Tá sé ráite ag Sinn Féin go bhfuil “ceisteanna le freagairt” ag Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maidir le húsáid agus forbairt na hintleachta saorga.
Tá Údarás na Gaeltachta i mbun próisis chun uirlis nua intleachta saorga a bheidh dírithe ar an nGaeilge a fhorbairt ach deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil níos mó eolais ag teastáil maidir le céard go díreach a bheidh i gceist.
Anuraidh a d’fhógair an tÚdarás go raibh siad ag tabhairt faoin uirlis nua, ArdIntleacht (AI) na Gaeilge, a fhorbairt.
Tá sé i gceist seirbhísí aitheanta agus sintéise cainte ‘Gaeilge go Gaeilge’ a fhorbairt faoi dheireadh na bliana 2026. Táthar ag súil go mbeifear in ann an uirlis a úsáid le táirgí intleachta saorga atá ann cheana féin agus go gcuirfear na seirbhísí ar fáil sna canúintí difriúla.
Beidh an tÚdarás ag brath ar fhorbróirí seachtracha chun an uirlis a fhorbairt i gcomhar le Roinn na Gaeltachta ach deir Aengus Ó Snodaigh nach bhfuil aon chinnteacht ann go fóill cé aige a bheidh seilbh ar an uirlis nuair a bheidh sí críochnaithe, cé a mbeidh seilbh acu ar chearta na sonraí a chuirfear isteach is a eascróidh ón uirlis nó fiú an gcuirfear an uirlis ar fáil saor in aisce don phobal nuair a bheidh sí críochnaithe.
“Tá ceisteanna le freagairt ag an Roinn agus ag an Údarás maidir le forbairt na huirlise ardintleachta agus an próiseas do thairiscintí tosaithe i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus 2026 mar spriocdháta, in ainneoin a laghad eolais atá ag an Roinn faoi cad a bheidh i gceist go fóill,” ar sé.
Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an uirlis intleachta saorga nua ar bun faoi láthair.
“Nuair a bheidh tuilleadh forbartha déanta ar an taighde sin, déanfar plé agus cíoradh breise idir na páirtithe leasmhara ábhartha ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an ábhar seo, na ceisteanna atá tarraingthe anuas ag an Teachta ina measc.” a dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary.
“Táim ag súil go ndéanfar dul chun cinn suntasach ar an obair thábhachtach seo as seo go deireadh na bliana.”
Tá sé ráite cheana ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, go raibh cúpla rogha ann maidir le forbairt na huirlise. Dá mbeadh uirlis forbartha cheana féin ag comhlacht, d’fhéadfaí ceadúnas a fháil chun í a úsáid. Rogha eile a bheadh ann ná comhlacht a fháil chun uirlis nua a fhorbairt. Bheadh costas níos mó ag baint leis an dara rogha sin ach bheadh an mhaoin intleachtúil i seilbh an Údaráis, a dúirt Ó Síocháin.
Bhí conspóid ann le deireanaí faoi úsáid na hintleachta saorga i bhfeachtas fógraíochta de chuid Údarás na Gaeltachta.
Dhiúltaigh an tÚdarás líomhaintí, gur baineadh úsáid as AI chun íomhánna don fheachtas a ghiniúint, a dhearbhú ná a bhréagnú.
D’fhiafraigh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh den Aire Dara Calleary ar chóir d’eagrais stáit atá faoi chúram a Roinne saothar ghrianghrafadóirí nó ealaíontóirí na hÉireann a úsáid i bhfeachtais fógraíochta seachas an intleacht shaorga.
Dúirt an tAire gur comhlacht reachtúil neamhspleách a bhí san Údarás agus nach raibh aon ról aigesean in obair laethúil an Údaráis, feachtais mhargaíochta san áireamh.
“É sin ráite, tá cóip de Threoirlínte an Rialtais maidir le hÚsáid na hIntleachta Saorga sa tSeirbhís Phoiblí a foilsíodh le fíordhéanaí seolta ag mo Roinn chuig an Údarás le cur i bhfeidhm san eagraíocht,” a dúirt an tAire.
Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt ag an Roinn agus Údarás na Gaeltachta faoi úsáid agus forbairt an AI – Sinn Féin'