Shílfeá gur bhain cuid agaibh roinnt solamair as an gcur síos a bhí agam an tseachtain seo caite ar théarmaíocht sa spórt, ar an só agus ar an anó a bhaineann le leagan a aimsiú a bheadh réasúnta nádúrtha agus i dteanga an phobail. Cantal a chuir sé ar chuid eile, ach ní dochar sin ach an oiread.
Tabharfaidh tú faoi deara gur sheachain mé an focal ‘aistriúchán’ mar is é an míbhrí a bhaintear as an bhfocal sin is mó is cúis le go leor den scrios atá le cloisteáil agus le feiceáil againn inár dtimpeall chuile lá.
Faisean a bhfuil glactha faoi seo leis is ea gurb iad na focail féin atá le n-aistriú. Ní hiad ar ndóigh ach brí na habairte nó an ailt.
Sin an fáth a gcuireann an ‘taicil’ a luaigh mé oiread sin de mhúisiam orm. Cleachtas é atá forleathan i mórán chuile ghné den saol. ‘An Siopa Feola/Leabhar/Bréagán’ (Siopa na Feola/na Leabhar/na mBréagán).
Ní móide go bhfuil sé i réim sa lá atá inniu ann, ach bhí uair nuair ba ‘An Lár’ a bhíodh mar chomhartha ar chuile bhus a raibh a n-aghaidh ar Shráid Uí Chonaill i mBleá Cliath. ‘Lár na Cathrach’ a bhí i gceist ar ndóigh ach bhain sé gáire asam lá agus mé ag fanacht le bus i gceann de na bruachbhailte. Dúirt bean a bhí romham sa scuaine lena compánach ‘Did ye ever wonder, Mary, who this Lar fella is? All the buses seem to stop outside his place for some reason!’
Le filleadh ar an tráchtaireacht bíonn cuid acu luaite le leaganacha a chumadar féin nó go cinnte a bhíodh le cloisteáil uathu minic go leor.
Le tráchtaire dornálaíochta de chuid Mheiriceá, Michael Buffer, atá an téarma ‘Let’s Get Ready to Rumble’ luaite, ach deir sé féin go mba ó Muhammed Ali a fuair sé an focal. ‘Rumble in the Jungle’ ar ndóigh a tugadh ar cheann de na troideanna is cáiliúla dá raibh – an ceann inar bhuaigh Ali ar George Foreman i Kinshasa i 1974.
Ba é an tráchtaire rugbaí ab fhearr dá raibh, Bill McLaren, a chuir ‘argy-bargy’ os comhair an phobail.
Is mó sin duine ó shin a ghlac chucu féin é, ach is in áit na leathphingine a bhíonn a gcuid foghraíochta siúd i gcomparáid leis an gcaoi a ndéarfadh Bill é sa tuin chainte a thug sé leis as Hawick atá in oirdheisceart na Alban.
Nach mór idir é agus na ‘málaí láimhe’ a chloisim ó chuid mhaith dá leathbhádóirí sa lá atá inniu ann.
Focal Fraincise é ‘doyen’ a bhfuil glacadh anois leis i mBéarla agus is ceannaire is brí leis. Is cinnte mar sin gur teideal é atá tuillte acu siúd a rinne ceannródaíocht ar an tráchtaireacht sa tír seo, an bheirt Mhícheál – Ó hEithir agus Ó Muircheartaigh.
‘Shemozzle’ an téarma a bhí ag Ó hEithir ar an rud a dtugadh McLaren ‘argy-bargy’ air. Feicim go bhfuil glacadh leis inniu sa gcluiche sin ar a dtugtar Scrabble.
Leis an ngalf a bhaineann an téarma is mó atá i mo chloigeann i dtaobh an Mhuircheartaigh agus glac leis nach bhfuil aon amhras nach eisean é fhéin a chum.
Blianta ó shin ba ghnách leis an gcomhlacht Toyota comórtas bliantúil a eagrú do ghalfairí a chleacht teanga na nGael. ‘Galf as Gaeilge’ a bhí air. Bhíodh réamhbhabhtaí dá chuid ar siúl ar fud na tíre agus an babhta ceannais ar Chúrsa Gailf Cheann Sibéil in iarthar Duibhneach.
In áit éicint faoi chaolach mo thí tá cárta plaisteach a thug Toyota amach ag ceann de na hócáidí sin ar a raibh aistriú déanta ar théarmaíocht an ghailf. Bhí go leor acu ar eolas ag páiste an chliabháin – poll, bratach, cluiche ceathrair, par, ón bhfocal Laidine, a chiallaíonn cothrom agus poll gainimh.
Dia linn. ‘Buncar’ a fheicim i bhfoclóir de chuid an lae inniu air sin!
Bhí cuid den téarmaíocht theicniúíl nach raibh baileach chomh simplí céanna. Ar cheann acu bhí an téarma ar a dtugann Béarlóirí ‘Hook’.
Séard atá sa ‘hook’ ná buille a thugann an galfaire as a dtosaíonn an liathróid ag taisteal de leataobh a luaithe agus a theagmhaíonn an maide léi. Thiocfadh go mbeadh sí chomh fada céanna ón bpoll nuair a thuirling sí agus a bhí nuair a buaileadh í.
Níos measa ná sin arís, bíonn baol láidir ann gurb é an toradh céanna a bheas ar chuile iarracht eile a dhéanfaidh an t-imreoir go mbeidh ceann cúrsa sroichte.
Níl galfaire ar domhan ó McIlroy anuas nach mbaineann a leithéid suaitheadh as.
‘Lúb as Lár’ a bhaist an Muircheartach air.
Is é siúd agus an ‘staighre bheo’ an dá leagan is ansa liom, mar aon le péire eile a bhí ar an liosta ag Micheál.
‘Trom Luí’ a bhaist sé ar an mbail a bheadh ar do liathróid agus í gaibhte isteach in áit a mbeadh sé deacair í a chur as (Bad Lie) agus Uisce Faoi Thalamh (Casual Water) ar lochán nó talamh fliuch a bheadh fágtha ag báisteach throm, ach a thriomódh in imeacht ama – bíonn faoiseamh le fáil óna leithéid.
Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir.
JP
“Handbags/Schemmozzle”:
cogadh na mbó maol
ruaille buaille
clampar
liútar (l)éatar
raic
gleo
ceáfráil
hurlamáboc
teailí hó
cíor thuathail
méiseáil
*’schemmozzle’: focal a tógadh ó theanga ársa na nGiúdach, ‘Yiddish’.
Seanán Ó Coistín
Is téarmaí deasa agus fiúntacha iad sin.
Seathrún
‘scliúchas’
Jacko
B’é an tríú ‘Micheál’ (Micheál Ó Sé nach luaitear) an ceannródaí ab fhearr agus ba chumasaí ar fad acu go léir, dar liom.
Go háirithe ó thaobh máistreacht teangan de.
Tháinig Pádraig Ó Sé i gcomharbacht air sin agus sárthráchtaire ab ea é sin leis.