An Cadhnach i mbun cúirte, Luke Kelly ag amhrán sa jaics agus sinne ag caitheamh siar le fonn

Beidh clár ar siúl faoi '7 Drunken Nights' na Dubliners ar RTÉ anocht, clár a spreag ar gcolúnaí le turas a dhéanamh ar bhóithrín na smaointe

An Cadhnach i mbun cúirte, Luke Kelly ag amhrán sa jaics agus sinne ag caitheamh siar le fonn

Fuaireas cuireadh ó RTÉ le déanaí chun páirt a ghlacadh i gceann dá gcláracha faisnéise sa tsraith Cosc – faoin éacht a rinne na Dubliners le ‘Seven Drunken Nights’, a bhain uimhir a seacht amach i gcairteacha popcheoil na Breataine i mí Bealtaine na bliana 1967. 

Bheadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir!

Chuir an cuireadh ar bhóithrín na smaointe mé faoi Bhaile Átha Cliath na mblianta corraitheacha sin.

Inár mbreithiúnas féin, chreideamar, cúpla duine againn, go mba sinn boihéamaigh Choláiste Oiliúna Naomh Pádraig Droim Chonrach, más féidir fantaisíocht dá leithéid a shamhlú i gcás ábhar múinteora in Éirinn na bliana 1967. 

Pótairí, b’fhéidir. Sin cur síos a d’oir níos fearr dúinn, déarfainn.

An t-earrach sin bhíomar in ainm a bheith ‘ag ullmhú’ do na scrúduithe deireadh cúrsa. ‘Ye were, John,’ arsa mo mháthair liom. Bean ghéarchúiseach ab ea Bridie.

Thosaímis amach i Donoghues ar Rae Mhuirfean. D’fhéadfá Ronnie Drew nó Luke Kelly d’fheiscint ag an mbeár nó sa jaics i mbun foinn. Sea, sa jaics. Maith dhom é má thagann an tsamhail sin idir tú féin agus codladh sámh na hoíche romhainn.

Bhogaimis ansin trasna an bhóthair go beár a bhí i bhfad Éireann ní ba shuimiúla ná sin dúinne – Teach Uí Néill. 

Nárbh in Máirtín Ó Cadhain i mbun cúirte ansin – a gharda Praetóireach pearsanta in eagar cosanta ina theannta? 

Beag seans dúinne, gramaisc St. Pat’s, briseadh isteach i gcomhluadar An Fhir Mhóir de dheasca díograis na buíne cosanta agus sotal nádúrtha mhic léinn Choláiste na Tríonóide na mblianta sin.

Ach féach – nárbh é sin Flann Ó Riain, athair Dhaithí Lacha, is é ag cabaireacht lenár léachtóir le Gaeilge Eoghan Ó hAnluain? Agus gasra dár gcomhghleacaithe féin, Alan Titley, Nollaig Feirtéir agus Joe O’Toole ina dteannta? 

Ba é ár bhFóram is ár gColosseum le chéile é, ár nDáil is ár nArd-Chúirt, ár Woodstock is ár Newport. Ghineadh tuairim amháin anseo leathdhosaen tuairimí eile. Spréidís amach as sin, agus ghintí iontaisí agus féidearthachtaí nua astu, nó bhí an chuma sin air, nó cheapamar go raibh, de réir mar a d’imigh na piontaí síos le fonn.

Bhíomarna, mic léinn bhochta, ábalta pionta nó dhó in aisce a thuilleamh ach Gaeilge a labhairt leis na státseirbhísigh uaigneacha as Maigh Eo a bhraith uathu go mór comhluadar an bhaile, fir óga a rachadh chun binbe agus searbhais ar ball, b’fhéidir, cá bhfios, iad iata isteach i gcóras a mharaigh gach splanc pearsanachta agus féiniúlachta iontu mar ba nós don tseirbhís sin.

Anseo freisin bhí fir a bhí ag obair go fóill, daichead bliain ar aghaidh, ar an gcéad úrscéal/scannán/dráma mór Gaelach. Bheadh sé críochnaithe acu fadó ach go raibh an méid sin carachtair shuimiúla ag an mbeár le taighde a dhéanamh fúthu, agus an méid sin dí fós le caitheamh siar le linn an taighde chéanna.

Bhí réabhlóid, ceannairc agus míleatas sa bheár seo freisin. Sinn Féin. IRA. Trotscaígh. Maoigh. Saor Éire. Proto-Provos. Gach aon dream díobh ag fanacht ar a lá fán ngréin. 

Bhí fir anseo a gheobhadh bás ar son na hÉireann ar ball. Cuid eile a mharódh (nó a mharaigh) daoine ar son na cúise céanna.

Bhíodar ann leis, fir a cheap go bhfuair siad bás ar son na hÉireann cheana féin is go raibh Parthas na nGrást bainte amach acu i dTeach Uí Néill ar Rae Mhuirfean. Agus fir eile ar theastaigh uathu bás d’fháil ar son na hÉireann ach go raibh cúpla pionta sa bhreis fós le caitheamh siar acu sula raghaidís féin le fonn sa bhearna bhaoil ar son na cúise. 

Ní raibh a fhios againne faoi seo san am, ach admhaítear anois go ritheadh na piontaí ina slaoda i dTeach Uí Néill ar oícheanta robála bainc. Agus, b’iomaí robáil bainc a fuair Saor Éire avae léi sa tréimhse idir Feabhra 1967 agus lár na seachtóidí.

I ngan fhios dúinne san am sin, bhí an beár lán le spiairí ó Bhrainse Speisialta na nGardaí. Ba iad seo ‘cluasa’ Peter Berry, Ard-Rúnaí na Roinne Dlí agus Cirt. 

B’in fear a bhí sásta ligint d’amadáin thintrí Shaor Éire dul ar a ruathar fada robála mar nár bhaol iadsan don Stát. Agus bhí brathadóir neadaithe ina measc freisin. I mbreithiúnas Berry ba í comhcheilg chumannach IRA Chathal Goulding i lár na 1960idí an t-aon chreach a chaithfí a scrios. 

Fá thionchar Berry, lig an Brainse Speisialta coirpigh Shaor Éire ón iall d’fhonn an brathadóir a bhí neadaithe san eagraíocht sin ag Gníomhairí Rúnda an Stáit a chosaint. Brathadóir béalscaoilte a d’fhéadfadh an Brainse a threorú i dtreo oibseisiún Berry – IRA Cheann Foirne na heagraíochta sin, Seán Garland.

Ansin mharaigh Saor Éire an Garda Richard Fallon le linn eachtra robála bainc ar Ché Árann i 1970. Creideann muintir Fallon gur theip ar an triail a cuireadh ar thriúr ón eagraíocht sin d’fhonn brathadóir Peter Berry san eagraíocht chéanna a chosaint.

Níor chreideas a leithéid sin san am ach ní chuireann a leithéid sin d’uafás iontas dá laghad orm inniu.

Is fada ó The Dubliners an treo inar ghabh na cuimhní seo.

Beidh an chéad eagrán de Cosc – ‘7 Drunken Nights’ le Garry Mac Donncha agus Michael McCormack, ar RTÉ a hAon anocht ag 7pm.

An-chlár atá ann. Bainigí sult, sás agus scléip as! 

Fág freagra ar 'An Cadhnach i mbun cúirte, Luke Kelly ag amhrán sa jaics agus sinne ag caitheamh siar le fonn'