Thíos tá ábhar ón gcnuasach Láithreach Bonn mar aon le gníomhaíochtaí don seomra ranga.

Is deacair turas chun na trá a shárú – an gaineamh faoi do chosa, boladh an tsáile i do shrón agus tuargaint na dtonnta i do chluasa. Cuid mhór dár saol í an fharraige ach mar thoradh ar an tslí a mairimid sa lá inniu, tá sláinte an aigéin i mbaol.

Tuigimid go ndéanann plaisteach dochar do na créatúir a mhaireann sa bhfarraige ach déanaimid dochar don fharraige freisin nuair a chuirimid carbón isteach inti. Céard é carbón?  Tá carbón i ngach rud atá beo – 18% díot féin is carbón é. Tá carbón ar cheann de na príomhábhair atá i ngás dofheicthe na míchlú- CO2. Análaíonn gach rud beo ocsaigin isteach agus scaoileann siad amach CO2. Riospráid a thugtar ar an bpróiseas sin.

Úsáideann plandaí CO2 chun a soláthar bia féin a dhéanamh agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san aer.

Nuair a fhaigheann rudaí beo bás, déantar iontaisí dá gcoirp agus ar deireadh thiar bíonn siad curtha thíos faoi chréafóg nó go domhain sa bhfarraige. Tar éis na mblianta fada, brúnn meáchan na créafóige nó na farraige na hiontaisí ina chéile agus déantar breoslaí iontaise astu. Dóitear na breoslaí iontaise sin chun fuinneamh a chur ar fáil lenár dtithe a théamh, monarchana a chur ag obair, ár gcarranna a chur ag imeacht, agus leictreachas a ghiniúint. Cruthaíonn seo truailliú díobhálach amhail súiche, deatach agus CO2. Ní hé amháin go ndéanann siad sin dochar dár sláinte féin ach is féidir leo freisin dochar a dhéanamh do shláinte an phláinéid.

Tá cúram tábhachtach ar an CO­2 ar mhaithe le chuile rud beo ar an domhan – is ‘gás ceaptha teasa’ é agus mar a dhéanann teach gloine, sáinníonn sé an teas san atmaisféar, rud a choinníonn an domhan te go leor le go mbeidh rudaí beo ábalta fás anseo. Murach na gásanna ceaptha teasa san aer, bheadh an domhan seo i bhfad rófhuar le go mairfeadh rudaí anseo! Ach de bharr go bhfuil muide ag scaoileadh i bhfad níos mó CO2 isteach san atmaisféar anois, sáinníonn sé an iomarca teasa.  Mar sin de bharr na rudaí a dhéanann muide agus an t-éileamh mór atá againn ar fhuinneamh, tá an aeráid sa domhan seo ag téamh go gasta.

De thoradh an charbóin bhreise sin, tá an aeráid ag athrú agus is iomaí éifeacht aisteach a bhí aige sin ar an aimsir anseo le cúpla bliain – triomach, tonnta teasa, tuilte, stoirmeacha, leibhéal na farraige ag ardú, spéirlingí, agus na caidhpeanna oighir ag leá. An teas breise san atmaisféar is cúis leis sin ar fad agus is é an t-ardú ar an leibhéal CO2 de bharr muid a bheith ag dó breoslaí iontaise a chruthaíonn formhór an CO2 sin.

Cén bhaint atá aige seo ar fad leis na haigéin? Bhuel tá ceangal láidir ag an atmaisféar agus ag na haigéin lena chéile. Ar shiúil tú riamh cois farraige agus ar bhlais tú an t-aer goirt? Séidtear salann na farraige suas sa spéir. Ar an gcaoi chéanna nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh, séidtear aer anuas as an spéir síos sa bhfarraige, súnn an fharraige isteach CO2, rud a dhéanann an fharraige beagán níos aigéadaí. Tugtar aigéadú aigéin ar an bpróiseas sin.

Nuair a bhíonn an sáile ró-aigéadach, fásann algaí díobhálacha, agus ní fhásann na sliogáin mhara i gceart agus is iad sin an chosaint a bhíonn ag an mbeatha mhuirí agus déantar dochar do shaolré go leor de na créatúir agus na plandaí a mhaireann faoi thoinn. Ar ndóigh cuireann sin as do sholáthar bia an éisc atá níos mó agus d’éiceachóras iomlán an aigéin.

Drochscéala é seo don fharraige a bhfuil an-ghrá againn go léir di!

Caithfimid gach ar féidir linn a dhéanamh chun an fharraige a chosaint. Conas a dhéanfaimid é sin? Caithfimid ár mbéasa a athrú ó thaobh bruscar agus plaisteach a chur san aigéan. Ach is féidir linn an t-aigéadú aigéin a laghdú freisin – féadfaimid ár nósanna a athrú ionas nach scaoilfimid oiread gásanna ceaptha teasa amach san atmaisféar.

Conas is féidir linn na gásanna ceaptha teasa san aer a laghdú? Is féidir linn níos lú fuinnimh a úsáid, gan a cheannach ach a bhfuil riachtanach, gan an oiread bia a chur amú, siúl nó dul ag rothaíocht seachas glacadh le síob. Féadfaimid na plandaí agus na crainnte atá inár dtimpeall a chosaint ionas go leanfaidh siad orthu ag úsáid CO­2 chun bia a dhéanamh agus a thógáil amach as an atmaisféar. Má athraímid ár nósanna féin, beimid ábalta an t-atmaisféar a athrú agus an aeráid agus an fharraige a chosaint ionas go mbeimid ábalta taitneamh a bhaint as an saol cois farraige ar feadh na gcianta.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

 

  • Cén fáth dar leat ar scríobhadh an scéal grafach seo?
  • Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil sa chéad phictiúr?
  • Cén bhrí a bhaineann tú as an bhfrása “tá sláinte an aigéin i mbaol”?
  • Cén fáth a luaitear an figiúr 18%?
  • Cén úsáid a bhaintear as breosla?
  • Cén chaoi a bhfuil gás ceaptha teasa cosúil le teach gloine?
  • Céard a tharlaíonn nuair a bhíonn an sáile ró-aigéadach?

Gníomhaíocht 2 – Deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Dochar
    • Fuinneamh
    • Truailliú
    • Sáinnithe
    • Atmaisféar
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
    • Ar cheann de
    • Soláthar
    • Monarchana
    • Amhail
    • Díobhálach
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Seo nasc chuig sraith alt a bhí ar Tuairisc.ie faoi na tránna is ansa le daoine.
  • Déan cúpla ceann a léamh.
  • Déan 10 líne a scríobh faoin trá (nó áit) is ansa leat féin.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nuair atá do phíosa scríofa agat déan é a roinnt le daoine eile. Léigh an méid atá scríofa acu. An bhfuil tú in ann aon mholtaí a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge? Iarr orthu moltaí a thabhairt duit.

Fág freagra ar ''