Iarradh ar an Taoiseach sa Dáil inniu cluasáin an chórais aistriúcháin a chaitheamh ar bhonn “cúirtéise” nuair a bhíonn Gaeilge á labhairt.
Ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a bhí bunaithe ar scéal a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin ba chúis leis an eachtra sa Dáil tráthnóna.
Ag tagairt don scéal nach féidir le múinteoirí clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta, d’fhiafraigh Éamon Ó Cuív de Leo Varadkar an mbunódh sé fochoiste comh-aireachta le plé le cás na teanga agus lena chinntiú go bhfaigheann lucht a labhartha cothrom na Féinne.
“A Thaoisigh, bítear ag maíomh go minic maidir le tacaíocht an Rialtais agus tacaíocht an stáit don Ghaeilge ach duine ar bith a dhéanann iarracht gnóthaí a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge bíonn fadhbanna ollmhóra acu go mórmhór má tá siad ag iarraidh rud a dhéanamh ar líne,” arsa Éamon Ó Cuív.
“Tháinig sé chun solais inniu, mar shampla, nach féidir le múinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí Ghaeilge i láthair na huaire, nó le dhá bhliain anuas.
“Mar shainchuid den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, bhí soláthar ann go mbeadh coiste comh-aireachta, agus Taoiseach mar chathaoirleach air, ag stiúradh cúrsaí na Gaeilge sa tír seo agus [coiste] a dhéanfadh cinnte go gcuirfí an straitéis i bhfeidhm agus go mbeadh cothrom na Féinne agus a gcearta ar fáil do Ghaeilgeoirí. An bhféadfá a rá liom an bhfuil sé i gceist fochoiste comh-aireachta a bhunú a mbeidh tusa mar Chathaoirleach air, mar a bhí geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?”
Mar fhreagra ar an gceist sin, ghabh an Taoiseach buíochas leis an Teachta Dála agus dúirt sé, i nGaeilge, go gcuirfeadh sé an cheist faoi bhráid Aire na Gaeltachta.
Ag iompú dó ar an mBéarla, dúirt Éamon Ó Cuív gur léir nár thuig an Taoiseach é mar nár bhain an cheist le hAire na Gaeltachta ach leis féin.
“Ní bhím ag súil go dtuigfeadh daoine mé agus mé ag labhairt i nGaeilge, ach sílim go bhféadfaidís an chúirtéis chéanna a léiriú agus a léirítear i bParlaimint na hEorpa agus na cluasáin a chaitheamh,” arsa Ó Cuív.
Dúirt an Taoiseach ar dtús gur thuig sé an méid a dúradh i nGaeilge ach ghéill sé ansin gur chaill sé an chuid de chaint Uí Chuív a bhain le bunú coiste comh-aireachta na Gaeilge.
“Tá brón orm, a Theachta, chaill mé an chuid sin de do cheist. Níl sé i gceist againn faoi láthair cur le líon na bhfochoistí. De ghnáth bíonn na fochoistí comh-aireachta a bhíonn againn ag plé le grúpaí ranna seachas le fo-rannóg de Roinn, ach rud é go ndéanfaimid roinnt machnaimh faoi,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar i mBéarla.
Siobh
Grmma ar fad in Tuairisc. Sár-obair á déanamh agaibh.
Indrek Ois
Ar fheabhas ar fad! Togha fir, a Éamon! Sin mar ba cheart a dhéanamh agus brú a chur ar ‘chóras an Bhéarla’.
Eileen S.
Munach thú a Éamoin, cén bhail a bheadh orainn i gConamara. Go mba fada buan tú. Is iomaí cath a thóg tú ar ár son thar bhlianta fada idir sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, díothú na Gaeilge le himeacht scrúdú na sraithe sóisearaí, troideanna ar son mhuintir na Gaeltachta sa phleanáil, cearta teanga agus go leor eile. Fear uasal dílis dá phobal. Is muidne atá buíoch de bharr na gcathanna ar fad a throid tú ar son thodhchaí na Gaeltachta is láidre sa tír. Go gcúiteofar é leat.
Gearóid de Grás
Cén ceiliúradh atá á dhéanamh agaibh??? Is é toradh na cainte ná nach bhfuil sé i gceist coiste comh-aireachta a bhunú de réir fhorálacha Straitéis 20 bliain don Ghaeilge – straitéis nach raibh bun ná barr leis pé scéal é! Samhlaigh coiste comh-aireachta agus na daoine ó FG, FF agus na Glasaigh a bheadh air – samhlaigh é! In ainm Chroim, cén maitheas a dhéanfadh sé don Ghaeilge? I dtír ina mbeadh meas (gan trácht ar mhórtas!) cine ag polaiteoirí ar a dtír féin agus ar aidhmeanna an Chéad Dáil, bheadh ciall lena leithéid. Ach ní leis an dream atá anois ann. Agus ní chaithfidh Varadkar (ná aon Varadkar eile ansin ach oiread) na cluasáin, geallaim duit.
Pól Ó Braoin
Tá an ceart agat. Tinn tuirseach a bheith ag breathnú ar an dream sin ag ligint orthu go dtuigeann siad éinne a labhrós Gaeilge ar urlár na Dála agus náire orthu na cluasáin a chaitheamh. Cur amú ama cainte atá ann agus ní chuirfinn milleán ar bith ar TD le Gaeilge a chaint a thabhairt i mBéarla agus a fhios go maith aige go dtabharfar an chluas bhodhar ar an bpointe atá sé ag iarraidh a chur trasna.