Dé Céadaoin, Feabhra 16 2022 ag 4:45 am
VIDEO
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
Cé mhéad bundúchasach atá i mbun agóide?
Inis i d’fhocail féin céard atá á mheas sa chúirt faoi láthair?
Cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cinneadh na cúirte?
Cén fáth, dar leat, a deir an t-údar go bhfuil an fhoraois bháistí tábhachtach “don phláinéad seo ina iomláine”?
Cad é an ceart dlí atá ag na bundúchasaigh ó thaobh tearmainn?
Cén fáth a luaitear an figiúr 300?
Cé hé Jair Bolsonaro?
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
Éist leis an gcéad abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
Cuir an méid atá scríofa agat i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht an abairt a scríobh.
Éist leis an abairt arís más gá.
Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
Éist leis an abairt dheireanach arís. Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite agus sampla don tuiseal ginideach.
An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie .
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
Seo thíos píosa eile den alt.
Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
éagsúla agus an fhoraois bháistí ina gcónaíonn siad a chur i mbaol a mbáis. ‘Sraith buillí marfacha’, go deimhin, atá á
Lena chois sin, cuirfidh an leasú deireadh leis an gcosc atá faoi láthair ar neamh-bhundúchasaigh ‘gníomhaíochtaí geilleagracha’
a fhorbairt i dtearmainn na mbundúchasach, agus leis an gcosc ar theagmháil a dhéanamh le treibheanna nach ndearnadh teagmháil leo go fóill.
tabhairt ag eolaithe agus gníomhaithe pobail agus timpeallachta araon ar an leasú atá á mheas ag an gCúirt Uachtarach
Fheidearálach an tseachtain seo agus ar cheithre bhille eile atá á reachtú faoi láthair.
Ní hé an leasú thuas an t-aon athrú reachtaíochta atá á bheartú ag rialtas Jair Bolsonaro faoi láthair a d’fhéadfadh pobail bhundúchasacha
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Bundúchasaigh i mbun agóide'