Cáineadh déanta sa Dáil ar láimhseáil Uisce Éireann ar fholáireamh Ná hÓl Chonamara

Tá beagnach 6,000 duine i nGaeltacht Chonamara fós gan soláthar uisce sábháilte

Cáineadh déanta sa Dáil ar láimhseáil Uisce Éireann ar fholáireamh Ná hÓl Chonamara

Pléadh sa Dáil ar maidin an foláireamh Ná hÓl atá ag cur as do na mílte duine i gConamara atá fágtha gan soláthar uisce.

An Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly a phléigh na foláirimh atá eisithe ag Uisce Éireann le tamall anuas ag treorú do dhaoine i gceantair áirithe in iarthar an chontae gan an t-uisce ón sconna a ól.

D’eisigh Uisce Éireann Foláireamh Ná hÓl an tseachtain seo caite dóibh siúd a fhaigheann uisce ó chóras an Spidéil, muintir Inis Oírr san áireamh. Tá deireadh ó inne leis an bhfoláireamh d’Inis Oírr. Leibhéal ard den mhianra mangainéis is cúis leis na foláirimh.

Tá beagnach 6,000 duine a bhíonn ag brath ar sholáthairtí Inis Bó Finne agus an Spidéil fágtha gan soláthar uisce. Baineann an foláireamh le ceantar Chois Fharraige, ó na Forbacha siar go dtí Ros an Mhíl.

Tháinig an Foláireamh Ná hÓl i bhfeidhm do chóras an Spidéil Dé hAoine seo caite, an 16 Meán Fómhair, agus tá fadhbanna ann le soláthar Inis Bó Finne ón 25 Lúnasa.

Cháin an Teachta Dála Catherine Connolly Uisce Éireann as “easpa cumarsáide” leo siúd atá buailte ag na fadhbanna. Dúirt sí gur thuig an pobal go mbíonn fadhbanna den chineál seo ann ach go raibh “frustrachas orthu mar gheall ar an gcaoi ar caitheadh leo”.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách gur theastaigh eolas maidir le céard ba chúis leis na fadhbanna, an raibh baint acu lena chéile agus cén uair a bheadh siad réitithe.

Agus é ag labhairt thar ceann an Rialtais, dúirt an Teachta Dála Thomas Byrne, Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, gur “ábhar mór imní” a bhí sa mhéid a bhí ag titim amach in iarthar na Gaillimhe agus gur chóir go mbeadh “i bhfad níos mó eolais curtha ar fáil ag Uisce Éireann”.

Dúirt Byrne go raibh obair ar bun chun na fadhbanna a réiteach “chomh luath agus is féidir” ach ní raibh sé in ann aon sonraí a thabhairt maidir le cén uair go díreach a chuirfí deireadh leis na foláirimh.

Dúirt Catherine Connolly gur léirigh an scéal an fhadhb a bhain leis an gcinneadh an dualgas maidir le cúrsaí uisce a fhágáil faoi Uisce Éireann. Dúirt Connolly go mbeadh níos mó eolais ag comhairleoirí contae le tabhairt don phobal dá mbeadh an soláthar uisce fós faoi chúram na n-údarás áitiúil.

Pléadh scéal an tsoláthair uisce ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin agus dúirt an dochtúir teaghlaigh Sinéad Ní Bheirn nach mbíonn contúirt ag baint le leibhéal ard mangainéise san uisce ach sa chás go bhfuil sé ann “go leanúnach”.

Dúirt Ní Bheirn, atá ina dochtúir teaghlaigh ar an Spidéal, go raibh sí i dteagmháil leis na seirbhísí sláinte mar gheall ar an bhfadhb agus gur tugadh le fios nach fadhb leanúnach a bhí i gceist.

Dúirt Ní Bheirn go gcaithfeadh leibhéal ard mangainéise a bheith san uisce thar thréimhse deich mbliana chun dochar fadtéarmach a dhéanamh do shláinte duine ach go bhféadfadh duine a bheith tinn dá n-ólfadh siad an-chuid uisce – thart ar chúig ghalún in achar gairid – ina raibh leibhéal ard mangainéise ann.

D’fhógair Uisce Éireann ar maidin go bhfuil an Foláireamh Ná hÓl fós i bhfeidhm do sholáthar an Spidéil.

Deirtear nár chóir an t-uisce a ól fiú agus é beirithe agus fuaraithe.

Tá rabhadh tugtha dóibh siúd a bhfuil ráite leo gan an t-uisce a ól gan é a úsáid ach oiread chun deochanna eile a dhéanamh, chun sailéid nó béilí eile a dhéanamh. Deirtear chomh maith nár cheart an t-uisce a úsáid chun fiacla a scuabadh nó béal duine a fholcadh ná chun leac oighir a dhéanamh.

Is féidir an t-uisce a úsáid chun folcadh nó cithfholcadh a bheith agat, chun leithris a shruthlú nó chun uisce a chur ar phlandaí agus ar bhláthanna, a deirtear.

Tá tancaeir uisce ar fáil don phobal ag Trá na bhForbacha, Tí Phádraicín; Seanchéibh an Spidéil, taobh le banc na mbuidéal; Séipéal an Chnoic; Halla na Tulaí (Trasna ó Fíbín, an Pota agus TG4); agus Ionad Pobail Ros an Mhíl.

 

 

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta sa Dáil ar láimhseáil Uisce Éireann ar fholáireamh Ná hÓl Chonamara'

  • Seán

    Cá bhfuil urlabhraí Gaeilge Uisce Éireann???