‘Neamhaird’ déanta ag an stát ar ‘réimse mór logainmneacha’ – léarscáilí

Deir léarscáilí atá ag déanamh léarscáileanna de Ghaeltacht Thír Chonaill i láthair na huaire go bhfuil ‘neamhaird’ déanta ag an stát de bhailiú logainmneacha le naoi scór bliain

‘Neamhaird’ déanta ag an stát ar ‘réimse mór logainmneacha’ – léarscáilí

Tá “neamhaird” déanta ag an stát de “ghné thábhachtach d’oidhreacht agus de chultúr na hÉireann” agus réimse mór logainmneacha fágtha gan bhailiú, dar le léarscáilí aitheanta.

Tá an léarscáilí Barry Dalby ag déanamh léarscáileanna de Ghaeltacht Thír Chonaill i láthair na huaire agus dúirt sé ina dhialann oibre go bhfuil an t-ualach oibre atá air i bhfad níos troime mar gheall ar an “neamhaird” atá déanta ag an stát de bhailiú logainmneacha le naoi scór bliain.

Dúirt sé gur bhreá leis dá mbeadh bunachar cuimsitheach mion-logainmneacha ann agus go bhféadfadh léarscáilí tarraingt ar an mbunachar sin agus léarscáil á dearadh aige, ach “nach mar sin atá” in Éirinn.

“Ar chúis éigin nach féidir a mhíniú, tá an stát, na scórtha blianta tar éis saoirse na hÉireann a bhaint amach, tar éis neamhaird den chuid is mó a dhéanamh den ghné thábhachtach seo dár n-oidhreacht agus dár gcultúr.

“Shílfeá gur socraíodh ceist na logainmneacha don stát sna 1840idí agus nach bhfuil le déanamh anois ach leaganacha oifigiúla Gaeilge a chinntiú don fho-thacar beag [small subset] seo den iomlán.

“Déarfar gur cheart ainm ar leith a thabhairt ar shruthán ar leith ar léarscáilíocht de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis, a fhad is atá neamhaird á déanamh den iliomad sruthán atá taobh leis a bhfuil ainmneacha orthu atá in úsáid ag muintir na háite leis na glúinte,” a dúirt Dalby.

Dúirt sé gurb í a thuiscint féin mar léarscáilí go bhfuil “dualgas” air mar léarscáilí taighde a dhéanamh faoi na logainmneacha chomh maith le ‘sonraí na talún’ a chur ar fail “go cruinn”.

“Tá mé sa bhaile arís ó chúpla lá eile i mbun obair pháirce i nDún na nGall, an geábh seo ba ag fiosrú logainmneacha áitiúla den chuid ba mhó a bhí mé. Measaim gurb é dualgas mo chuid oibre mar léarscáilí ní hamháin sonraí na talún a thaifeadadh go cruinn ach taighde a dhéanamh faoi na logainmneacha, na lipéid sin a chuirimid ar an tírdhreach.

“Dá mbeadh an saol ina cheart bheadh na logainmneacha seo ar fad bailithe cheana féin agus ní bheadh ormsa, an léarscáilí, ach na cinn atá uaim a roghnú don léarscáil atá i gceist. Ach ní hin mar atá,” a dúirt Dalby.

Dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc “nach mbaineann leaganacha Béarla de logainmneacha leis an mBrainse Logainmneacha ar chor ar bith” agus nach bhfuil “cúram léarscáilíochta” ar an mBrainse ach an oiread.

“Is í an phríomhfheidhm atá ag an mBrainse Logainmneacha ná taighde a dhéanamh ar logainmneacha agus mionainmneacha na hÉireann, mar atá luaite i dtéarmaí tagartha an Choimisiúin Logainmneacha,” a dúradh i ráiteas a chuir an Roinn ar fáil.

Dúradh gurb í obair an Choiste Logainmneacha [mar a thugtar anois ar an gCoimisiún] “scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann” idir “ainmneacha bailte fearainn, paróistí, barúntachtaí, dúichí agus limistéir eile tíre”, chomh maith le “ainmneacha postbhailte, sráidbhailte, mórbhailte agus cathracha”.

