Tarraingíodh siar sa Dáil aréir dhá leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) a bhaineann le polasaithe iontrála Gaelscoileanna agus a gceart tús áite a thabhairt do chainteoirí líofa Gaeilge.
Ghéill an tAire Oideachais aréir sa Dáil go dtarraingeofaí siar an dá leasú – a leasú féin agus leasú an fhreasúra – chun go bhféadfaí níos mó plé a dhéanamh faoin scéal agus iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach.
Ghlac an Rialtas an mhí seo caite le leasú ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 ar mhaithe le cosaint a thabhairt do chearta Gaelscoileanna tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.
Agus an leasú á fhógairt aige, dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach mbeadh sé inmholta ó thaobh polasaí de cosc a chur ar dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge leanúint lena n-oideachas trí Ghaeilge.
Ach dúirt Cearta Oideachais, an brúghrúpa tuismitheoirí a chuir feachtas ar bun chun go ndéanfaí leasú ar an mBille, go bhfuil leasú an Rialtais lochtach agus nach dtabharfadh sé cosaint mar ba chóir do pháistí a tógadh le Gaeilge.
Tá a leasú féin molta ag Cearta Oideachais in áit fhoclaíocht an Rialtais agus d’éirigh leis an ngrúpa a chur ina luí ar Fhianna Fáil, ar Shinn Féin agus ar pholaiteoirí eile de chuid an fhreasúra an leasú sin a chur faoi bhráid na Dála mar mhalairt ar leasú an Aire.
Seachas vóta a tharraingt faoin scéal, dúirt na Teachtaí Dála Catherine Martin (CG), Thomas Byrne (FF) agus Kathleen Funchion (SF) go dtarraingeoidís siar a leasú féin sa chás go mbeadh an tAire Bruton sásta a leasú siúd a tharraingt siar agus an scéal a phlé a thuilleadh sula mbainfidh an Bille an chéad chéim eile amach sa Seanad.
De réir fhoclaíocht an Rialtais bheadh cead ag scoileanna “to prioritise the admission of a student where the school is satisfied that the student has attained a reasonable level of fluency in the Irish language and that the said fluency would be likely to regress were the student not admitted to an Irish language school.”
Dúirt Cearta Oideachais go raibh an fhoclaíocht sin doiléir, gurbh amhlaidh go mbeadh sé an-deacair ag scoileanna feidhm a thabhairt di agus go bhféadfadh sé tarlú go gcaillfeadh páiste a labhraíonn Gaeilge sa bhaile amach ar áit i nGaelscoil sa chás go mbeadh ró-éileamh ar an scoil sin agus go leor páistí ann a raibh líofacht réasúnta sa Ghaeilge acu.
I measc na leasuithe atá á moladh ag Cearta Oideachais agus ag polaiteoirí an fhreasúra, táthar ag iarraidh go luafaí go sonrach sa reachtaíocht nua go bhféadfaí tús áite a thabhairt do pháiste a labhraíonn Gaeilge ag an mbaile le tuismitheoir amháin ar a laghad.
Dúirt an tAire Bruton nach mbeadh aon “profound objection” aige i dtaobh a leithéid d’aitheantas a thabhairt do pháiste atá á thógáil le Gaeilge ach go gcaithfeadh leasú an fhreasúra a bheith “suitably scrubbed” ag saineolaithe dlí dá mbeifí chun glacadh leis.
Dúirt an tAire go bhfágfadh a leasú féin go mbeadh cead ag Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí líofa agus gur d’aon ghnó nár luadh sa leasú sin an tslí a shealbhaíonn an páiste an Ghaeilge.
Bheadh ceist aige chomh maith, a dúirt an tAire, faoi conas a chruthófaí gurb í an Ghaeilge an ghnáththeanga chumarsáide a bhíonn ag páiste ag an mbaile le tuismitheoir amháin. Dúirt sé go mbeadh sé níos deacra é sin a chruthú ná mar a bheadh sé a chruthú go bhfuil leibhéal réasúnta líofachta ag páiste, mar atá molta sa leasú a dhréachtaigh a Roinn i gcomhar leis an Ard-Aighne.
Dúirt an tAire Bruton gurb ann do leasú an Rialtais mar go raibh dualgas soiléir ar an Stát tacú leis an nGaeilge, ach go mbeadh amhras air faoi idirdhealú a dhéanamh idir beirt pháistí a bhfuil an líofacht chéanna sa Ghaeilge acu agus faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh idirdhealú mar sin “legally satisfactory”. Dúirt sé go bhféadfadh, mar shampla, go mbainfeadh páiste óg líofacht amach toisc Gaeilge a bheith ag duine dá sheantuismitheoirí nó toisc go ndearnadh iarracht mhór é “a thumadh” sa teanga ar bhealach eile. Dúirt sé gur le dea-rún a thug sé faoina leasú ach nach raibh aon rud aige i gcoinne “going the extra distance” chun teacht ar chomhréiteach, fad is go mbeadh an comhréiteach sin “legally robust” agus nach ndéanfadh sé leithcheal ar aon dream.
Ghabh polaiteoirí de chuid an fhreasúra buíochas leis an Aire as a leasú a tharraingt siar le go bpléifí an scéal a thuilleadh leo agus le heagrais Ghaeilge.
Dúirt siad ar fad nach ar mhaithe le leithcheal a dhéanamh ar aon dream a bhí siad ach ar mhaithe le cosaint a thabhairt do cheart na nGaelscoileanna tús áite a thabhairt don pháiste a thógtar le Gaeilge.
Dar le lucht Cearta Oideachais is cainteoirí dúchais Gaeilge iad timpeall 5% de líon na bpáistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna.
Mánus
Grúpaí tuismitheoirí ar nós Cearta Oireachais bhunaigh na Gaelscoileanna an chéad uair. Bhí urthu dul sa tseans go minic agus múinteoir a fhostú fiú agus gan aon fhoirgneamh faighte acu ar nós Gaelscoil i Sligeach gur tháinig an eaglais Phreisbitéireach i gcabhair urthu ag an nóiméid dheireanach i mí Lúnasa agus a thug an Sunday-school dóibh chun an scoil a lonnú ann. Anois de réir an ERSI tá 23% de thuismitheoirí ag iarraidh Gaeloideachas dá bpáistí tá sé rí-shoiléir go bhfuil polaiteoirí agus an Roinn Oideachais i bhfad taobh thiar den phobail agus gan ach 5% de scoileanna sa Stáit ag cur Gaeloideachas ar fáil.