CLUASTUISCINT: Scannán Gaeilge

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Scannán Gaeilge

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén gaisce atá déanta ag an scannán Foscadh?
  • Cén fáth a luitear Seán Breathnach?
  • Cén bhaint atá ag Donal Ryan leis an scannán?
  • Cad leis atáthar ag súil anois?
  • Cad atá tarlaithe dhá bhliain as a chéile?
  • Cén moladh a thug lucht IFTA don scannán?
  • Luaigh rud amháin faoi ábhar an scannáin?

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra agus sampla den tuiseal ginideach.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. Dúirt stiúrthóir an scannáin Seán Breathnach gur “pribhléid” agus “onóir mhór” dó a bheith ainmnithe ag IFTA do na gradaim Oscar sa chatagóir don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr.
  2. “Tá Cine4 ag dul ó neart go neart agus cuireann sé ríméad orm go mbeidh saothar agus tallann Éireannach bunaithe ar fhís agus ar shamhlaíocht Éireannach ag dul in iomaíocht arís ar an stáitse domhanda is tábhachtaí dár dtionscal.”
  3. “Seo an cineál scéal a thaitníonn leo – tuathánach soineanta ag teacht in aibíocht ainneoin bacanna pearsanta agus sóisialta.
  4. “Tá áthas an domhain orainn go bhfuil Foscadh ag dul i bhfeidhm chomh mór ar sin ar léirmheastóirí agus ag féilte araon,” ar sé.
  5. Tá ráite ag Alan Esslemont cheana gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí déanamh amhlaidh.
  6. Dúirt Paddy Hayes, léiritheoir Foscadh, go raibh sé ag súil go mbeadh “an-éileamh” ar scéal Foscadh i measc bhaill an Acadaimh.
  7. Dúirt Breathnach go raibh moladh mór tuillte ag “cliar agus criú iontach” Foscadh, agus ag TG4, an BAI agus Fís Éireann as an maoiniú a chur ar fáil.
  8. Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, fáilte mhór roimh an ainmniúchán.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Scannán Gaeilge'