Baol ann go gcosnóidh beart a cuireadh i bhfeidhm Dé Céadaoin os cionn £200 milliún ar thionscal na turasóireachta i dTuaisceart Éireann. Tá Stormont agus lucht gnó ag tathant ar Roinn Gnóthaí Baile na Breataine eisceacht a dhéanamh i gcás Thuaisceart Éireann i ngeall ar na cúinsí speisialta a bhaineann le turasóireacht uile-Éireann.
Faoi riail nua chun teorainneacha na Ríochta Aontaithe a chosaint ní mór do chuairteoirí chuig Tuaisceart Éireann ríomhcheadúnas taistil a bheith acu mura bhfuil gá acu le víosa. Ón 8 Eanáir ní mór do dhaoine nach bhfuil ceart cónaithe acu san Ríocht Aontaithe, gur ó chríocha lasmuigh den Eoraip iad ETA (electronic travel authorisation) a bheith acu; tá 48 tír i gceist. Ón 2 Aibreán beidh an ríomhcheadúnas riachtanach do mhuintir na hEorpa freisin. Ní bhaineann an ceadúnas seo le héinne a bhfuil pas de chuid na hÉireann nó na Breataine aige.
Tá costas £10 an duine ar an gceadúnas a mhaireann dhá bhliain le haghaidh iliomad turas. Ar chéad amharc ní beart anróiteach é. Níl sé ródhaor agus ní thógfadh sé ach cúpla nóiméad ar líne sula bhfágann duine baile a fhágáil. Tá a leithéid de riachtanas ag go leor tíortha. Ach an ndéanfaidh daoine cinneadh nach fiú an tairbhe an trioblóid?
Údar mór imní é abhus, faitíos ar lucht gnó go gcuirfidh an costas agus an maorlathas isteach ar an sruth turasóirí a thagann aneas thar teorainn. Gnó uile-Éireann atá sa turasóireacht de dheasca Chomhaontú Aoine an Chéasta, Turasóireacht Éireann/Tourism Ireland freagrach as cur chun cinn an oileáin ar fad thar lear. Tagann breis is seachtar as gach deichniúr de thurasóirí an Tuaiscirt tríd an bPoblacht, an chuid is mó ag sroicheadh na tíre trí aerfort Bhaile Átha Cliath. Is fiú timpeall £210 milliún sa bhliain an teacht isteach abhus ón 70% sin.
Bhí an tionscal ag fás sa tréimhse iarphaindéime agus súil ag lucht gnó lena thuilleadh feabhais i mbliana. Maíonn an tAire Eacnamaíochta in Stormont, Conor Murphy go bhféadfadh an ETA seo scrios a dhéanamh ar an tionscal abhus agus go bhfuil contúirt ann go mbeadh drogall ar oiread sin turasóirí ón iasacht déileáil le rialacha nua nach dtiocfaidís aneas.
Sa chás sin dhéanfaí creimeadh ar an bhfás a tharla ó 1998. D’iarr sé ar an Roinn Gnóthaí Baile in Westminster an riail a chur ar ceal anseo d’éinne nach mbeadh ag dul ar aghaidh chun na Breataine Móire. Mura ndéanfaí é sin chuideodh eisceacht a cheadódh do thurasóir suas le seacht lá a chaitheamh abhus, dar leis.
Deir an tAire agus ionadaithe an tionscail go bhfuil fianaise acu a chruthaíonn an dochar a dhéanfaí. Léirigh taighde a rinne Turasóireacht Éireann gur dhúirt duine as ceathrar san Eoraip agus duine as cúigear i Meiriceá nach dtiocfadh siad anseo de bharr an riachtanais ceadúnas a fháil.
Ní hamháin go gcuireann an beart seo an teacht isteach £210 milliún sa bhliain i mbaol dar le príomhfheidhmeannach ionad an Titanic, Judith Owens, cathaoirleach chónaidhm turasóireachta Thuaisceart Éireann ach laghdaíonn sé mealltacht an Tuaiscirt do thurasóirí idirnáisiúnta.
Níl sna turasóirí ón iasacht go Tuaisceart Éireann ach 1% de líon na gcuairteoirí idirnáisiúnta chun na Ríochta Aontaithe, dar le Owens agus í ag tacú le héileamh an Aire ar dhíolúine nó eisceacht chun todhchaí an tionscail a shábháil.
Ní sa Tuaisceart amháin a d’fhéadfadh an ETA buille a thabhairt do lucht turasóireachta. Is iomaí gnólacht ó dheas a ritheann turais thar teorainn do chuairteoirí ón iasacht. Is minic na scuainí busanna ón deisceart le feiceáil ar a mbealach chuig láthair Game of Thrones, nó chuig Clochán an Aifir, Doire nó Béal Feirste. Má roghnaíonn a gcustaiméirí fanacht glan ar an Tuaisceart – nó gan a theacht go hÉirinn ar chor ar bith – beidh cailliúint mhór i gceist. Ina theannta sin an mbeidh ar eachtrannaigh ETA a fháil chun taisteal ar bhus (nó carr) tríd an Tuaisceart go Dún na nGall?
Ní nach ionadh, i bhfianaise a seasamh i leith an Bhreatimeachta, níl aontachtaithe corraithe faoin riail nua (iarmhairt an Bhreatimeachta) ach admhaíonn roinnt go príobháideach gur ‘dócha gur constaic í’. Ba é an rialtas Caomhach a rith an reacht iarBhreatimeachta maidir le cosaint na dteorainneacha ach tá an Lucht Oibre ag cloí leis. Níl sé soiléir go bhfuil mórán airde acu ar fhreasúra fhormhór na bpáirtithe in Stormont agus tionscal na turasóireachta in iomláine.
Seans go bhfuil siad chomh cleachta sin ar Stormont agus páirtithe leasmhara eile abhus a bheith ag déanamh scéal chailleach an uafáis de gach céim a bhaineann le hairgead go bhfuil siad dall ar na ciallachais. Ba cheart dóibh éisteacht – ní dúshlán dofhuascailte é scéim shaincheaptha a dhréachtú a aithníonn an difríocht idir riachtanais Thuaisceart Éireann agus cinn na Breataine Móire.
Fág freagra ar 'Turasóireacht sa Tuaisceart faoi bhrú ag maorlathas na Breataine'