Tháinig athrú mór ar an gcraobhchomórtas agus is mar a chéile an draíocht

De ghnáth is faoi gheasa ag tús na craoibhe a bheadh pobal na hiománaíochta an deireadh seachtaine seo

Tháinig athrú mór ar an  gcraobhchomórtas agus is mar a chéile an draíocht

Pictiúr: INPHO

De ghnáth bheadh aird an t-am seo bliana ag leantóirí CLG ar an gcéad bhabhta den chomórtas is tábhachtaí ar an bhféilire.

Ar feadh blianta fada ba chraobhchomórtas ceart a bhíodh ann gan an dara seans ag aon fhoireann a chaill cluiche.

Ní nach ionadh bhíodh suim dhiamhair ag daoine sa chéad cluiche sin agus thagadh na sluaite ag taisteal chuig na cluichí.

Is iomaí cor a bhíodh ann sa chéad babhta agus is iomaí scéal a bhain leis na coimhlintí sin. Ach bhí an córas thar a bheith lochtach fad is a bhain sé le forbairt na hiomána.

Cuireadh tús leis in 1887 agus taobh amuigh de bliain amháin bhí craobhchomórtas gach bliain.

Ná déan dearmad go raibh dhá chogadh domhanda againn, cogadh cathartha, agus babhta den ghalar crúibe is béil sna blianta sin.

Dar ndóigh tá seans maith nach n-imreofar an comórtas i mbliana.

Cloíodh leis an gcóras ‘aon seans’ go dtí lár na 1990idí agus is beag athrú a tháinig air ar feadh i bhfad. Bhí cúpla séasúr sna seachtóidí ina mbíodh ochtó nóiméid sna cluichí, ach i 1975 socraíodh go mbeadh 70 nóiméad i gcluichí ceannais na gcúigí, a i gcluichí leathcheannais agus i gcluiche ceannais na hÉireann.

Ansin i lár na nóchaidí bhí caint, ráflaí agus cruinnithe faoi athrú a dhéanamh ar an gcóras ‘aon seans amháin’. Tháinig an téarma ‘cúldoras’chun cinn agus muid ag caint faoin dara seans a bheith á thabhairt do na foirne a chaill sa chéad chluiche. Deineadh cúpla athrú ar an gcóras sin sa scór bliain go dtí 2005 agus ansin rinneadh athchóiriú arís air.

D’fhág na hathruithe go raibh níos mó cluichí fós againn ach bhí cuid maith de na leantóirí go láidir den tuairim nach craobhchomórtas ceart a bhí ann a thuilleadh.

Deineadh athrú eile in 2008 agus ansin in 2018 a deineadh an t-athrú is déanaí. Agus ó tharla níos mó cluichí a bheith ann do na himreoirí agus na leantóirí is córas maith é.

Bhí an dá chraobhchomórtas deireanach thar a bheith iomaíoch agus suimiúil. Agus ag an deireadh bhuaigh an fhoireann is fearr sa tír.

Faoin seanchóras a bhí i bhfeidhm ar feadh céad bliain ní raibh ach seans amháin ag gach contae. Ansin tugadh an dara seans dóibh. Anois bíonn ar a laghad ceithre chluiche ag gach contae atá san iomaíocht do Chorn Liam Mhic Cárthaigh.

An sprioc a bhíonn ag gach imreoir idirchontae ná a bheith ullamh don chraobhchomórtas.

Bíonn iomaíocht mhaith sna cluichí, ach níl an meas céanna ag na himreoirí uirthi mar chomórtas ná baol air.

Nuair a thagann séasúr na craoibhe athraíonn gach rud.

Bíonn atmaisféar difriúil ag traenáil. Bíonn gearradh agus dáiríreacht sna cluichí ‘eadrainn féin’ ar an bpáirc thraenála. Minic go leor bíonn scliúchas sna cluichí ‘cairdiúla’ sin.

Bíonn na fisiteiripeoirí thar a bheith gnóthach agus laethanta na gcluichí móra ag teannadh linn. Dar ndóigh bíonn i bhfad níos mó scéalta ar na meáin go léir faoi cad atá ag tarlú agus, mar a tharlaíonn go minic, bíonn ráflaí faoi imreoir éigin a bheith gortaithe nó teannas éigin a bheith sa champa.

Do gach imreoir is í an chraobh tús agus deireadh an scéil.

Bíonn an chuid mó den diantraenáil déanta agus na laethanta is mó beagnach ann.

Ansin bíonn thuas seal agus thíos seal ann. Bíonn idir bhuaicphointí agus ísealphointí ann de réir mar a bhogann an séasúr ar aghaidh.

Bíonn cuid mhaith struis agus teannais i ngach painéal. Agus ag an deireadh bíonn lá dá saol ag dhá chontae. Ach dar ndóigh ní bhíonn ach buaiteoir amháin agus is iadsan a fhaigheann an pota óir, a n-áit in annála na staire, an moladh agus an t-ómós.

Ach bíonn an chuid is mó de na himreoirí eile sásta mar sin féin agus toilteanach an sclábhaíocht a dhéanamh arís an chéad bhliain eile, is cuma cé mhéad a d’fhulaing siad roimhe sin ag ullmhú do chraobhchomórtais eile.

Caithfidh go bhfuil draíocht éigin ag baint leis.

Fág freagra ar 'Tháinig athrú mór ar an gcraobhchomórtas agus is mar a chéile an draíocht'