Cruinniú poiblí beartaithe sa Ghaeltacht le ‘easpa tacaíochta’ aimsir na Stoirme Éowyn a phlé

Réab an Stoirm Éowyn an tír ar an 24 Eanáir agus d’fhág sí fíor-dhrochbhail ar cheantair Ghaeltachta na Gaillimhe

Cruinniú poiblí beartaithe sa Ghaeltacht le ‘easpa tacaíochta’ aimsir na Stoirme Éowyn a phlé

Reáchtálfar cruinniú poiblí i nGaeltacht Chois Fharraige an mhí seo chugainn le “plean gnímh éigeandála” a chur le chéile mar gheall ar na “bearnaí suntasacha sa tacaíocht” a bhí ar fáil do mhuintir na háite tar éis na Stoirme Éowyn.

Réab an Stoirm Éowyn an tír ar an 24 Eanáir agus d’fhág sí fíor-dhrochbhail ar cheantair Ghaeltachta na Gaillimhe. Bhí roinnt daoine gan leictreachas ar feadh coicíse i ndiaidh na stoirme agus tá áiteanna eile ann atá fós gan ceangal idirlín mar gheall ar an damáiste a rinneadh.

Deir ag grúpa atá ag eagrú an chruinnithe go raibh “an-imní” ar an bpobal faoin “easpa tacaíochta comhordaithe” a bhí ar fáil tar éis na stoirme “go háirithe do na daoine is leochailí” sa cheantar.

“D’éirigh le go leor grúpaí pobail cúnamh de chineál éigin a chur ar fáil in Uachtar Ard, ar an gCeathrú Rua agus go leor áiteanna eile nuair a bhí a fhios nach raibh cumhacht aibhléise ná comharthaí fón póca ar fáil ach fágadh pobal cheantar Chois Fharraige gan tacaíocht de chineál ar bith.

“Tá sé riachtanach go gcuirtear tacaíocht ar fáil don phobal in am an ghátair agus caithfear a chinntiú nach bhfágfar aon duine gan chabhair má tharlaíonn a leithéid arís,” a dúirt ‘Coiste Gnímh Chois Fharraige’ i ráiteas.

Táthar ag súil go n-aithneofar ionaid phobail ar féidir leo feidhmiú mar “mhoil éigeandála” agus iad a “fheistiú i gceart” le go mbeifear in ann “nithe bunúsacha” a sholáthar iontu dá mbeadh macasamhail Éowyn ann arís.

Breathnófar freisin ar na bealaí ar féidir “spás te sábháilte” a sholáthar ina bhféadfadh daoine gutháin a luchtú agus tacaíocht a fháil, chomh maith le gineadóirí a fháil le haghaidh teasa, le cumhacht a thabhairt do threalamh leighis, agus seirbhísí riachtanacha eile a chothabháil. Tá súil ag an ngrúpa forálacha a dhéanamh le cistineacha i bhfoirgnimh phoiblí a chur ar fáil le béilí te a réiteach.

“Tuigtear ar ndóigh go raibh dúshláin le sárú ag eagraíochtaí pobail ar fud na tíre tar éis na stoirme. Mar sin féin, d’éirigh le 230 pobal ar fud na tíre moil áitiúla a bhunú chun freastal ar na daoine is leochailí.

“Tá sé ríthábhachtach go mbunófaí straitéis géarchéime ar bhonn práinne i gCois Fharraige in éineacht le grúpaí áitiúla le go mbeifear réidh má tharlaíonn a leithéid arís,” a dúirt an grúpa.

Scríobh baill an choiste chuig ionadaithe poiblí cheana féin lena n-imní a léiriú faoin gcaoi ar fágadh an pobal i ndiaidh na stoirme agus tugadh cuireadh dóibh a bheith i láthair ag an gcruinniú. Tá súil ag an ngrúpa go bhfreastalóidh ionadaithe ó Chomharchumann Shailearna, Tearmann Éanna agus Údarás na Gaeltachta ar an gcruinniú freisin.

Beidh an cruinniú ar siúl ag 19:30, an 3 Márta i Scoil Sailearna sna hAille in Indreabhán.

Fág freagra ar 'Cruinniú poiblí beartaithe sa Ghaeltacht le ‘easpa tacaíochta’ aimsir na Stoirme Éowyn a phlé'

  • An Teanga Bheo

    “ach fágadh pobal cheantar Chois Fharraige gan tacaíocht de chineál ar bith”
    Bhí an stoirm ar fud Connemara ar fud na Gaeltachta tá sé sin le rá go fírinneach i mar an chéile muid thiar soir thuaidh theas

  • Proinsias

    Teideal breá leathan is ea ‘Coiste Gnímh Chois Fharraige’. Tá súil agam go bhfuil níos mó ná stoirmeacha ag dó na geirbe ag an ngrúpa seo.

  • Ciúnas

    An mbeidh cluasáin ann agus aistritheoir?