Dá mbeadh mileoidean agamsa ní bheadh Críost gan cheol anocht,
Is é ag teacht ó áras bán a fhlaitheasa chuig an mainséar bocht.
Sin a dúirt Eoghan Ó Tuairisc ina dhán breá Nollag.
Is cuid dhlúth de cheiliúradh na Nollag an ceol agus canadh na n-iomann. Is bocht an eaglais a bhíonn gan ceol a deirtí.
Bhí mé ag cur síos ar an gceol cheana ar an suíomh seo ach seo tuilleadh faoi:
Buail suas streancán ceoil dhúinn.
Dá mbeadh spionnadh ar bith sa cheol—brí a bheith ann.
Tá croí breá sa gceol sin – ceol meidhreach
Chuir an ceol meidhir ionainn.
Níor chuala cluas samhail an cheoil sin.
Tá sé ag cur a chroí amach ag ceol.
Tá neart is ceol ann anois – tá misneach tagtha dhó.
Ceol na traonach sa ghort—an ceol a chuir an tseanbhó chun báis.
Bhí a cosa agus an ceol ar aon imeacht – damhsóir maith.
Is mairg nach mbaineann ceol as an óige, a fhad is a bhíos sí aige
Beidh ceol faoi seo – beidh neart cainte faoi.
Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Dá mbeadh mileoidean agamsa, ní bheadh Críost gan cheol anocht…'