Ní bheidh tada éasca ag na Cúigí an babhta seo

Cúige Mumhan is túisce a bheas ag dul chun páirce anocht agus dúshlán mór le sárú acu i nGlaschú

Ní bheidh tada éasca ag na Cúigí an babhta seo

Cruthaíonn an chríoch dhíomách a tháinig le hiarrachtaí na hÉireann i gcomórtas na Sé Náisiún sa Róimh seachtain ó shin deacrachtaí d’fhoireann bainistíochta an URC agus iad ag iarraidh suim a chothú i mBabhta 13 den chomórtas. Ní hamháin sin ach is as baile a bheas na cúigí ar fad ag imirt an deireadh seachtaine seo.

Cúige Mumhan is túisce a bheas ag dul chun páirce anocht agus dúshlán mór le sárú acu i nGlaschú i gcoinne fhoireann na cathrach sin atá sa dara háit ar thábla an chomórtais, trí áit agus aon phointe dhéag chun cinn ar na Muimhnigh. Beidh an dá fhoireann ag iarraidh an lagiarracht sa mbaile a bhí acu i mBabhta 12 a chur as a gcloigeann. Chaill Glaschú i gcoinne na nOspreys, foireann atá san 11ú háit, sa gcluiche sin agus bhí Cúige Mumhan fíorlag ar fad i gcoinne Dhún Éideann i gCorcaigh. Ní bheidh sé éasca ag na Muimhnigh agus iad buailte ag liosta fada imreoirí gortaithe.

Ní bheidh tada éasca ag baint leis an gcuairt dhá chluiche atá á tabhairt ag Cúige Laighean ar an Afraic Theas. Is i gcoinne na mBulls agus iad ag imirt ar thalamh ard i bPretoria a bheas siad amárach. Cé nach bhfuil ach dhá áit idir na foirne seo, Cúige Laighean ar bharr an tábla agus na Bulls sa tríú háit, tá sé phointe dhéag eatarthu, rug a fhágann go bhfuil compoird áirithe ag foireann Átha Cliath maidir lena seasamh ar an tábla fiú má chailleann siad an dá chluiche san Afraic Theas, ceann an lae amárach san áireamh.

Más foirne atá gar do bharr thábla an URC a bheas ag tabhairt faoina chéile sa Afraic Theas, beidh dhá fhoireann atá ag a íochtar, na Dragons atá sa 16ú háit agus Cúige Uladh atá sa 14ú háit, i gcoinne a chéile sa mBreatain Bheag. Ní raibh ach bua amháin ag na Dragons sa gcomórtas go dtí seo rug a fhágann gurb iad na hUltaigh rogha na coitiantachta. Is deacair easaontú leis sin.

Sa mBreatain Bheag a bheas na Connachtaigh amárach agus iad i gcoinne na nOspreys, foireann a bheas lán de mhuinín agus de dhóchas ón gcluiche sin i gcoinne Ghlaschú i mBabhta 12. Mar sin féin is deis é seo do Chúige Chonnacht iad féin ardú suas an tábla. Tá mise ag tabhairt seans dóibh.

Fág freagra ar 'Ní bheidh tada éasca ag na Cúigí an babhta seo'