“Tá sé in am againn ceannasaíocht an pháirtí a thabhairt ar láimh don chéad ghlúin eile,” a dúirt Róisín Shortall agus Catherine Murphy agus iad ag fógairt go raibh siad le himeacht óna róil mar cheannairí ar an bpáirtí is óige sa tír: na Daonlathaithe Sóisialta.
Tá ocht mbliana caite acu ag forbairt an pháirtí, “atá ag dul ó neart go neart ón tús”, dar leo.
De réir na bpobalbhreitheanna is deireanaí, tacaíonn 2% den phobal leo. Is iomaí dúshlán a bheas roimh an gceannaire nua. De réir na dtuairiscí, is í Holly Cairns, an Teachta Dála is óige sa bpáirtí, a bheidh ann.
Ach an molfadh éinne do dhuine óg dul i dtreo na polaitíochta?
An tseachtain chéanna ar éirigh Shortall agus Murphy as ceannaireacht a bpáirtí, bhí cruinniú ag baill Oireachtais ar mná iad agus an Ceann Comhairle le hionadaithe An Garda Síochána faoi chúrsaí sábháilteachta. Tuigtear go bhfuil méadú suntasach tagtha ar bhagairtí i gcoinne na mban le cúpla bliain anuas.
Is mó sampla atá cloiste againn: thug Jennifer Carroll MacNeill, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael ó Dhún Laoghaire, fianaise i gcás cúirte le déanaí i gcoinne fear a sheol teachtaireachtaí gránna chuici ar na meáin shóisialta. Mhaígh Holly Cairns í féin go mbíodh duine éigin ag seoladh teachtaireachtaí gáirsiúla chuici ar na meáin shóisialta agus, ina dhiaidh sin, ag teacht go dtí a teach.
Caitheadh aoileach le Anne Rabbitte, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó Ghaillimh Thoir, agus í ag freastal ar chruinniú poiblí ina dáilcheantar féin – rud a chorraigh an oiread sí í gur chuimhnigh sí ar imeacht as an bpolaitíocht. Dúirt an tAire Stáit Hildegarde Naughton, Teachta Dála Fhine Gael i nGaillimh Thiar, nach dtéann sí ag canbhasáil ina haonar ariamh. Dúirt Teachta Dála eile liom gur cuireadh comhairle uirthi ceamaraí a fháil dá teach “láithreach” toisc í a bheith i mbaol. Ach nuair a lorg sí maoiniú ón Oireachtas lena leithéid a chur ar fáil, bhí an iomarca riaracháin i gceist, dar léi. D’íoc sí féin as. Costas breise ina mhíbhuntáiste eile a bhaineann leis an saol poiblí.
Ag deireadh an chruinnithe leis an gCeann Comhairle, beartaíodh “tascfhórsa” a bhunú chun féachaint ar an gceist seo. Réiteach polaiteora ar fhadhb pholaiteora?
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar an Mháirt go bhfuil “cultúr an fhoréigin” i réim sa tír, ní hamháin do pholaiteoirí, ach do chách – oibrithe sa gcóras sláinte, Gardaí i mbun a gcuid oibre, inimircigh, baill den phobal LADT+, srl. Tá imní air, a deir sé, faoin athrú seo atá tagtha ar an tsochaí, agus gheall sé féachaint ar conas cúrsaí a fheabhsú amach anseo.
Tharla rud agus mé ar mo bhealach abhaile ón obair aréir a shoiléirigh an cultúr seo dom. Agus mé ag rothaíocht in aice mo thí, chonaic mé go raibh slua ollmhór bailithe le chéile ar an tsráid. “Agóid i gcoinne na n-inimirceach,” a mhínigh Garda dom agus í ag treorú tráchta. Meabhraíodh dom teacht anuas de mo rothar chun mo bhealach abhaile a dhéanamh. “Lig dó dul tríd,” a dúirt duine amháin leis an slua, “fad is nach Polannach, nó Moslamach é…”
Bhain an ráiteas sin, an ghangaid agus an fuath a bhí ann, geit asam. Bhain mé mo theach amach, agus fuair mé fógra ar m’fhón go raibh ionsaí déanta ar phóilín ó thuaidh.
Ní hiad na polaiteoirí amháin a bhfuil údar machnaimh acu faoin saol poiblí an tseachtain seo
Fág freagra ar 'Tharla rud ar mo bhealach abhaile aréir a shoiléirigh cultúr an fhoréigin dom'