Níl Ryan Tubridy le bheith ina chathaoirleach ar ócáid faoi John F Kennedy atá ar siúl san EPIC Centre i mBaile Átha Cliath amárach.
An Kennedy Memorial Library ar Colombia Point in Boston, an séadchomhartha oifigiúil ar an Uachtarán John Fitzgerald Kennedy, atá ag eagrú na hócáide dhá lá i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, Ryan Tubridy a bhí ceaptha a bheith ina chathaoirleach ar an ócáid san Ionad EPIC idir 1.30-3.30pm amárach. ‘Homecoming- JFK in Ireland’ an téama atá ag an ócáid.
Tá sé deimhnithe ó shin gurb í Dearbhail McDonald, an t-iriseoir agus craoltóir, a bheidh ina cathaoirleach in áit Tubridy.
Go hiondúil, ní thabharfaí suntas ar bith dó go mbeadh Ryan Tubridy, a scríobh leabhar faoin iar-uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag a leithéid d’ócáid san Ionad Taispeántais don Imirce as Éirinn, ach tá an craoltóir sáinnithe i gconspóid mhór faoi íocaíochtaí breise a fuair sé ó RTÉ nár thuairiscigh RTÉ iad mar ba chóir.
Fág freagra ar 'Cathaoirleach eile in áit Tubridy ag ócáid faoi JFK'