Tuigtear do Tuairisc.ie gur 31,000 troigh os cionn na farraige, gar go maith do Chloch na Rón i gConamara a d’fholmhaigh an t-eitleán an breosla breise sular tháinig sé i dtír i Sionna.
Dúirt urlabhraí de chuid Air Canada gur ar an deichiú domhanleithead thiar a scaoileadh an breosla ach nach raibh aon bhaol ann don fharraige ná do mhuintir na háite.
Míníodh go mbíonn eitleáin feistithe le soic speisialta a scaipeann an breosla in ard na spéire sa gcaoi go n-imíonn sé ina ghal i bhfad sula dtiteann sé ar an talamh.
“This is a necessary safety precaution to ensure the aircraft has a safe landing weight and occurs at a high altitude, in this case 31,000 feet. Aircraft ar equipped with nozzles that spray the fuel and this dissipates it so it evaporates long before it reaches the ground,” a dúradh le Tuairisc.ie.
Cuireadh an t-eitleán ar mhalairt slí go hAerfort na Sionainne ag 8.20in Dé hAoine seo caite nuair a chuir bean, a bhí os cionn ceithre scór bliain d’aois, isteach ar an eitilt. Bhí an t-eitleán ar an mbealach as Frankfurt na Gearmáine go Toronto Cheanada.
Paul Humphreys
an deichiú domhanfhad thiar (10° W longitude)