An difríocht idir mian agus bunriachtanas soiléir sa tsraith

Tabhair faoi ndeara go gceiliúrtar díshealbhú chomh tréan agus chomh minic is a deintear scór sa lá atá inniu ann

An difríocht idir mian agus bunriachtanas soiléir sa tsraith

N’fheadar an bhfuil aon léargas breise againn ar dhul chun cinn na bhfoirne nó a mhalairt tar éis imirt an deireadh seachtaine i Roinn 1 na sraithe peile?

Déarfaidh tábla na sraithe linn go bhfuil Maigh Eo leo féin i mbarra agus tá go leor fianaise ann a déarfadh gurb iad is fearr atá ag imirt caide le mí anuas. Seachas san, áfach, is deacair idirdhealú a dhéanamh idir na foirne eile agus gan ach trí phointe sraithe idir bun an tábla agus an dara áit.

Cheapas ó thús an fheachtais gurb iad Dún na nGall agus Muineachán ba dhóchúla a thitfeadh go Roinn 2 agus, ainneoin ghaiscí éalaithe Mhuineacháin le blianta, táim fós den dtuairim gurb iad an dá chontae seo a bheidh i Roinn 2 an bhliain seo chughainn.

Caithfidh Dún na nGall buachtaint ar Mhaigh Eo i mBealach Féich agus ar Ros Comáin i bPáirc de hÍde más áil leo bliain eile a chaitheamh i Roinn 1 agus beidh ar Mhuineachán an fear maith a fháil ar Thír Eoghain i gCluain Eois agus ar Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh más slánú atá i ndán dóibh siúd. Ní beag san mar dhúshlán.

Fágann na cluichí sin go mbeidh ról lárnach ag Maigh Eo i mbris nó bua na gConallach agus na Muineachánach as seo go deireadh na míosa.

B’fhéidir go bhfuil sé breá neafaiseach a bheith a rá ag an bpointe seo go mbuafadh Maigh Eo craobh na hÉireann dá n-imreofaí anois díreach í. Dúradh a leithéid cheana fúthu ach ní féidir neamhaird a dhéanamh don mbrí, don bhfuinneamh agus don sprid atá fé láthair i bhfoireann Kevin McStay. Is iad féin, Doire agus an Cabhán an t-aon trí fhoireann nach bhfuil cluiche sraithe caillte i mbliana acu agus le himreoirí ar nós Tommy Conroy ag filleadh Dé Domhnaigh, is ag éirí orthu a bheidh. Tá na gothaí agus na geáitsí atá ag teacht ón dtaobhlíne, leis, ana-dhearfach agus tugann san misneach d’imreoirí arb í an ghuagacht an tréith is mó a luafaí leo go nuige seo.

Ní hionann san is a rá, áfach, go bhfuil na sean-nósanna caite uathu ar fad acu. Léirigh báidí Enda Smith agus Conor Cox agus an deis dhéanach a chuaigh le Ben Carroll sna soicindí deireanacha ná fuil an cruas ceart aimsithe sna cúil go fóill acu.

Déarfaidh cur chuige Mhaigh Eo sa dá chluiche sraithe atá fágtha acu mórán linn faoina bhfuil i ndán dóibh sa chraobh. Má bhuann siad gan trua ná taise ar Dhún na nGall agus Muineachán, féadfar glacadh leis go bhfuil cúinne de shórt éigin casta ag Maigh Eo. Muna nochtann siad na fiacla agus má thugann siad léasacha beaga dóchais don íochtarán, leanfaidh an t-amhras isteach sa chraobh iad. Féadfaidh siad a bheith ag maíomh gur le leathshúil ar an gcraobh atá ag teannadh linn a deineadh amhlaidh, ach níl ansan ach scéal thairis. Is fearr i gcónaí bheith ag buachtaint más féidir in aon chor é. Ná dein nós agus ná bris nós.

Ní hamhlaidh agus é ag filleadh ar champa Mhaigh Eo, go raibh nósanna nua le tarrac chuige féin ag an oiliúnóir caide, Donie Buckley, ach bhí sé le tabhairt fé ndeara riamh ó fhoirne Mhaigh Eo an scóip a thagann orthu nuair a bhaineann siad seilbh na caide den bhfreasúra.

Is léir nach iad deisceabail Donie amháin atá ag ramhrú air sin anois.

Tabhair fé ndeara go gceiliúrtar díshealbhú chomh tréan agus chomh minic is a deintear scór sa lá atá inniu ann. Is léir ó gheáitsí an chosantóra go bhfuil luach thar na bearta á chur ar an ndíshealbhú agus is léir chomh maith go bhfuil an réiteoir agus léamh an réiteora ag déanamh áisitheoireachta ar an nós nua seo.

Bheadh claonadh agam féin i gcónaí i dtreo an tosaí, ach taibhsítear dom anois go bhfuil réiteoirí meáite ar chic saor a thabhairt ar ais nó ar éigean i gcoinne an tosaí atá teanntaithe, mogallaithe ag cosantóirí. Is cosúil nach bhfuil aon bheann ag fear na feadóige, ach an oiread, ar an bhfaid ama i seilbh na caide ná líon na dtruslóg a bhíonn tógtha. Bhí iliomad sampla de seo i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus más fíor gur leor nod don eolach, tá réamhéachtaint fachta don gcraobh acu siúd a thógann ceann dá leithéid.

Cé go bhfuil sé deacair aon luathéachtaintí eile a chur i dtaisce do thús na craoibhe a bheidh chughainn aimsir na Cásca, níl aon amhras ná go bhfuil fírinne agus fíricí áirithe nach féidir a sheachaint agus go bhfuil tréithe áirithe bunriachtanach don mbua.

Ag eascairt as a chuid anailíse ar bhua Dhoire ar Áth Cliath Dé Sathairn, léirigh figiúirí a chuir Ray Boyne ar fáil gur seacht mbabhta is daichead sa chéad leath a chuaigh imreoir ó Áth Cliath i ngleic i gceart le himreoir ó Dhoire. Babhta is tríocha a deineadh a mhalairt ón dtaobh eile. Tháinig claochló iomlán ar na figiúirí sin sa dara leath – Doire 51 v Áth Cliath 33. Nuair a labhartar ar ghoile chun catha nó támáilteacht, bíonn sé deas nuair a bhíonn slat tomhais agus dintiúr le cur leis. B’fhéidir gur mhaith le Ciarraí agus na Dubs an dá phointe sraithe a bheith beirthe leo aduaidh an deireadh seachtaine seo caite ach níor léiríodh an cíocras atá riachtanach chun san a dhéanamh.

Go dtí seo sa tsraith, agus foirne ar thóir na bua, bhí an lá leo siúd a thuig an difríocht idir mian agus bunriachtanas. Is gearr uainn an lá go mbeidh ar leithéidí Chiarraí agus gach aon fhoireann eile i mbolg an tábla, idir Dhún na nGall in íochtar agus Maigh Eo in uachtar, luí amach orthu féin.

Ní féidir a bheith ag feadaíl agus ag ithe mine as seo amach.

Fág freagra ar 'An difríocht idir mian agus bunriachtanas soiléir sa tsraith'