‘Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’imircigh chun an Ghaeilge a fhoghlaim’

D’fhógair an Rialtas scéim nua le deireanaí faoina bhfuil acmhainní le cur ar fáil d’imircigh le cur lena gcumas sa Bhéarla ach deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar chuid den scéim freisin

‘Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’imircigh chun an Ghaeilge a fhoghlaim’

Tá ráite ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur cheart acmhainní a chur ar fáil d’imircigh a chabhródh leo an Ghaeilge a fhoghlaim mar chuid de scéim nua atá fógartha ag an Rialtas.

D’fhógair an tAire Ardoideachais Simon Harris go raibh maoiniú breise le cur ar fáil chun cabhrú le daoine a thagann chun na tíre seo ag obair cur lena gcumas sa Bhéarla.

Dúirt an tAire Harris go raibh inniúlacht sa Bhéarla chomh maith le scileanna litearthachta agus uimhearthachta ina “mbunchloch riachtanach” do dhaoine a bhí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh in Éirinn.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de scéim nua an Rialtais. Deir sé go bhfuil suim sa Ghaeilge léirithe ag an-chuid daoine a thagann chuig an tír seo ag obair agus go bhfuil teipthe ar an stát go minic freastal orthu.

“Ba chóir go mbeadh Gaeilge agus Béarla I gceist i gcónaí nuair a bhíonn acmhainní á gcur ar fáil ag an stát d’imircigh nó d’aon duine – is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta,” arsa Ó Snodaigh.

“Is léir ón gclár iontach sin Éire Nua ag Hector Ó hEochagáin go bhfuil an-spéis ag imircigh, ní hamháin i bpas Éireannach a fháil nó cónaí in Éirinn, ach sa teanga mar lánchuid den saol Éireannach.

“Bhí náire an domhain ar chách nuair a dhiúltaigh an Roinn Dlí agus Cirt d’iarratas saoránachta Fangzhe Qiu, ollamh sa Sean-Ghaeilge agus imirceach ón tSín, toisc a iarratas a bheith i nGaeilge, ach cé gur ghabh siad leithscéal ag an am is léir go bhfuil an cur chuige céanna ann gó fóill.

“Caithfimid deireadh a chur leis an nós seo Béarla a bhrú ar chách, fiú ar dhaoine atá ag teacht ó thíortha nach bhfuil taithí acu ar an bhfrithGhaelachas agus an Béarla a bheith chun tosaigh i gcónaí.”

Bhí Alex Hijmans, údar agus colúnaí de chuid Tuairisc.ie, ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa iMeasc, a chabhraigh le himircigh a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.

Chuir sé fáilte roimh scéim nua an Rialtais ach dúirt sé go raibh an Ghaeilge ina dlúthchuid de shochaí na hÉireann agus gurb í an teanga a bheadh thíos leis mura ndéanfaí iarracht na hÉireannaigh nua a mhealladh ina treo.

“Fáiltím roimh aon iarrachtaí a d’éascódh imeascadh Éireannach nua i sochaí na hÉireann, cúrsaí Béarla ina measc. Níl mise chun a mhaíomh gur fiúntaí an Ghaeilge ná an Béarla in Éirinn an lae inniu, ná gur gá d’inimircigh a bheith ’níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin’ le go nglacfaí leo. Ach dlúthchuid d’inneach shochaí na hÉireann í an Ghaeilge freisin agus níor mhaith liom go gceilfí an Ghaeilge ar Éireannaigh nua nó go dtabharfaí le tuiscint dóibh ar aon bhealach nach mbaineann sí leo. Ní hamháin na hÉireannaigh nua, ach an Ghaeilge féin a bheadh thíos leis sin.”

Thagair an Teachta Ó Snodaigh freisin do chinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhí ann go gcaithfeadh duine a bhí ag iarraidh a bheith ina Gharda dhá theanga a bheith aige. Roimhe seo chaithfeadh dhá theanga a bheith ag duine le dul sna Gardaí agus chaithfeadh Béarla nó Gaeilge a bheith ar cheann den dá theanga sin.

Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt go bhfágfadh an t-athrú ar na rialacha nach mbeadh daoine nár rugadh in Éirinn agus nach raibh “aon taithí” acu ar an nGaeilge faoi aon “mhíbhuntáiste” a thuilleadh. Dúradh go raibh an riachtanas dhá theanga a bheith ag duine ina “bhac” roimh earcú daoine ó chúlraí éagsúla.

“B’ait an cinneadh a rinne an rialtas i leith na Gaeilge sa Gharda Síochána, nuair nach mbíonn buntáiste ag baint leis an nGaeilge fiú ó cuireadh deireadh le héigeantacht na Gaeilge,” a deir Ó Snodaigh.

“Ní léir dúinn go bhfuil an Ghaeilge mar bhac ar aon duine sa Gharda Síochána nuair nach bhfuil fiú dóthain Gardaí le Gaeilge earcaithe acu le freastal ar phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge. Ní hé go bhfuil ganntanas iarratas don Gharda Síochána ach oiread, agus in áiteanna ina bhfuil deacracht acu dreamanna éagsúla a earcú, ní léir gurb í an Ghaeilge is cúis leis sin.

“Níor thug Coimisinéir an Gharda Síochána aon léargas dúinn go raibh fadhb anseo nuair a labhair sé os comhair an Choiste Oireachtais i mbliana agus é ag gabháil leithscéil as an drochmheas a léiríodh don dualgas Gaeilge a bhí ar an bhfórsa, agus ag geallúint go raibh scéimeanna eile le cur ar bun acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Cad is fiú na ráitis a thug Drew Harris don Choiste agus don Choimisinéir Teanga agus é ar nós Tadhg an dá thaobh ag déanamh na socruithe seo leis an Aire Dlí agus Cirt i gcónaí chun ísliú céime eile a thabhairt don teanga náisiúnta i measc na nGardaí?

“Ní raibh fiú lá caite ó cuireadh an sprioc 20% earcaíochta isteach sa Bhille Teanga go dtí gur léirigh an cinneadh seo nach bhfuil aon athrú poirt tarlaithe go fóill, agus beidh le feiceáil an dtiocfaidh an cinneadh seo leis an sprioc sin ar chor ar bith.”

Fág freagra ar '‘Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’imircigh chun an Ghaeilge a fhoghlaim’'

  • Con Carroll

    Yes, I agree migrants should be encouraged to learn Irish. I attended an lrish course in Tallaght library , 1hour pw for 10 weeks in spring and the same in Autumn. 20 hrs per year! We weren’t allowed continue after a couple of sessions because it was only for beginners we asked if they could put on an extra class for improvers. No. Yet there were 4x 2hr classes pw for migrants learning English and these ran through summer. It is right that they should be helped in this way, but its a little ironic that there was more funding available for people to learn English than our own language.