Dá n-inseofá don asal é bhuailfeadh sé cic ort – scéal dochreidte a bheadh ann. Nach glas é an t-asal agus gan é ach seachtain – rud a déarfaí le magadh faoi scéal dochreidte.
Seo leaganacha eile a bhfuil an focal asal iontu:
Chomh righin le seanasal cleasach.
Asal na gcos mór, ná mol é go deo.
Grian don searrach agus an teach don asal.
Tig leis an asal a bhéilí a ithe – níl aon imní air.
Saol crua ag an asal.
Fear gan bean mar asal gan eireaball.
Mheallfadh sé an t-asal ón gcoirce—cluanaí ceart.
Cuir an tsrathair ar an asal ceart. Cuir an diallait ar an gcapall ceart, a déarfadh daoine eile.
Is fearr an t-asal a d’iompródh thú ná an capall a chaithfeadh ar an talamh thú.
‘Amadán na gcluasa fada,’ a dúirt an t-asal lena dheartháir.
Ní ceart ualach trom a chur ar asal lag.
Is fearr marcaíocht ar asal ná coisíocht dá fheabhas. Gabhar in áit an asail is coitianta a bhíodh sa ráiteas sin.
Cheithre asal gan a bheith screadach,
Cheithre ghabhar gan a bheith bradach,
Cheithre dhiabhal gan a bheith gnóthach,
Sin dáréag nach bhfaighfeá i dtír.
Ní dhéanfadh an saol capall rása d’asal.
Bíonn an muintearas ann go dtéann an t-asal sa ngarraí—ní thaispeánann aon duine a nádúr go gcuirtear múisiam nó fearg air.
Ghoidfeadh cuid de na daoine an chrois d’asal. Sea agus d’ólfadh corrdhuine an chrois den asal freisin.
Dhá asal ag tochas a chéile – beirt ag moladh a chéile.
Is maith é an t-asal go dtaga an carr is an capall.
Asal ag ithe a shrathrach féin—ag obair i d’aghaidh féin, ag milleadh do chuid oibre féin.
‘I gCinn Mhara bhíos nuair chuireas aithne ar m’asal beag dubh i dtosach. Lá aonaigh bhí ann agus bhí sé ina sheasamh ansin cois claí agus a thóin le gaoth gan aird aige ar an saol ná ag an saol air,’ an tús a chuir Pádraic Ó Conaire le ceann de na scéalta is cáiliúla a scríobh sé.
Asal mé is bó Mhic Dé Bhí, a dúirt Aodh Mac Aingil agus é ag cur síos ar an mainséar i mBeithil.
Chonaic mé asal ag cardáil barraigh Dé Luain, a dúradh i gCeol na mBréag nó Amhrán na mBréag.
Crú don each rása, agus ardú faoin asal. Raiftearaí a bhí ansin ag cur síos ar obair Bheairtle, ‘an glancheardaí’. Ní thuigim ‘ardú faoin asal’ murar cruite a bhí i gceist aige ansin freisin.
Nach óg a chuir m’athair mé ar asal ag iarraidh mná, a dúradh san amhrán ‘Cuach na Finne’.
Níl aon bheann ag asal ar dheilgíní.
Tá tú chomh dúr le seanasal. Is iontach go deo an t-asal é a deirtí faoi leathamadán de phleidhce. Dobhrán déanta a bheadh ann.
Chuir an buachaill freang san asal le buille.
Chomh siúráilte is atá pus ar asal. Chomh siúráilte is atá an cac san asal a deirtí freisin.
Cén fáth an ghráig a chur asat, is geall le asal Bealtaine thú. Bíonn fíbín agus dúrúch ceart ar na hasail sa mBealtaine.
Ní raibh a fhios againn ach oiread le asal Bealtaine céard a bhain dó – níor thuig muid é.
I bhfoisceacht scread asail do rud – gar go leor.
Bhí sé ag baint asail óga – ag baint fóide móra móna.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ghoidfeadh cuid de na daoine an chrois den asal'