Folúntais: Cúntóir Pearsanta de Dhíth

Cúntóir Pearsanta de Dhíth Is fear i gcathaoir rothaí mé atá 26 bliain d’aois atá ag lorg cúntóir pearsanta chun cabhrú liom a bheith in ann maireachtáil go neamhspléach ar champas Mhaigh Nuad. Is duine réchúiseach cairdiúil mé a bhfuil féith an ghrinn agus an spraoi ionam. Is maith a d’oirfeadh an post seo do […]

Cúntóir Pearsanta de Dhíth

Is fear i gcathaoir rothaí mé atá 26 bliain d’aois atá ag lorg cúntóir pearsanta chun cabhrú liom a bheith in ann maireachtáil go neamhspléach ar champas Mhaigh Nuad. Is duine réchúiseach cairdiúil mé a bhfuil féith an ghrinn agus an spraoi ionam. Is maith a d’oirfeadh an post seo do mhic léinn nó dóibh siúd atá ag lorg obair pháirtaimseartha. Dáta tosaigh: Deireadh Lúnasa/Luath Meán Fómhair.

Dualgais

  • Ag cabhrú le tascanna a bhaineann le cúram pearsanta (gléasadh, cith a thógáil, bearradh gruaige)
  • Ag cabhrú le cócaireacht
  • Ag cabhrú le cúraimí tí

Uaireanta atá de dhíth

Luan go Céadaoin: 7-9am agus 7-10pm

Déardaoin go Domhnach- 7-9am agus 7-10pm 

Roinnfear an ról idir beirt iarrthóirí. Is féidir laethanta oibre a phlé. Is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh le haghaidh meascán de na laethanta agus na huaireanta oibre thuas.

Riachtanais

  • Taithí ar bith de dhíth. Cuirfidh mé fhéin agus an IWA oiliúint ort.
  • Scileanna cumarsáide/idirphearsanta maith
  • Féith an Ghrinn
  • A bheith in ann treoracha a leanúint
  • Meon oscailte
  • Ní mór a bheith poncúil
  • Caithfear rúndacht a choinneáil i gcónaí.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • €23- ráta pá bunúsach (x 1.5. Dé Domhnach x2 ar laethanta saoire poiblí)
  • Teidlíocht laethanta saoire agus breoiteachta tar éis bliain amháin
  • Deiseanna oiliúna agus forbartha
  • Scéimeanna VHI agus pinsin
  • Beidh ort dul faoi ghrinnfhiosrúcháin agus oiliúint ar láimhsiú

Iarratais chuig: rosspa1997@gmail.com