‘Buíochas le Dia’ – rogha na Gaeilge curtha le líne cláraithe vacsaíní an HSE

Bhí deacrachtaí ag daoine clárú i nGaeilge do vacsaín le HSELive le tamall ach tá rogha na Gaeilge ar fáil ón lá inniu agus seirbhís shásúil á cur ar fáil do Ghaeilgeoirí

‘Buíochas le Dia’ – rogha na Gaeilge curtha le líne cláraithe vacsaíní an HSE

Tá rogha na Gaeilge curtha ag an HSE ar roghchlár réamhthaifeadta a líne chabhrach do dhaoine atá ag iarraidh clárú do vacsaín.

Bhí deacrachtaí ag daoine clárú i nGaeilge do vacsaín le HSELive le tamall ach tá rogha na Gaeilge ar fáil ón lá inniu agus seirbhís shásúil á cur ar fáil ar an nguthán do Ghaeilgeoirí, de réir tuairiscí.

Níl aon rogha eile ag duine atá ag iarraidh clárú i nGaeilge do vacsáin in aghaidh an Covid-19 ach dul i muinín an ghutháin mar ní féidir clárú i nGaeilge ar líne.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga mar gheall ar an teip sin.

Dúirt an HSE an tseachtain seo caite nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.

Dúirt siad áfach gur féidir le duine clárú i nGaeilge ar an líne chabhrach.

Ghéill siad, áfach, go raibh deacrachtaí ag daoine roimhe seo an méid sin a dhéanamh agus i ráiteas a chuir siad ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go raibh rogha na Gaeilge á chur ar roghchlár réamhthaifeadta a líne chabhrach.

I measc na ndaoine a raibh deacrachtaí móra acu nuair a rinne siad iarracht clárú i nGaeilge don vacsaín le HSELive bhí iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, ar dúradh léi nach raibh a leithéid de sheirbhís ar fáil.

Bhí Máire Ní Fhinneadha, colúnaí de chuid Tuairisc.ie, ar dhuine de na daoine ar éirigh léi clárú i nGaeilge inniu trí rogha nua na Gaeilge ar roghchlár líne chabhrach an HSE.

Mar a scríobh sí anseo, bhí deacrachtaí ag Máire Ní Fhinneadha roimhe seo clárú i nGaeilge, ach bhí sí an-sásta leis an tseirbhís “iontach” a fuair sí ina teanga dhúchais inniu.

“Buíochas le Dia, más mall féin is maith go bhfuil an tseirbhís ar fáil agus Gaeilge bhreá ag an bhfear a thóg na sonraí uaim. Is léir nach neamhchumas ach neamhshuim sa nGaeilgeoir ba chúis leis an tsiléig. Tá súil agam go gcuirfear rogha na Gaeilge ar an suíomh gréasáin anois.” 

D’éirigh le duine de léitheoirí Tuairisc.ie clárú i nGaeilge chomh maith tríd an rogha nua ar HSELive.

“Ghlac beirt éagsúil sonraí uaim féin agus ó mo dheartháir, bhíodar neirbhíseach faoina gcuid Gaeilge ach ní raibh deacracht ar bith ann an gnó a dhéanamh go réidh.”

Fág freagra ar '‘Buíochas le Dia’ – rogha na Gaeilge curtha le líne cláraithe vacsaíní an HSE'

  • Seán Mistéil

    Más mall, is mithid… Tá Íte agua Máire le moladh faoin aird a tharraing siad ar an scéal seo. Ceachtanna le foghlaim ag FSS – agus go leor eile go fóill ar fud na seirbhíse poiblí. Níl deireadh ráite….