Cliath.

Áth Cliath: Beidh Áth Cliath cinnte d’áit sna réamhbhabhtaí chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh Dhoire i bPáirc Esler. Má chailleann siad agus má bhuann Gaillimh ar Ard Mhacha, beifear ag fágáil slán le foireann Dessie Farrell.

Doire: Beidh siad tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais má bhuann siad ar Áth Cliath. Má chailleann Gaillimh in aghaidh Ard Mhacha, ní bheidh ach comhscór ag teastáil ó Dhoire.

Fág freagra ar 'A bhfuil le déanamh ag gach foireann chun dul tríd ó bhabhta na ngrúpaí i gCraobh na hÉireann'