Caithfidh aontachtaithe éisteacht luath nó mall

Bhí an chaint dea-mhúinte ach thug na haontachtaithe an chluas bhodhar d’aon rud dearfach a bhí le rá ag Leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Caithfidh aontachtaithe éisteacht luath nó mall

Ócáid neamhchoitianta ab ea í. Feidhmeannach sinsearach ón Aontas Eorpach os comhair coiste i rialtas réigiúnach i dtír nach ballstát den AE í. 

Bheadh sé annamh i mballstát. 

Comhartha sóirt ar chomh dáiríre is atá an Bhruiséil faoi na fadhbanna leis an bPrótacal iarBhreatimeachta a fhuascailt nó ar a mian chun an milleán faoin gconspóid a sheachaint.

Chaith Maroš Šefčovič, Leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. suas le huair an chloig ag caint le naonúr de Theachtaí Tionóil Thuaisceart Éireann, ag freagairt a gceisteanna agus ag éisteacht le seanmóireacht. Cé gur thug sé leide faoi sholúbthacht ar chuir saineolaithe suim ann níos deireanaí ba chuma lena lucht freasúra.

Ba é ‘éist’ focal an lae. Mhaithfeá don té a mbeadh mearbhall air faoi bhrí an fhocail sin. Cé acu den phéire seo ‘tabhair aird ar a bhfuil á rá agam’ nó ‘éist do bhéal mura bhfuil tú toilteanach aontú go hiomlán liom’? Bhí an chaint dea-mhúinte ach thug na haontachtaithe an chluas bhodhar d’aon rud dearfach a bhí le rá ag an leas-uachtarán Šefčovič.

Naonúr ar fad atá ar an gcoiste a dhéanann iniúchadh ar obair Oifig an Fheidhmeannais, an roinn a bhfuil an Chéad agus LeasChéad Aire ina bun. Bhí siad ar fad i láthair ina bpearsa nó go fíorúil, triúr ón DUP, triúr ó Shinn Féin, duine ón SDLP (an cathaoirleach), duine ón UUP (an leaschathaoirleach) agus neamhspleách a d’fhág páirtí an Alliance anuraidh.

Tá nós ag aontachtaithe an DUP a mhaíomh go bhfuil gach duine i dTuaisceart Éireann in éadan an Phrótacail agus gach dream thíos leis. Caolseans gur chreid Šefčovič é sin ar aon nós ach fuair sé dalladh fianaise ón gcoiste go mba mhionlach iad an DUP agus UUP le chéile, ceathrar ar fad. 

Bhí an cúigear eile báúil leis an Aontas Eorpach, in éadan an Bhreatimeachta agus den bharúil gurb é an Prótacal, dá dhonacht é, rogha an dá dhíogha. Dúradh leis gurb é sin leagan amach an mhóraimh san Tionól.

Bhí Šefčovič foighneach nuair a dúirt na haontachtaithe ar fad leis nach raibh an tAontas Eorpach ag éisteacht lena gcás. An é Baile Átha Cliath faoi ndear an neamhaird a d’fhiafraigh Diane Dodds?  An raibh an tseiceáil chustaim á cur i bhfeidhm go ródhian chun brú a chur ar rialtas na Breataine ionas go nglacfadh sé leis an socrú ‘Eilvéiseach’ ba mhaith leis an AE? a d’fhiafraigh Christopher Stalford. 

Shéan an Dr Šefčovič na tuairimí sin agus tuilleadh. Bhain an rud ba ghéire, a dúirt sé, leis an leas a baineadh as an bpraiseach a rinneadh nuair a bhagair an tAE leas a bhaint as alt 16 i dtaca le vacsaín. Rinneadh botún, ach tarraingíodh siar uaidh agus gabhadh leithscéal ach bhí na daoine a mhaíonn gur gaireadh an beart “ag gríosú míshuaimhnis go mífhreagrach” a dúirt sé.  

Nuair a dúirt John Stewart ón UUP nár ghlac sé leis gur chosain an Prótacal Comhaontú Aoine an Chéasta, ba é a fhreagra gurb é sin a bhí san téacs, a pléadh focal ar fhocal leis an Ríocht Aontaithe sular ghlac an Príomh-Aire Johnson agus móramh sa Pharlaimint in Westminster leis. Mheabhraigh sé do Stewart gurb é an Breatimeacht crua a roghnaigh an rialtas a chinntigh go mbeadh roinnt seiceála ar earraí ón mBreatain go Tuaisceart Éireann dosheachanta. Leag sé béim air nár chuala sé aon mholadh faoi mhalairt réitigh a bheadh feidhmiúil.

Ní raibh aon rún le sceitheadh aige ach é cinnte go seachnófaí géarchéim amárach, an 1 Iúil, mar go mbeadh síneadh trí mhí ar an tréimhse chairdis i dtaca le hispíní agus feoil reoite ón mBreatain. Ní réiteach buan ar na fadhbanna faoi sheiceáil earraí ón mBreatain Mhór é ach faoiseamh is ea é. 

Ghlac sé le cuireadh an chathaoirligh, Colin McGrath, labhairt leo arís sa bhfómhar agus súil aige go mbeadh dul chun cinn déanta faoin am sin. Ceistíodh é faoi na coinníollacha a bhaineann le cruach a iompórtáil – ceann de na fadhbanna do lucht déantúsaíochta abhus. Bhí leasuithe á ndéanamh acu maidir le cruach a thabhairt ón mBreatain go Tuaisceart Éireann ach chuir an Bhreatain leis an liosta táirgí, a dúirt sé. A thuilleadh plé riachtanach mar sin. 

Thairis sin dúirt sé go mbeidís solúbtha, agus go mbeidís toilteanach dlíthe a athrú dá mba ghá dá léireodh an Ríocht Aontaithe tiomantas don bPrótacal ina iomláine a fheidhmiú. Chuir lucht gnó suim sa mhéid sin, iad den bharúil gur chéim mhór é d’eagraíocht a chloíonn go docht le rialacha. Má tá an t-údarás ag Maros Šefčovič chun a leithéid a rá ní foláir nó go bhfuil an plean pléite ag an gCoimisiún nó fiú na ballstáit. 

Chaithfeadh sé go bhfuil foireann Bhreatimeachta Boris Johnson ar an eolas faoi. Fúthu sin an imirt mar sin, bíodh aontachtaithe toilteanach é a admháil nó a shéanadh. 

Fág freagra ar 'Caithfidh aontachtaithe éisteacht luath nó mall'