Tá leagan den fhíseán gan fotheidil ar fáil anseo.
Tá leagan den fhíseán agus fotheidil Bhéarla ag dul leis ar fáil anseo.
Sa scannán gearr seo a rinneadh don tsraith ‘Láithreach Bonn’ déantar scagadh ar amhrán amháin – ‘Amhrán na Trá Báine’ - chun léargas a thabhairt ar an gceangal a bhíonn idir áit, teanga, ceol agus pobal
Mairéad Ní Oistín
Físeán an-deas agus amhránaíocht bhreá ó Shinéad sgus Maidhc.
Eilís Ní Anluain
Scannán álainn – a fhíonn an scéal agus an t-amhrán go gleoite ina chéile – tús sraithe?
Seosaimhín Ní Bheaglaoich
Nách iontach mar scéal é inste agus léirithe go healaíonta. A thuilleadh dá shórt le bhur dtoil!!
Áine
Go hálainn ar fad ! Nár laga Dia sibh a Shinéad agus a Mhaidhc.
John Woods
Seoid d’fhíseán.
Kevin Ó Tuathaigh
Go bhfana an Sean-Nós beo beathach go brách! Ceol álainn corraitheach í cé ní raibh riamh chomh lag is atá sé anois. 😰