Don té a mhair le linn ré na ngrúpscéimeanna uisce (mise), is cúis mhór iontais iad na seilfeanna sna hollmhargaí, nach bhfuil orthu ach buidéil uisce. Tá dhá dhream sa tír anois – iad sin a mbíonn buidéal uisce á iompar acu gach áit agus an dream a bhfuil cuimhní láidre acu ar an tobar.
Bhí mé ag caint an lá cheana le comharsa atá i mbun cúrsa ealaíne. Tá spéis ar leith aici san adhmad – bíonn sí de shíor ag cuartú géaga agus blocanna adhmaid a mbíonn cruth ealaíonta orthu.
Nuair a thug mé géag i bhfoirm ‘Y’ faoi deara sa halla aici an lá faoi dheireadh dúirt mé gur chuir sé aimsitheoir uisce i gcuimhne dom. ‘Agus céard é sin?’ a d’fhiafraigh sí díom.
‘Nach as contae Longfoirt tú?’ a d’fhreagair mé. ‘Ná hinis dom nach raibh oraibh fear a híreáil riamh chun uisce a aimsiú?’ Bhuel, ní raibh.
Agus cheap sí gur mhór an chúis iontais é go mbeadh duine in ann uisce a aimsiú le collóir. Sin é a bhí orainne a dhéanamh na blianta ó shin, nuair a bhí cónaí orm sna Forbacha agus ní raibh an ghrúpscéim uisce tagtha chomh fada linn fós.
Cuimhním ar an tobar a rinne muid agus ar an tobar eile a bhí ann go nádúrtha ó dheas de Choláiste Chonnacht agus a bhí in úsáid ag go leor de mhuintir na háite go dtí gur thug an comharchumann, nó b’fhéidir an Chomhairle Chontae, an t-uisce go dtí an ceantar.
Bhíodh bairille uisce ann i gcónaí ar chúl an tí – bailíodh uisce na báistí ann. Sin rud eile atá ag imeacht as amharc, feictear dom. B’fhéidir go gceapann daoine go bhfuil siad dainséarach agus páistí beaga ag dul thart.
Agus cé go mb’fhéidir go gceapfá nach raibh aon difríocht idir cineálacha uisce, mheas muide i gcónaí gur fearr an jab a rinne an t-uisce báistí ar do ghruaig. Bhí beagán dua ag baint lena théamh – ar an tine oscailte, nó ar an sorn agus ansin chaithfeá a bheith cúramach agus tú á dhoirteadh isteach sa mbáisín.
Ní dhearnadh tae ná tada eile mar é leis an uisce sin. Agus cé nach raibh aon tuiscint ná eolas foirmiúil againn faoina raibh san uisce céanna, bhí a fhios go raibh sé difriúil ón uisce a tháinig ón tobar.
Cá as a dtagann an smaoineamh anois go bhfuil an t-uisce a thagann as an sconna sa chistin sábháilte? Glacann muid leis, ar an mórgóir go bhfuil. Faoi thús an fhichiú haois, i bhformhór thíortha na hEorpa agus i dTuaisceart Mheiriceá, bhí an t-uisce sna bailte sábháilte den chuid is mó. Ar a laghad bhí na haicídí agus na galraí a bhain le huisce ‘truaillithe’ glanta amach agus ba i dtíortha ‘neamhfhorbartha’ a tharla na fadhbanna móra ar nós an ‘calar.’
In alt a léigh mé le gairid, chuir cúpla rud a bhain le scéal an uisce iontas orm. Is ar éigean go gceannaím féin aon bhuidéal uisce. Corruair nuair a thagann duine chun dinnéir, seans go gceannóidh mé buidéal nó dhó a bhfuil gás nó súilíní ann. Ní cheapaim féin go bhfuil aon saintréith speisialta ag baint leis an ngás – glacaim leis gur sa mhonarcha próiseála a chuirtear an gás tríd.
Ach is ball de mhionlach beag bídeach mé sa domhan ‘forbartha’ is cosúil. De réir an ailt sin a léigh mé, arbh léirmheas ar leabhar é, is fiú $300 billiún an tionscal uisce buidéalaithe i mbliana. Faoin mbliain 2032 beidh ioncam de $600 billiún ag tionscal an uisce. Tá baint ag cuid de na comhlachtaí is mó ar domhan leis sin – Nestlé, Coca Cola, PepsiCo, Danone, agus (sa tSín) Tingyi/Master Kong.
Cén fáth a gceannódh éinne rud atá le fáil saor in aisce?