Tá cúram ar an gCoiste chomh maith “ainmneacha príombhall” eile a scrúdú agus cuardach a dhéanamh “do cheartfhoirmeacha bunaidh Gaeilge” na n-ainmneacha sin “sa mhéid is go raibh ainmneacha sa Ghaeilge orthu agus gur féidir iad sin a dheimhniú”.

Dúirt urlabhraí na Roinne gurb í an dara “príomhfheidhm” atá ag an gCoiste Logainmneacha ná liostaí de na hainmneacha sin a scrúdaíodh a ullmhú, mar aon lena bhfoirmeacha Gaeilge, “chun a bhfoilsithe agus chun a n-úsáidte go hoifigiúil”.

Is é an cur síos atá ar an bhfocal ‘logainm’ in Acht na dTeangacha Oifigiúla ná “ainm aon chúige, contae, cathrach, baile, sráidbhaile, barúntacht, paróiste, nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), dúiche, limistéir nó áite, mar a thaispeántar ar léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann”.

“Cé nach gclúdaíonn na téarmaí tagartha [atá ag an gCoiste Logainmneacha] nó ar ndóigh an cur síos ar logainm mar atá [san Acht] gach cineál logainm sa tír, tá os cionn 75,000 logainm san áireamh ann. Mar sin, cé gur ann don a thuilleadh logainmneacha nach iad, níor chóir ‘small subset’ a thabhairt ar a oiread sin logainmneacha,” a dúradh.

Tagraíodh don obair a bhí ar bun ag an gCoimisiún Logainmneacha ó bunaíodh in 1946 é agus dúradh gur iarradh ar an bpobal “a dtuairimí agus eolas breise ar bith a roinnt leis an gCoimisiún” faoi na logainmneacha a bhí ar fáil sna foilseacháin Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist i gCúige Chonnacht (1960), Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist i gCúige Mumhan (1960), Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist i gCúige Uladh (1962), agus Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist i gCúige Laighean (1964).

Luadh i ráiteas na Roinne freisin na horduithe logainmneacha a d’fhoilsigh an tAire Gaeltachta, go háirid tar éis d’Acht na dTeangacha Oifigiúla a theacht i bhfeidhm scór blianta ó shin.

“Ina measc siúd tá orduithe logainmneacha do chontaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Thiobraid Árann, Lú, Luimnigh, Chill Chainnigh, Uíbh Fhailí agus Mhuineacháin. Is é sin, tuairim is 9,920 logainm san iomlán. Sa mhullach air sin, foilsíodh dhá ordú logainmneacha don Ghaeltacht ina bhfuil os cionn 8,000 logainm, idir ainmneacha na n-aonad riaracháin agus mionainmneacha agus roinnt acu siúd nach bhfuil le fáil ar léarscáil ar bith fiú,” a dúradh.

Tugadh le fios gur bhfuil “os cionn 43,000 logainm oifigiúil ina n-iomlán curtha ar fáil don phobal agus don Stát ó bunaíodh an Brainse Logainmneacha” i 1946.

“Ach ní hé sin deireadh le scéal an Bhrainse Logainmneacha ná le dílseacht an Stáit do logainmneacha. Tá a mhacasamhail de logainm.ie .i. meitheal.logainm.ie maoinithe ag an Roinn chun mionlogainmneacha (de bhunús Gaeilge den chuid is mó) a bhailiú ón bpobal. Is léir go bhfuil an-rath ar an tionscadal sin, agus os cionn 59,000 iontráil cruthaithe.

“Níl stádas oifigiúil ag na logainmneacha a chláraítear ar Meitheal Logainm, áfach, agus is lena gcaomhnú agus lena bhfoilsiú mar acmhainn taighde a chuirtear ar fáil iad. Táthar ag súil go mbeidh deis an mBrainse Logainmneacha maoirsiú agus anailís cheart a dhéanamh ar an gcnuasach mion-ainmneacha seo amach anseo,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Fág freagra ar '‘Neamhaird’ déanta ag an stát ar ‘réimse mór logainmneacha’ – léarscáilí'

  • Seán Ó Donnchaidh

    Fuaireamar léargas iontach ar obair an Choimisiún/an Choiste ar imeall na hArdFheise (Conradh na Gaeilge) nuair a thug an Dr Conchubhar Ó Crualaoich léacht mar gheall ar logainmneacha Co Loch Garman i Mí Feabhra i leabharlann Bhaile Loch Garman.