Tá tuairimí éagsúil go maith ag daoine faoi cén sprioc ba cheart a bheith ann maidir le cur le líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna.
I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, cuireadh ceist ar dhaoine cén sprioc ba chóir a bheith ann maidir le fás an ghaeloideachais in Éirinn sa chás go mbeadh a leithéid de sprioc á tabhairt isteach.
Thug 66% de dhaoine le fios gur chóir líon na ndaltaí gaelscoile a ardú ó 7% go dtí 20% nó níos mó faoi 2050 sa chás go mbeadh sprioc nua á tabhairt isteach.
Luadh le rannpháirtithe na pobalbhreithe sprioc rialtas na Breataine Bige líon na ndaltaí i scoileanna Breatnaise a ardú ó 23% go dtí 50% faoi 2050. Iarradh ar na rannpháirtithe ansin a rá cén céatadán – 10% nó 20% nó 50% nó 100% – ba cheart a bheith mar sprioc sa chóras gaelscolaíochta dá dtabharfaí a mhacasamhail de pholasaí isteach anseo.
8% díobh a roghnaigh an sprioc is ísle a tugadh dóibh, is é sin go mbeadh 10% de dhaltaí an stáit ag freastal ar ghaelscoil.
7% a roghnaigh an sprioc is airde a tugadh dóibh, is é sin go mbeadh 100% de dhaltaí ag freastal ar ghaelscoil.
20% a dúirt gur chóir sprioc a bheith ann go mbeadh 50% de dhaltaí an stáit ag freastal ar ghaelscoil agus 39% a thug le fios gur chóir sprioc 20% a bheith ann.
Dúirt 14% díobh nár cheart aon sprioc a bheith ann agus ní raibh aon tuairim faoin gceist ag 13%.
De réir anailís a rinne Tuairisc i mbliana is ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.
I dtuarascáil a dhéanann achoimre ar chúrsaí oideachais le 20 bliain anuas, mhaígh an Roinn Oideachais gur tháinig méadú 8.3% ar líon na ndaltaí a chláraigh i mbunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht idir na scoilbhlianta 2013 agus 2023.
Ach nuair a bhreathnaítear ar líon na ngasúr Gaelscoile mar chéatadán de líon iomlán na ndaltaí a chláraigh i mbunscoileanna an stáit sna blianta sin, is beag fás atá tagtha ar an sciar daltaí a bhíonn ag freastal ar ghaelscoileanna na tíre.
In 2013, b’ionann an 33,657 dalta a bhí cláraithe i nGaelscoileanna agus 6.4% de líon iomlán na ndaltaí bunscoile sa stát. Faoin mbliain 2023, bhí sé sin ardaithe go dtí 6.7% (36,467 dalta as 546,758 san iomlán).
Fág freagra ar 'Tuairimí éagsúla faoi sprioc d’fhás líon na ndaltaí gaelscoile'