Sin ceist a chuirim orm féin gach uair a dtéim tríd an aerfort. Díreach le taobh na seilfeanna móra de bhuidéil phlaisteacha uisce ar chúpla euro an ceann, gheobhaidh tú sconna uisce glan. Is féidir ól as ar do chompord nó is féidir buidéal folamh a thug tú leat, a líonadh ann. Corrdhuine a bhaineann úsáid astu. Ní i mBaile Átha Cliath amháin atá siad- tá siad réasúnta forleathan. Agus an raibh a fhios agat gur féidir an t-uisce a ól as na fuaráin atá thart timpeall sa Róimh? Agus go bhfuil sé ina dhlí sa bhFrainc go gcaithfear crúsca uisce a chur ar an mbord i gcónaí, má tá tú ag ordú bia.
Ach ní dhéanfaidh Nestlé ná Coca-Cola na billiúin má thosaíonn sibh ar fad ar an gcraic sin.
Bíodh a fhios agaibh anois go bhfuil cineálacha éagsúla uisce ann agus go bhfuil riachtanais gach custaiméara á sásaimh ag na comhlachtaí uisce. Agus ag na comhlachtaí margaíochta.
Má cheannaíonn tú Uisce Nádúrtha Airtéiseach Fiji, gheobhaidh tú ‘uisce úr ón bhforaois bháistí, 1600 míle ón mór-roinn is gaire, áit a scagtar an bháisteach trí charraig aosta bholcánach.’ I Meiriceá gheobhaidh tú ‘Poland Spring,’ a ‘thabharfaidh ceacht réamhstaire duit, uisce fuar a tháinig ó ré na hoighearaoise.’ Is féidir leat ‘Inland Water’ a cheannach ón nGraonlainn, uisce a ‘tógadh ó oighear a bhí clúdaithe le os cionn 100,000 bliain…agus a choinnigh glan neamhthruaillithe é…an t-uisce is glaine agus is neamhphróiseáilte ar domhan.’
Chuir sé olc ar dhaoine le gairid sa bhFrainc nuair a fuaireadar amach gur cuireadh próiseas UV ar a gcuid uisce buidéalaithe ‘nádúrtha’ agus gur scagadh trí charbóin é.
Ceaptar go forleathan go bhfuil cumhachtaí leighis ag uiscí áirithe. Ach bíodh a fhios ag daoine anois gur frítheadh rudaí gránna ar nós micreaplaisteach, agus PFAS – ceimiceáin nach mbristear síos go ceann na gcéadta bliain, sna buidéil uisce a shantaíonn custaiméirí.
Agus toisc gur seanscéal anois é níor thagair mé do lucht na mbialann galánta a mholann uiscí éagsúla le haghaidh cúrsaí éagsúla bia. Faigheann na sommeliers uisce traenáil speisialta i gcomhair na hoibre seo. Níor mhaith leat go molfaidís uisce ón Astráil le dhul leis na hoisrí nuair a theastaigh uisce ón oighearshruth Artach uait.
Cúpla mí ó shin, cuireadh comhlacht nua ar bun agus thugadar 20 tonna sean-oighear ón nGraonlainn chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, áit a measadh gur chuir sé go mór leis na deochanna in ionad na gcinn eile a ‘d’athraigh blas na ndeochanna nuair a leáigh sé.’
Ach an raibh sé chomh maith le huisce Dhoire Locháin Thoir?
JP
Sár-aiste.
Amach as an sconna a ólaim féin mo chuid uisce de ghnáth.
Tugaim iontaoibh leis óir tá aithne mhaith agam ar an innealtóir sna hoibreacha uiscí in aice liom!
Seachnaím uisce i mbuidéal plaisteach ach amháin i gcás éigeandála.
Déanaim iarracht mhór saol gan plaisteach a chaitheamh ach tá sé nach mór do-dhéanta ar na saolta seo.
Deirtear go n-imríonn plaisteach an bhuidéil go díobhálach ar an uisce …go háirithe má bhíonn an ghrian ag scalladh air ar feadh i bhfad.
Chreidfinn é sin, ní gá ach é ‘bhlaiseadh.
Beirim fleasc beag liom féin uaireanta agus líonaim suas é nuair is gá.
Nach ait an rud é gur lúide an meas ag daoine ar an rud a fhaightear in aisce?
Luaigh tú an sconna ag an aerfort ach
féach na húlla breátha srl srl a fhágtar ag lobhadh ar an talamh agus sciob sceab acu ar na ‘pink ladies’ ón gcoigríoch san ollmhargadh…
nach mór an peaca é!
Bhí tobar againn sa bhaile agus uisce íonghlan álainn uaidh de shíor.
Is dócha gurbh iad na feithidí beaga gleoite a bhíodh ag snámhaíocht ar an dromchla faoi deara é!
Mairéad Ní Nuadháin
Míle buíochas!
MNíN