Machnamh agus dóchas i searmanas Ard Mhacha in ainneoin na conspóide

Bhain port dóchais na seirbhíse conspóidí in Ard Mhacha le polaitíocht atá níos fearr ná an cineál polaitíochta a bhí againn go dtí seo

Machnamh agus dóchas i searmanas Ard Mhacha in ainneoin na conspóide

Seirbhís éacúiméineach chun athmhuintearas a chothú a bhí in ainm is a bheith in Ardeaglais Naomh Pádraig in Ard Mhacha Déardaoin. Le linn na conspóide le mí, a bhain le diúltú an Uachtaráin Ó hUigínn freastal ar an ócáid, dúirt na ceannairí eaglasta arís agus arís eile nach ócáid pholaitiúil í ach seirbhís mhachnaimh agus dóchais.

Ós í críochdheighilt na hÉireann agus bunú Thuaisceart Éireann céad bliain ó shin a bhí mar ábhar machnaimh ba dheacair a shamhlú conas a choinneofaí an searmanas saor ó pholaitíocht. Bhí sé dodhéanta. 

D’fhan siad glan ó pholaitíocht na bpáirtithe ó chuaigh daoine an doras isteach ach bhí an pholaitíocht de dhlúth agus d’inneach sna ráitis ó dhaoine óga agus ceannairí na gceithre eaglais. Níl ceist níos polaitiúla ná conas mar a mhairfidh daoine, mar a chinnteofar go bhfaighidh gach duine an ceart – cothromaíocht, comhionannas, deiseanna oideachais, fostaíocht agus saol saor ó fhoréigean. 

Níor chuir seanmóirí an lae, an Dochtúir Oirmhinneach Sahr Yambasu, Uachtarán na Modhach in Éirinn, fiacail ann. Rinne lear maith daoine a ndícheall ar leas an phobail ar fad ach mhill seicteachas, éagóir, foréigean millteach agus polaitíocht leithleach an tsochaí le linn an chéid seo thart a dúirt sé. D’achainigh sé go dtabharfaí faoi thodhchaí ar mhaithe le gach éinne. “Beidh sé costasach sochaí chothrom, chóir a chruthú,” a dúirt sé leis an bpobal, a raibh na sluaite polaiteoirí ina measc, “ach is dualgas morálta é a mbeidh gá le misneach morálta chun é a chomhlíonadh”.

Bhí Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, i measc an phobail ag éisteacht leis an teachtaireacht neamhbhalbh sin. Bhí an Státrúnaí Brandon Lewis ann freisin, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ann chomh maith le ceannairí na bpríomhpháirtithe logánta, cé is moite de Shinn Féin. Dhiúltaigh Sinn Féin freastal ag rá nach raibh tada le ceiliúradh faoin gcríochdheighilt agus cháin cuid dá lucht leanúna ceannaire an SDLP agus Rialtas na hÉireann mar nach ndearna siad an rud céanna. 

Mheabhraigh Eastwood do pháirtithe nach raibh i láthair nár cheiliúradh a bhí sa tseirbhís ach athbhreithniú agus súil chun cinn. Mar sin féin níor cháin sé an tUachtarán Ó hUigínn faoina neamhfhreastal; dúirt sé go raibh ceisteanna le meá ag an Uachtarán thairis mar a bhí aige féin. Ghlac an Bhanríon Eilís 2 leis an gcuireadh chuig an tseirbhís ach d’athraigh sí a hintinn ar chomhairle a dochtúra.

Mhol Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP don Uachtarán Ó hUigínn breathnú ar fhíseán den tseirbhís le go bhfeicfeadh sé céard a tharla i ndáiríre. Níor faoi pholaitíocht é ná faoi thaobh amháin a bheith in ann an ceann is fearr a fháil ar thaobh eile. Dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh tionchar chun athmhuintearais ag an méid a cluineadh sa tseirbhís.

Ba léir nárbh ionann an cúlra a bhí ag na ceithre cheannaire eaglasta ach go raibh siad diongbháilte go ndéanfadh na heaglaisí scrúdú coinsiasa faoina ról féin le céad bliain. Dúirt an Príomháidh Caitliceach, an tArd-Easpag Eamon Martin, as Doire gur le brón a dhearcann sé ar an gcríochdheighilt. Chothaigh sé polarú agus chuir sé deighilt ar bhonn institiúideach, a dúirt sé. 

Ba chás leis nach ndearna an Eaglais Chaitliceach a dóthain chun na scoilteanna agus a dtionchar a leigheas. Bhí an port céanna ag Príomháidh Eaglais na hÉireann, an tArd-Easpag John McDowell, as oirthear Bhéal Feirste, aiféala air nár thug a eaglais ceannaireacht; bhíomar róthógtha le teorainneacha agus táimid á dhéanamh sin arís anois in ionad díriú ar shochaí fhiúntach a thógáil, ar sé. Mhol an Dochtúir David Bruce, as Contae an Dúin, Modhnóir na hEaglaise Preispitéirí go n-aithneodh daoine gortaithe a chéile agus go gcuideodh siad le chéile chun caidreamh níos láidre a bhunú ar an oileán seo agus idir an dá oileán.

Bhí cúlra Uachtarán na Modhach an-difriúil ón triúr eile. Is i Sierra Leon a rugadh an Dr Sahr Yambusa agus taithí na hAfraice aige ar an impiriúlachas, ar chríocha á ndeighilt amhail is nárbh fhiú tráithnín iad mianta an chine ghoirm, an pobal dúchasach. Tá sé in Éirinn le sé bliana fichead, ré shíochánta den chuid is mó. Tá na blianta sin caite aige ag déanamh a bhealach chun a stádas mar dhuine comhionann le muintir na hÉireann a dhaingniú, ar sé.

Tá tréimhsí caite aige i Longfort, Gaillimh agus Cill Mhantáin chomh maith le Béal Feirste. Bhí taithí aige ar chogadh cathartha ina thír dhúchais agus téagar dá réir lena theachtaireacht don phobal, do na heaglaisí agus do pholaiteoirí go bhfuil maithiúnas riachtanach agus comhoibriú ar mhaithe le gach dream. Fearacht na ndaoine óga a labhair ag an tseirbhís ag éileamh go dtógfaí sochaí ina bhféadfaidís bláthú, thiomnaigh seisean agus na ceannairí eaglasta eile iad féin do shaothar ar son an athmhuintearais. Ní raibh aon chaint ar reifreann faoin teorainn ná ceisteanna mí-áisiúla eile an lae ach bhain machnamh mairgneach ar an am atá caite agus port dóchais na seirbhíse le polaitíocht níos fearr ná mar a bhí anseo go dtí seo.

Fág freagra ar 'Machnamh agus dóchas i searmanas Ard Mhacha in ainneoin na conspóide'