An scannán Gaeilge ‘Foscadh’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars

Seo an dara bliain as a chéile go bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe ag IFTA sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr

An scannán Gaeilge ‘Foscadh’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars

Tá an fadscannán Gaeilge Foscadh, an chéad scannán ón stiúrthóir Seán Breathnach as Gaeltacht Chonamara, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.

Is iad Dónall Ó Héalaí, Fionnuala Ní Fhlatharta agus Cillian Ó Gairbhí atá sna príomhpháirteanna sa scannán Foscadh, leagan d’úrscéal le Donal Ryan, The Thing About December.

An comhlacht Tua Films a léirigh Foscadh do TG4 faoin scéim Cine4.

Seo an dara bliain as a chéile go bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe ag IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr.   Ba é Arracht, an scéinséir faoin Ghorta Mór, rogha IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr  anuraidh.

Beifear ag súil anois go rachaidh ‘Foscadh’ céim níos faide agus áit a fháil ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí Aibreáin seo chugainn in Los Angeles.

Agus a rogha á fógairt acu, mhol lucht IFTA “sárscéalaíocht” an scannáin, a rachadh i bhfeidhm ar lucht féachana “i dteanga ar bith”.

Tugadh moladh ar leith do Dhónall Ó Héalaí, as na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara, a thug leis “leochaileacht” agus “uaigneas” a charachtair.

Scéal teacht in inmhe é Foscadh faoi fhear soineanta as an Ghaeltacht arb éigean dó fás suas tar éis bhás a mhuintire.

Baineann an drámaíocht agus an teannas sa scéal leis na caidrimh agus na cinntí atá le déanamh ag John Cunliffe, atá á chur i láthair ag Dónal Ó Héalaí.

Dúirt stiúrthóir an scannáin Seán Breathnach gur “pribhléid” agus “onóir mhór” dó a bheith ainmnithe ag IFTA do na gradaim Oscar sa chatagóir don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr.

“Tá áthas an domhain orainn go bhfuil Foscadh ag dul i bhfeidhm chomh mór ar sin ar léirmheastóirí agus ag féilte araon,” ar sé.

Dúirt Breathnach go raibh moladh mór tuillte ag “cliar agus criú iontach” Foscadh, agus ag TG4, an BAI agus Fís Éireann as an mhaoiniú a chur ar fáil.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, fáilte mhór roimh an ainmniúchán.

“Tá Cine4 ag dul ó neart go neart agus cuireann sé ríméad orm go mbeidh saothar agus tallann Éireannach bunaithe ar fhís agus ar shamhlaíocht Éireannach ag dul in iomaíocht arís ar an stáitse domhanda is tábhachtaí dár dtionscal.”

Tá ráite ag Alan Esslemont cheana gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí déanamh amhlaidh.

Dúirt Paddy Hayes, léiritheoir Foscadh, go raibh sé ag súil go mbeadh “an-éileamh” ar scéal Foscadh i measc baill an Acadaimh.

“Seo an cineál scéal a thaitníonn leo – tuathánach soineanta ag teacht in aibíochta ainneoin bacanna pearsanta agus sóisialta.

“Beidh an chéad taispeántas idirnáisiúnta aige ag Féile Scannán Newport Beach, gar do L.A. áit a gcuirfimid tús le feachtas bolscaireachta do na hOscars, ag súil leis an ngearrliosta a bhaint amach.”

D’éirigh athair Paddy Hayes an gearrliosta a bhaint amach don scannán faisnéise is fearr dá scannán Cradle of Genius i 1961.

“Tá sé thar am gur éirigh liom a mhacasamhail a bhaint amach!” a dúirt Paddy Hayes ó Tua Films.

Fógrófar an gearrliosta do na hainmniúcháin Oscar ar an 5 Feabhra 2021 agus fógrófar na hainmniúcháin féin ar an 15 Márta. Beidh searmanas na nOscar ar siúl ar an 25 Aibreán.

Fág freagra ar 'An scannán Gaeilge ‘Foscadh’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars'