Shéalaigh Ethel Kennedy le déanaí, an duine deireanach a bhí nasctha go dlúth le ‘Camelot’. Le himeacht na mblianta, tá siadsan uilig imithe ar shlí na firinne. Feallmharaíodh an rí ar Camelot, an tUachtarán John Fitzgerald Kennedy i 1963. Feallmharaíodh an Seanadóir Robert Kennedy, a bhí ag fiach ar an Uachtaránacht, i 1968. Bhásaigh an tríú duine de na deartháireacha, an Seanadóir Ted Kennedy in 2009. Bhásaigh bean chéile an Uachtaráin, Jacqueline Kennedy Ornasis i 1994 agus tá an iliomad tragóid tarlaithe den treibh in imeacht na mblianta.
Bhí crógacht, aoibhneas agus tragóid ag baint le ‘Camelot’. Ba iad sliocht na hÉireann a bhí í gceartlár na tréimhse sin i dtús na 1960idí.
Bhí Ethel Kennedy ina baintreach le 56 bliain. Bhí sí le taobh a fir chéile, Robert Kennedy, nuair a feallmharaíodh é in Óstán an Ambassador i Los Angeles ar an 5 Meitheamh 1968. Cá bhfios cén t-athrú a bheadh ar an domhan murach an feallmharú sin? Cá bhfios céard a bhí i ndán d’Ethel Kennedy murach gníomh brúidiúil Sirhan Sirhan? Bhí seans réadúil aice a bheith sa Teach Bán agus seans ann go ndéanfaí ríocht na gCinnéideach a athbhunú.
Ba é an scríbhneoir Theodore H. White a chuir an branda Camelot ar bhlianta na gCinnéideach sa Teach Bán. Thug Jacqueline Kennedy suntas ar leith don téarma sin agus d’úsáid sí é ina cuid tagairtí don Uachtarán Kennedy. Fanann sé sa gcaint fós – Camelot, ach tá an ceangal daonna briste anois.
Ethel Shakel a bhí ar bhean chéile Robert Kennedy sular phós sí. I Chicago a rugadh í do George agus Ann Brannack. Bhí saibhreas ina teaghlach; i dtionscal an ghuail a rinne George Skakel an t-airgeadmór. Caitlicigh láidre a bhí iontu agus choinnigh Ethel an creideamh go láidir go lá a báis.
Bhunaigh Ethel Kennedy an ‘Robert Kennedy Centre for Justice and Human Rights’ agus choinnigh sí uirthi ag tacú leis na haidhmeanna sin i gcaitheamh a saoil. Bhí sí gníomhach freisin i bhfeachtais in aghaidh chultúr na ngunnaí i Meiriceá, agus in iarrachtaí ar mhaithe leis an timpeallacht.
Ar ndóigh, is iomaí sin scéal agus is iomaí sin léamh atá ar shaol agus ar shaothar na gCinnéideach.
Tharla sé go raibh mé in Ionad Cuimhneacháin an Uachtaráin John F. Kennedy i mBoston lá in 2017 nuair a seoladh leabhar ina raibh cur síos ar an triúr deartháireacha John F., Robert agus Ted Kennedy. Fear a raibh lámh mhór aige sa bpáirtí Daonlathach, Gerard Doherty, a scríobh an leabhar sin.
Teideal an leabhair sin They Were My Friends – Jack, Bob and Ted. Bhí comhlacht dlí ag Doherty agus rinne sé forbairt freisin ar scéimeanna móra tógála. Bhí sé ina chomhairleoir ag na Cinnéidigh agus ag beirt Uachtarán eile, Johnson agus Carter. Bhí go leor ar eolas aige agus ba léir go raibh fios aige ar go leor eile nár luaigh sé. Mar shampla, an faisean a bhí ag na deartháireacha a bheith taobh amuigh den chlaí ó thaobh caidrimh le mná.
Ach ní taobh le Doherty a d’fhág cuid de scéal na gCinnéideach go leataobh. Mar shampla amháin, ní fhéadfadh iriseoirí na linne sa Teach Bán a bheith dall ar an ábhar sin.
Tuigtear go maith anois go raibh fios ag Ethel Skakel faoin gcaidreamh a bhíodh ag Robert Kennedy le go leor ban. Bhí sí in aon lóistín amháin in éineacht le deirfiúr Robert Kennedy – Jean Kennedy – agus í ag freastal ar Choláiste Manhattanville i Nua-Eabhrac. Ba ansin a chur sé aithne ar Robert Kennedy agus phósadar go hóg. Bhí aon duine dhéag clainne acu. Rugadh an duine deireanach acu, Rory, tar éis bhás Robert Kennedy.
Luaitear Robert Kennedy le go leor ban agus é pósta le Ethel. Go deimhin tá an caidreamh atá ceaptha a bheith idir é féin agus Jacqueline Kennedy ar cheann de na ceangail ba mhó a tharraing caint. De réir scéalta áirithe, bhí an caidreamh sin ar bun ó 1964 go 1968 nuair a feallmharaíodh Robert Kennedy. Tá pictiúir ag dul anonn agus anall fós a thaispeánann Robert agus Ethel Kennedy ag siúl amach as teach in éineacht agus Robert ag breathnú siar uaidh agus meangadh gáirí ag dul anonn agus anall idir eisean agus Jacqueline Kennedy, a bhí fós ina seasamh sa doras.
Is beag tagairt ariamh a rinne Ethel Kennedy go poiblí faoi fheallmharú a fir chéile, an Seanadóir Robert Kennedy. De réir scéil, is beag a dúirt sí faoi go príobháideach ach an oiread. Ach nuair a bhí caint ann go ligfí saor a dhúnmharfóir, Sirhan Sirhan, labhair sí amach ina aghaidh sin. Shocraigh an bord stiúrtha príosúin i gCalifornia ina dhiaidh sin, go gcoinneofaí Sirhan i bpríosún, áit a bhfuil sé fós.
Bhí baint ag cuid dá clann leis an bpolaitíocht, ina measc Joseph Kennedy a chaith tamall ina Fheisire Comhdhála as Massachusetts. An rud is iontaí, b’fhéidir, faoina clann faoi láthair ná beart a mic, Robert F Kennedy. Rinne sé iarracht a bheith ina iarrthóir Uachtaránachta ag na Daonlathaigh, ansin chuaigh sé neamhspleách, agus mí Lúnasa i mbliana d’éirigh sé as an bhfeachtas agus d’fhógair a thacaíocht don iarrthóir Poblachtánach Donald Trump.
Cháin cuid dá dheartháireacha agus a dheirfiúracha an beart sin go poiblí. Níl a fhios againne cén dearcadh a léirigh Ethel Kennedy faoin gcaoi ar chas a mac ar a sháil sa bpolaitíocht – sin má thug sí aon aird ar an scéal. Bhuail stróc í le gairid agus níor fheabhsaigh a sláinte ina dhiaidh sin.
Ba bhean í Ethel Kennedy a bhí molta go forleathan sna Stáit Aontaithe. Thug sé léi uacht ollmhór agus is iomaí buille pearsanta a fuair sí. Bhí sí ar dhuine de na príomh-aisteoirí sa dráma siúd, Camelot.
Fág freagra ar 'Slán le Camelot – Ethel Kennedy an duine deireanach ó ré ar leith'