‘Meon an choilíneachais’ le sárú i gcónaí ag oibrithe Gaeilge

Léiríonn staidéar nua go mbíonn na daoine a chuireann seirbhísí óige ar fáil trí Ghaeilge ó thuaidh faoi mhíbhuntáiste mór i gcomparáid le daoine a dhéanann obair don aos óg trí Bhéarla

‘Meon an choilíneachais’ le sárú i gcónaí ag oibrithe Gaeilge

Bíonn ar oibrithe óige a bhíonn ag obair trí Ghaeilge sa Tuaisceart cur in aghaidh mheon an choilíneachais, an t-aineolas agus an leatrom, a deirtear i staidéar nua.

Léiríonn staidéar nua go mbíonn na daoine a chuireann seirbhísí óige ar fáil trí Ghaeilge ó thuaidh faoi mhíbhuntáiste mór i gcomparáid le daoine a dhéanann obair don aos óg trí Bhéarla.

Dúirt rannpháirtithe an taighde, atá foilsithe sa Journal of Language, Identity and Education, go mbíonn orthu cur suas go minic leis an easpa tuisceana ar thábhacht na Gaeilge a bhíonn ag údaráis phoiblí, institiúidí oideachais agus an pobal mór.

Údar “frustrachais” do na hoibrithe an easpa tuisceana seo agus an easpa acmhainní a bhíonn orthu.

Thug na rannpháirtithe le fios go mbíonn orthu cur suas leis an meon coilíneach ar bhealaí éagsúla “ón aineolas go dtí ionsaithe díreacha ina gcailltear poist”.

Deir údar an pháipéir taighde nua, Fionnghuala Nic Roibeaird, gur léiriú é cás na n-oibrithe óige a bhíonn ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn “ar fhírinne an choilíneachais atá fós beo” agus a n-éiríonn leis an teanga dhúchais agus riachtanais lucht a labhartha “a bhrú amach” ar mhaithe le clár polaitiúil an choilínigh a chur i bhfeidhm.

Moltar chomh maith i Community Discourses of Language Reclamation Through Irish Medium Youth Work go bhféachfaí ar an obair a bhíonn ar siúl ar son na teanga mar obair athghabhála teanga seachas a bheith ag caint ar athbheochan na Gaeilge.

Tugann ‘athbheochan’ le fios, a deirtear gurb amhlaidh go n-imigh an teanga “as úsáid”, dearcadh “a cheileann an ról a bhíonn ag an gcoilíneachas san aistriú teanga”.

Deir Fionnghuala Nic Roibeaird, mar léiriú ar oidhreacht an choilíneachais ba chóir féachaint ar na ciorruithe atá déanta ar an obair óige trí Ghaeilge sa Tuaisceart agus ar na deacrachtaí a bhíonn ag an earnáil.

Ba cheart, a deirtear, féachaint ar iarrachtaí na n-oibrithe óige féin teacht timpeall ar na deacrachtaí sin mar ghníomh díchoilínithe agus athghabhála teanga.

“Tá níos mó i gceist leis an obair óige trí Ghaeilge ná díreach obair óige a dhéantar i nGaeilge: is cuid ríthábhachtach í de ghluaiseacht athghabhála na Gaeilge a dhéanann iarracht spás a chur ar fáil inar féidir Gaeilgeoirí óga a chumasú ó thaobh na polaitíochta agus a bheith rannpháirteach sa phróiseas díchoilínithe atá fós ag dul ar aghaidh i dTuaisceart na hÉireann.”

Deirtear gurb é an toradh is mó sa taighde a thabharfadh “dóchas” do dhuine ná mar a d’éirigh leis na daoine óga seo cabhrú le hathnuachan na bpobal ina maireann siad.

In áiteanna a bhíonn faoi mhíbhuntáiste sóisialta is mó a bhíonn an obair trí Ghaeilge ar siúl, a deirtear, ceantair atá ina gceantair Chaitliceacha go traidisiúnta amhail Iarthar Bhéal Feirste, an Feabhal, agus Tuaisceart Bhéal Feirste.

Ba mhinic, a deirtear, go ndearna na daoine a cuireadh faoi agallamh don taighde ceangal idir an obair óige trí Ghaeilge agus an atógáil pobail.

Deir Nic Roibeaird go mbíonn cur chuige “neamheaglach” ag cainteoirí Gaeilge i dtaca leis an obair óige, cur chuige a thugann dúshlán an chórais pholaitiúil a dhéanann imeallú ar an aos óg.

Deir an t-údar go mbíonn an obair óige trí Ghaeilge ag tógáil ar obair cheannródaíocht gníomhaithe teanga an ghrúpa Pobal Feirste “a rinne ceangal idir an coilíneachas agus an éagóir shóisialta agus díchoilíniú agus an ceart sóisialta… agus a ghníomhaigh dá réir”.

Áitíonn Nic Roibeaird go dtuigeann daoine óga, a bhuíochas don obair óige trí Ghaeilge, nach ar mhaithe le cur le líon na gcainteoirí amháin a bhíonn an gníomhaíochas teanga ach go mbíonn ról aige chomh maith maidir le dul i ngleic leis an gcoilíneachas agus an dochar a rinne sé, an t-aistriú teanga san áireamh.

Fág freagra ar '‘Meon an choilíneachais’ le sárú i gcónaí ag oibrithe Gaeilge'