Táimid go léir dúghafa le Wordle na Gaeilge

Tá rudaí níos tábhachtaí ar an saol ná focal an lae a thomhas. Nó an bhfuil? Ní chuimhním ar an saol eile níos mó. 

Táimid go léir dúghafa le Wordle na Gaeilge

‘Triail ‘pluid’’ a d’fhógair mé trasna na cistine ar an gCailín Mór Beag agus í sáite sa gcluiche nua Wordle a bhfuil an saol ar fad gafa aige ó fuair muid amach faoi an tseachtain seo caite.

‘Mamaí! Nár dhúirt mé leat go bhfuil ‘a’ ann, níl aon ‘a’ i bpluid!’

Is é an leagan Gaeilge den chluiche Wordle a bhí á imirt aici, Foclach, atá cruthaithe ag Linda Keating agus ar fáil ar-líne ar fhoinse oscailte. Tá siad á imirt sa scoil.

Tháinig an Cailín Mór Beag abhaile ón scoil agus fuadar fúithi. ‘Cá’l an fón, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom agus í ag imeacht thart ar nós cuileoige á chuardach.

‘An bhfuil Foclach agat Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí ansin díom sula raibh deis agam í a fhreagairt. ‘Caithfidh muid é a fháil, Mamaí!’

Chomh fada is a bhaineann sé le cluichí ar an ríomhaire is dóigh nach aon dochar é a bheith dúghafa le cluiche tomhas focail. Is níl ann ach cluiche amháin sa lá fad is atá a fhios agam.

‘Seo!’ a deir mé agus shín mé an fón chuici.

‘Tá sé agam!’ a deir sí tar éis dhá shoicind agus thaispeáin sí an cluiche dom.

Mura bhfuil an cluiche feicthe agat, séard atá ann ná tábla atá sórt cosúil le gréasán sudoku agus caithfidh tú focal an lae a thomhas chun an cluiche a chríochnú. Bíonn 6 iarracht agat an freagra ceart a fháil.

Bhreathnaigh mé ar an scáileán. ‘Céard a dhéanfaidh muid anois?’ a d’fhiafraigh mé den Chailín Mór Beag.

‘Caithfidh tú focal le cúig litir ann a chur isteach,’ a deir sí agus í ag déanamh dianstaidéir ar an tábla ar an scáileán.

‘Sea,’ a dúirt mé, ‘ach an bhfuil aon nod againn céard é an focal?’ a d’fhiafraigh mé di agus mearbhall orm.

‘Níl,’ a deir sí go lom agus shín sí amach a méirín is thosaigh ag cló isteach litreacha.

‘Céard?’ a deir mé agus uafás orm. ‘Aon fhocal faoin spéir agus cúig litir ann?’

‘Sea Mamaí,’ ar sí. ‘C-L-U-A-S’ a chuir sí isteach ansin is bhrúigh an cnaipe iontrála.

Tá chuile dhuine a chasfar ort ar an tsráid ag fiafraí, an bhfuil tú ag imirt Wordle fós?  Is dóigh go bhfuil tú féin dúghafa le Foclach chomh maith. Cuimhnigh do lón a ithe, is d’éadaí a athrú uair sa ló, agus ná dearmad caithfidh tú dul amach ag an obair anois is arís chomh maith.

Tá rudaí níos tábhachtaí ar an saol ná focal an lae a thomhas. Nó an bhfuil? Ní chuimhním ar an saol eile níos mó.

‘Scéal grá’ a thug an New York Times ar scéal an chluiche atá scaipthe ó dhosaenacha imreoirí go dtí na céadta mílte acu in imeacht roinnt míonna. Innealtóir bogearra a dhear an cluiche ó thús mar bhronntanas dá bhean. Scaoil siad amach an cluiche go poiblí ina dhiaidh sin agus tá an-tóir anois air ar fud an domhain.

‘Tá a fhios againn go bhfuil ‘a’ sa bhfocal Mamaí,’ a deir sí. ‘An bhfuil a fhios agat aon fhocal a bhfuil cúig litir ann agus ‘a’ ann?’

Fág freagra ar 'Táimid go léir dúghafa le Wordle na Gaeilge'

  • Máire Blundell

    Tá mise dúghafa leis an cluiche nua: foclach ach caithfidh mé a rá go bhain mé níos mó ama ag lorg na focail ceart!
    Is é mo thuairim is cluiche ar líne den scoth é agus rud spéisialta chun an gaeilge a cur chun cínn.
    Maith thú, Linda Keating.

    Máire