Beidh coimhlint mhaith againn i bPort Laoise ach céim rómhór a bheidh ann d’fhoirne Mhic Dhonnacha

Tabharfaidh Cill Dara dúshlán níos mó d’Áth Cliath ná mar a thabharfaidh Laois do Thiobraid Árann ach beidh sé deacair ag foirne Chorn Mhic Dhonnacha an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic

Beidh coimhlint mhaith againn i bPort Laoise ach céim rómhór a bheidh ann d’fhoirne Mhic Dhonnacha

Bhuel táimid i bponc anois cois Laoi, corn chraobh na Mumhan neadaithe sa chontae agus buaite ar Luimneach. Is cuimhin libh go raibh an scéal ann go láidir i measc phobal na hiomána roimh an gcomórtas craoibhe go raibh seans láidir ann go n-imreodh Corcaigh agus Luimneach i gcoinne a chéile trí huaire agus go mbuafadh Corcaigh an ceann is tábhachtaí, sin cluiche a trí, cluiche ceannais na hÉireann.

Tá an tuairim sin curtha in aer anois agus a gcluiche buaite ag Corcaigh cheana féin!

Agus a leithéid d’eipic a bhí againn, 90 nóiméad agus beagán sa bhreis – agus John Kiely agus Declan Hannon ag gearán faoin mbeagán sa bhreis. Bhí gá le beirt réiteoirí agus den chéad uair riamh, bhí comórtas pionós againn. Cogadh dearg a bhí ann ón gcéad chaitheamh isteach, ar an bpáirc agus ar an taobhlíne. É sin ráite, comórtas an-spórtúil a bhí ann agus is mór an trua é nach bhfuil an athimirt á himirt inniu. Déarfainn go ndéanfar níos mó plé air seo roimh dheireadh na bliana.

Bhí an caighdeán i gcúige Laighean cuid maith taobh thiar den chluiche i Luimneach.

D’éirigh le Cill Chainnigh teacht aniar déanach ó Ghaillimh a chur díobh chun an 77ú Craobh Shinsir Iomána Laighean a bhaint amach, agus an séú coróin chúige as a chéile a thabhairt leo i bPáirc an Chrócaigh. Bhí an chuma orthu go raibh an beart déanta acu nuair a bhíodar 13 pointe chun tosaigh tar éis 57 nóiméad, ach scóráil Gaillimh 1-6 gan aon fhreagra i dtréimhse gheal-anama seacht nóiméad, sular tháinig Cill Chainnigh chucu féin arís agus chuir siad clabhsúr críochnúil ar an gcluiche.

Comhghairdeas le Cill Dara a bhuaigh a gcéad chluiche ceannais i gCorn Mhic Dhonncha, bua a chinntíonn áit dóibh i gCraobh Laighean 2026

Leanfar leis an aicsean an deireadh seachtaine seo agus dhá cluiche againn inniu. Cuirfidh Tiobraid Árann tús arís lena bhfeachtas i gCraobh Iomána Sinsir na hÉireann, nuair a imreoidh siad in aghaidh Laoise sa bhabhta réamh-cheathrú ceannais.

Imreofar an cluiche i bPáirc Uí Mhórdha, Port Laoise, ag 1.45in. Seo dhá chontae, i mo thuairimse, atá ag dul i dtreonna difriúla. Is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar chluiche ceannais Mhic Donnacha anuraidh, cluiche inar thug Laois ardtaispéantas i gcoinne Uíbh Fhailí cé gur rugadh amuigh orthu ag an deireadh. Ag dul ar gcúl atá siad ó shin mar a bhí soiléir Dé Domhnaigh seo caite i bPáirc an Chrócaigh .

Ar an lámh eile, tá dul chun cinn suntasach déanta ag Tiobraid Árann ó ghéill siad do Chorcaigh i mbabhta a trí de chraobh na bliana seo caite. Shroich siad cluiche ceannais na Sraithe i mbliana, agus mar is eol dúinn, cé nár bhuaigh siad é d’imir siad go maith ar feadh tréimhsí fada sa chluiche sin. Chomh maith leis sin, bhí siad go maith sa chraobh. Mar sin, tá siad ag tabhairt faoin gcéad chéim eile den chraobh agus meon an-dearfach acu. Ba cheart go mbeadh bua slachtmhar acu inniu.

Beidh an cluiche eile atá á imirt inniu níos suimiúla.

Is i bPáirc Naomh Conlaith a bheidh an cluiche réamhcheathrú ceannais eile agus iománaithe Chill Dara ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath, i ndiaidh a mbua stairiúil i gCorn Joe McDonagh in aghaidh Laoise Dé Domhnaigh. Tá lucht leanúna agus tráchtairí trína chéile mar gheall ar an gcinneadh gan ceamaraí a chur chuig páirc nua-athchóirithe Chill Dara.

Tá áit sa staid do thart ar 15,000 duine agus tá an chuma air go mbeidh sé lán nó beagnach lán – rud a fhágann nach mbeidh aon bhealach ag na daoine nach bhfuil ticéad acu féachaint ar an gcluiche seo beo. Ceapaim go mbeidh Cill Dara iomaíoch ach ba cheart go mbeidh Áth Cliath rómhaith dóibh. Níl na geallghlacadóirí ag tabhairt seans dá laghad don dá fhoireann ó chomórtas Mhic Donncha.

Feicfimid linn.

Fág freagra ar 'Beidh coimhlint mhaith againn i bPort Laoise ach céim rómhór a bheidh ann d’fhoirne Mhic Dhonnacha'