‘Bhí an pósadh beag déanta aige’ a deirtí i gCois Fharraige fadó faoi fhear a bhí tar éis comhriachtain a dhéanamh leis an mbean áirithe a bhí sé le pósadh ar ball.
Gnéas réamhphósta a thabharfaí inniu air.
‘Níl ansin ach pósadh leic an teallaigh,’ a deirtí faoi chaint i dtaobh pósadh nach ndéanfaí.
‘Shílfeá go bpósfá, a Mhicil,’ a dúradh le fear as Conamara a bhí crua ar an airgead.
‘Cé le haghaidh a bpósfainn?’ ar seisean.
‘Mura ndéanfadh sí dhuit ach cáca,’ a dúirt an té a bhí ag caint.
‘M’anam dá ndéanfadh,’ a dúirt Micil, ‘go n-íosfadh sí a leath.’
Chuirtí drochmhisneach go minic ar an té a bhí ag brath ar an bpósadh dlisteanach a dhéanamh. Bhíodh leaganacha mar seo ann:
‘Ní céasta go pósadh.’
‘An chéad bhliain ag pógadh,
An dara bliain ag scóladh.’
Ba mhinic milleán á chur ar na mná ach chuirtí comhairle orthusan corruair freisin:
‘Is fearr amadán macánta a phósadh ná sclamhadóir aithiseach.’
‘Is fearr dhuit a bheith i do pheata ag seanfhear ná i do sclábhaí ag fear óg.’
Bhí an pósadh beag déanta aige. Nach deas é?
leitirmór
Pósadh inniu picil amárach!
Jackie Mac Donncha
Pósadh is céasadh air! freisin: Ní céasadh go pósadh!
Aine Ni Fhiannusa
Comhairle taréis phósta, nó aithrí taréis bháis! (níl aon mhaith iontu)
Lillis Ó Laoire
Giota beag anois agus pósfaimid arís!