Léargas ar chlár raidió a thug éachtaint ar chruachás folaithe na mban

Is mó a mhúnlaigh clár raidió Gay Byrne a ghaol leis an bpobal ná mar a dhein an Late Late

Léargas ar chlár raidió a thug éachtaint ar chruachás folaithe na mban

I 1979 shiúil an mháthair óg Carmel McCartney isteach i dtigh tábhairne in Inse Chór agus d’ordaigh sí pionta. Thug fear an bheáir le fios di go neamhbhalbh nár thug siad pínt do mhná; b’éigean di leathghloine d’ól. Bhí muc ar gach mala aici agus chinn sí rud éigin a dhéanamh faoi. Dhein sí mar a dhein mórán eile ag an am; rug sí ar a peann agus do scrígh sí litir chuig Gay Byrne lena míshástacht a chur in iúl. Deir Carmel agus í faoi agallamh don chlár Dear Gay (RTÉ1, Dé Luain) gurbh é léamh na litreach sin ba chionsiocair le hathrú meoin i measc tábhairneoirí.

Bhí clár raidió Gay Byrne ar siúl ar feadh 25 bliain. Thosaigh sé amach mar chlár éadromchroíoch a bhí dírithe ar mhná tí (a bhí sáinnithe sa teach). Cuimhnigh gurbh í seo tréimhse ina mbíodh Gay ag láithriú comórtas Housewife of the Year, leagan níos sine ná comórtas na Rósanna. I gcaitheamh na mblianta neadaigh an clár i saol laethúil agus éisteachta an phobail, i measc na mban ach go háirithe. Go deimhin dhein is mó a mhúnlaigh an clár seo gaol Gay leis an bpobal ná mar a dhein an Late Late.

Diaidh ar ndiaidh thosaigh na litreacha ag teacht; bhíodar éadromchroíoch agus greannmhar den chuid is mó ag an tús. Ba mhinic go mbíodh daoine ag lorg seirbhíse nó earra ar leith; tocht compordach mar shampla. De réir a chéile thosaigh níos mó litreacha ag teacht agus d’éirigh na téamaí na litreacha níos sollúnta. Cuimhníonn an léiritheoir Billy Wall ar achainí ó mháthair neamhphósta (faoi mar a thugtaí ar mháithreacha aonair ag an am) ar lóistín di féin agus dá clann.

Ba thréimhse chinniúnach é seo do shaol agus do chearta na mban. Bhí na reifrinn ar ghinmhilleadh agus colscaradh againn sna hochtóidí agus dearcadh níos oscailte ag teacht chun cinn maidir le gnéas agus cúrsaí caidrimh. Thug Gay, agus scéalta na litreacha, léargas ar chruatan folaithe na tréimhse agus an fonn chun athraithe mar aon leis na hathruithe céanna a bhrú chun cinn céim ar chéim. Díríodh ar chaidrimh lasmuigh den phósadh, uchtú, an tslí ar caitheadh le máithreacha aonair, mí-úsáid fhisiciúil agus a lán téamaí eile nach iad.

Shroich seo buaic le scéal tragóideach, truamhéalach Ann Lovett sa Ghránard i 1984. Ní raibh sí ach cúig bliana déag ag an am nuair a chuaigh sí go huaimh Mhuire ar an mbaile lena páiste a thabhairt ar an saol. Bhásaigh an bheirt acu. Bhí an tír suaite trína chéile i ndiaidh na heachtra seo agus tháinig na litreacha ina rabharta. Deineadh an cinneadh tuisceanach, cliste clár a chur i leataobh le meascán de na litreacha a léamh amach. Cloch mhíle maidir leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí. Blianta ina dhiaidh sin tháinig Christine Buckley ar an gclár lena scéal anróiteach féin a insint.

Bailíodh meitheal bhreá de chloigne cainte le chéile le labhairt faoi thionchar an chláir agus cumas Gay; a iníonacha, David Norris agus Catherine Corless ina measc. Thug Gay cluas le héisteacht do scéal gach n-aon. Thuig sé cén uair le labhairt agus cén uair le fanacht ina thost. Mheall a chur i láthair agus a chur chuige daoine, mná go háirithe, le dul i mbun pinn agus cainte.

Go deimhin d’fhéadfaí a mhaíomh go raibh sé níos fearr ar an raidió ná mar a bhí sé ar an teilifís.

Cinnte ba é an duine ceart ar an seó ceart ag an am ceart.

Fág freagra ar 'Léargas ar chlár raidió a thug éachtaint ar chruachás folaithe na mban'

  • Gerry

    Rinne sé neamhaird iomlan ar an Gaeilge cé go raibh teach aige i nGaeltacht Dhún na nGall.Is mór an trua nar bhog sé go BBC cosúil la namhaid eile an Gaeilge ón tír seo.

  • Colin Ryan

    Murar thug sé aird ar an nGaeilge chealaigh sin an obair uile? Ní dóigh liom é.