Tá glactha ag Coiste Oireachtais le moladh go n-ardófaí an céatadán de chaiteachas an stáit a chuirtear ar fáil don Ghaeilge go dtí 0.4% sa bhliain.
Tá an t-ardú ar an gcéatadán de chaiteachas an stáit a dhéantar ar an teanga ar cheann de thrí mholadh i dtuarascáil nua de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tagann na moltaí sin ó Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a raibh ionadaithe ón gCoiste Oireachtais i láthair aici.
Moltar sa tuarascáil chomh maith go gcaithfeadh RTÉ 15% dá bhuiséad ar chraoltóireacht na Gaeilge “ionas gur féidir leis i bhfad níos mó cláracha Gaeilge a chur ar an teilifís agus ar an raidió”. .” Faoi láthair, 7.5% de bhuiséad RTÉ a chaitear ar ábhar Gaeilge.
Ghlac an coiste freisin le moladh go dtacófaí le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre.
Tá an tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
De réir figiúirí Chonradh na Gaeilge idir 0.13% agus 0.17% de bhuiséad an stáit a chaitear gach bliain ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ar eagraíochtaí teanga amhail Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus TG4.
0.24% den bhuiséad a chaitear ar an teanga sa Tuaisceart.
D’aontaigh baill an Choiste Oireachtais le Conradh na Gaeilge gur “céatadáin shuaracha bheaga bhídeacha iad na céatadáin seo” i bhfianaise na tacaíochta a léirítear do chur chun cinn na Gaeilge i bpobalbhreitheanna éagsúla.
Maíonn Conradh na Gaeilge leis go bhfágtar gach rud faoin “duine aonair” ó thaobh na Gaeilge de agus go mbíonn an Stát “ag seachaint a dhualgas féin i leith na teanga”. Baineann “easpa cothrom na Féinne agus easpa uaillmhéine” leis an maoiniú a chuirtear ar fáil don teanga.
Éilítear i bplean infheistíochta an Chonartha go ndéanfaí os cionn €220 milliún d’infheistíocht bhreise sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht idir seo agus 2029.
Mhol Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta “fís” Chonradh na Gaeilge ach dúirt sé go raibh sé “beagáinín coimeádach”.
Mhol an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024 – 2029 chomh maith. Dúirt an Seanadóir gur chóir “poist mhaithe le tuarastail agus coinníollacha” a bheith ar fáil do dhaoine atá ag plé leis an bpleanáil teanga.
Bhí toscaireacht ó Choiste na Gaeilge i láthair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Aonach i dTiobraid Árann níos luaithe i mbliana.
Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean tráthnóna, pléifear an tacaíocht a chuireann Roinn Gnóthaí Eachtracha ar fáil do chainteoirí agus eagrais Ghaeilge thar lear.
Mícheál Ó Flaithearta
Dá gcaithfí agus airgead iomlán Tubridy uirthi is beag an mhaith a dhéanfadh sé!