An Cheathrú Rua v Carna-Caiseal – cath Gaeltachta i gCraobh na Gaillimhe

San aon chluiche craoibhe sa pheil i nGaillimh an deireadh seachtaine seo, tabharfaidh An Cheathrú Rua agus Carna-Caiseal aghaidh ar a chéile i mbabhta a trí de Chraobh Shinsir na gClub

Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cé go bhfuil peileadóirí na Gaillimhe ag tabhairt aghaidhe ar Ard Mhacha i gcluiche tábhachtach craoibhe inniu, is ar Staid an Phiarsaigh a bheidh aird go leor daoine i gConamara tráthnóna, mar a mbeidh dhá fhoireann Ghaeltachta a fhéachaint le chéile i gCraobh Pheile na Gaillimhe.

Beidh An Cheathrú Rua agus Carna-Caiseal ag dul chun páirce i mBóthar na Trá ag 1.45 i.n. agus d’fhéadfadh ísliú céime a bheith i ndán do cibé foireann a chaillfidh. Sna babhtaí dícháilithe anuraidh a chas na foirne seo ar a chéile go deireanach sa chraobh agus ba iad An Cheathrú Rua a tháinig slán, a bhuíochas leis na cúil a d’aimsigh siad. Bhí foireann Sheáin Uí Dhomhnaill chun cinn 2-06 in aghaidh 0-6 ag leath ama agus cé gur laghdaigh Carna an bhearna sa 30 nóiméad deireanach, bua dhá phointe a bhí ag an gCeathrú Rua faoin deireadh.

D’éirigh le Carna an t-ísliú céime a sheachaint anuraidh agus beidh a mbainisteoir nua, Mícheál Ó Domhnaill, ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh i mbliana. Tháinig Carna aniar aduaidh ar go leor daoine nuair a bhuaigh siad ar Anach Cuan sa chéad bhabhta den chraobh i mbliana. Bhí fir Chonamara ar fáil ag 3/1 ag na geallghlacadóirí don chluiche sin ach ón uair a d’aimsigh Seosamh Seoige cúl sa deichiú nóiméad bhí smacht ar a gcinniúint féin acu agus bhuaigh siad le farasbarr trí phointe, 2-6 i gcoinne 0-9.

Is in aghaidh Réalta Thuama a bhí Carna sa dara babhta ach an uair sin níor thosaigh siad ag imirt i gceart go dtí an dara leath. Faoin am sin, bhí foireann thuaisceart na Gaillimhe gaibhte rófhada chun cinn orthu.

Beidh bainisteoir na Ceathrún Rua ag súil go gcuirfidh a fhoireann tús maith leis an gcluiche inniu, mar a rinne siad ina gcluiche craoibhe deireanach i gcoinne Naomh Mícheál.

Bhí teacht aniar iontu sa chluiche sin tar éis dóibh cailleadh i gcoinne na mBreathnach sa chéad bhabhta agus bhí siad 2-6 in aghaidh 0-0 chun cinn tar éis ceathrú uaire a chloig den imirt. Ní hamháin sin, ach rinne siad an gaisce scórála sin tar éis dóibh imreoir a chailleadh sa chéad 30 soicind nuair a cuireadh Stiofán Ó Brian den pháirc. Bhí bearna 20 pointe ann ar deireadh – 4-14 in aghaidh 1-3 – agus scrios iomlán déanta ag fir na Gaeltachta ar thánaistí na craoibhe anuraidh.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gach imreoir ar fáil don bheirt bhainisteoirí don chluiche seo, seachas Stiofán Ó Brian don Cheathrú Rua. Is foirne móra láidre iad an dá fhoireann seo ach, le himreoirí ar nós Sheosaimh Seoige (Carna-Caiseal) agus Oisín Uí Ghríofa (An Cheathrú Rua), tá peileadóirí ealaíonta acu freisin ar féidir leo damáiste a dhéanamh má thugtar an seans dóibh.

Is iad An Cheathrú Rua rogha na coitiantachta agus seans, ar éigean, go bhfuil an ceart ag na geallghlacadóirí.

Fág freagra ar 'An Cheathrú Rua v Carna-Caiseal – cath Gaeltachta i gCraobh na Gaillimhe'