Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léirigh caint a rinne an Taoiseach sa Dáil le déanaí nach dtuigeann sé gur cúram don Rialtas go léir an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.
Ag tús na míosa seo d’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Taoiseach an mbunódh sé fochoiste comh-aireachta le plé le cás na teanga agus lena chinntiú go bhfaigheann lucht a labhartha cothrom na Féinne, fochoiste den saghas a bhíodh ann nuair a seoladh an Straitéis 20 Bliain.
Dúirt Leo Varadkar gur gnách go mbíonn fochoistí comh-aireachta ag plé le grúpaí ranna seachas le fo-rannóg de Roinn, ach gur rud é a ndéanfadh sé roinnt machnaimh faoi.
“Is léir go gceapann an Taoiseach agus daoine eile nach mbaineann an Ghaeilge ach le rannóg na Gaeltachta, nach ceist náisiúnta nó tras-rialtais atá i gceist na Gaeilge.
“Thuigeamar nuair a seoladh an Straitéis 20 Bliain nach mbeadh dóthain stádais ag aon aire amháin, gan trácht ar aon aire stáit amháin, le dul i bhfeidhm ar an gcóras go léir. Sin an fáth go raibh fo-choiste ag plé leis an straitéis le hairí éagsúla agus an Taoiseach, mar thug sé stádas di. Má deireann an Taoiseach ‘caithfear é seo a chur i bhfeidhm’, cuirfear i bhfeidhm é.”
Mhaígh Ó Cuív gurb í an tuiscint a bhíodh ann nuair a bunaíodh fo-choiste Rialtais faoi chathaoirleacht an Taoisigh chun a chinntiú go gcuirfí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm ná go mbaineann an Ghaeilge le chuile roinn. A mhalairt de thuiscint atá i réim anois, dar leis.
“Gan fo-choiste leis an stádas sin, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh an straitéis a chur i bhfeidhm. Agus ní haon iontas é nach bhfuil sí á cur i bhfeidhm ó shin agus an dearcadh seo ann faoin nGaeilge go mbaineann an Ghaeltacht le fo-fhochuid d’fho-cuid den Rialtas – sin an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
“Sin dearcadh atá á fheiceáil níos minice agus níos minice againn – sin faraor an méid atá sa Ghaeilge, rud le cur isteach i mboiscín atá le ticeáil nuair atá cúpla rud fánach déanta di agus cúpla pingin fhánach caite uirthi.”
Sibéal
FFFG ar fad is ciontaí .