93 duine básaithe de dheasca an choróinvíris, an líon is airde a fógraíodh aon lá 

Meastar nach gcuirfidh an Rialtas deireadh leis na srianta atá i bhfeidhm sa stát ar an 31 Eanáir 

93 duine básaithe de dheasca an choróinvíris, an líon is airde a fógraíodh aon lá 

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go raibh 93 duine eile básaithe de dheasca an Covid-19, an líon is mó básanna a fógraíodh aon lá ó thús na paindéime.

Bhain 89 de na básanna le mí Eanáir, bhain trí cinn acu le mí na Nollag agus tá an bás eile fós á fhiosrú.

2,001 cás nua den ghalar a deimhníodh tráthnóna.

1,949 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu atá sna hospidéil agus tá 202 acusan in aonad dianchúraim, an líon is mó riamh.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh “toradh luath na comhiarrachta atá ar siúl againn chun scaipeadh an ghalair a laghdú” le feiceáil. 

Dúirt sé, áfach, gur léirigh líon ard na mbásanna a fógraíodh inniu an chontúirt a bhaineann leis an ngalar i gcónaí.

“Tá na figiúirí Covid-19 san ICU agus sna hospidéil ina n-údar mór imní againn, agus brú an-mhór á chur ar ár n-oibrithe sláinte agus ar an soláthar cúram criticiúil sláinte agus obráidí nach mbaineann le Covid-19. Caithfimid fanacht ag baile, ach amháin nuair atá riachtanas i gceist. 

“Dá mhéid a leanann an uile dhuine an chomhairle ina saol gach lá, is mó a éireoidh linn scaipeadh an ghalair a laghdú agus maolú a dhéanamh ar a thionchar ar sheirbhísí riachtanacha sláinte, ar othair agus ar oibrithe sa líne thosaigh.”

Bhain 204 de chásanna nua an lae inniu le Corcaigh, bhí 102 cás i bPort Láirge, bhain 98 cás le contae na Mí agus bhí 90 cás i nDún na nGall. 

73 cás nua den Covid-19 a deimhníodh i nGaillimh, bhí 62 cás i Maigh Eo agus 33 cás a bhí i gCiarraí.

Tá ráta coicíse an ghalair tite arís go dtí 1,334,6 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Ráta 1,919 a bhí i bPort Láirge, 1,573 a bhí i Maigh Eo, 1,471 a bhí i gCorcaigh agus 1,281 a bhí i nDún na nGall.

Ráta 1,120 a bhí i gcontae na Mí, 1,054 a bhí i nGaillimh agus 917 a bhí i gCiarraí.

Tá athbhreithniú ar siúl ag an Rialtas faoi na srianta Leibhéal 5 a tugadh isteach ar an 30 Nollaig agus meastar go gcríochnófar an t-athbhreithniú sin ag cruinniú Rialtais Dé Máirt seo chugainn. Tuairiscítear nach gcuirfear deireadh leo ar an 31 Eanáir. 

Tá an-imní faoi líon na ndaoine atá sna hospidéil agus an brú atá ar an tseirbhís sláinte. 

Is amhlaidh a d’ardaigh líon na ráigeanna in ionaid oibre an tseachtain seo caite ó 25 ráig go 41 ráig agus in olcas a chuaigh na ráigeanna sna hospidéil agus sna hionaid chónaithe freisin. Sa tír ar fad bhí 293 ráig nua ann an tseachtain seo caite, 73 ráig níos mó ná an tseachtain roimhe sin. 

An Lárionad Faire um Chosaint Sláinte a d’eisigh na sonraí is déanaí seo don tseachtain dar críoch an 16 Eanáir. Tá feabhas ar chúrsaí i dtithe príobháideacha agus níos lú ráigeanna ag tarlú ag baile. 

Ag cruinniú an Rialtais inniu dúirt an tAire Oideachais Norma Foley arís gurb í comhairle lucht leighis go raibh scoileanna agus crècheanna sábháilte agus gur theastaigh óna Roinn go n-osclódh gach scoil Lá Fhéile Bríde agus go reáchtálfaí scrúdú traidisiúnta na hArdteiste i mbliana. 

Tuairiscítear gur anocht uair na cinniúna do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu agus a bhí le filleadh ar scoil arú amárach ach níl a mbeannacht tugtha ag ceardchumainn don mholadh sin go fóill. 

An tAire Sláinte Stephen Donnelly. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá vacsaín faighte ag 1.9% den phobal agus táthar réidh leis an dara dáileog a thabhairt do na chéad daoine a fuair í, a deir an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

“Tá vacsaín tugtha againn anois do 1.9% den daonra. Níl ár n-aistear ó thaobh an vacsaínithe ach ina thús agus beidh corrdhúshlán le sárú ar an mbóthar, ach tá an-chreidiúint ag dul do Paul Reid [Príomhfheidhmeannach an HSE] agus a fhoireann as an méid atá bainte amach acu tráth a bhfuil aire á tabhairt acu chomh maith do go leor othar sna hospidéil a bhfuil Covid-19 orthu,” arsa an tAire Sláinte ar Twitter. 

Thug sé le fios go raibh an tsnáthaid faighte ag 94,000 duine faoi oíche Dé Domhnaigh, 71,000 oibrí sláinte sa líne thosaigh agus 23,000 duine in ionaid altranais. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go mbeadh 140,000 dáileog curtha ar fáil faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 24 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Fógraíodh 713 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna.

842 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt. Tá 70 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Bunaithe ar thástáil a cuireadh ar dhaoine ó thuaidh den teorainn mí na Nollag, meastar go raibh antasubstaintí táirgthe ag duine amháin as gach trí dhuine dhéag a tholg an Covid-19. 

Cuid den suirbhé ar ionfhabhtú an choróinvíris a bhí sa taighde seo agus é bunaithe ar shonraí a bhailigh an Oifig Náisiúnta Staitisticí. Léiríodh go raibh antasubstaintí don choróinvíreas táirgthe ag 7.8% de na daoine os cionn 16 bliain d’aois a tástáladh sa Tuaisceart mí na Nollag. 

12.1% de na daoine i Sasana, 8.9% in Albain agus 9.8% sa mBreatain Bheag a bhí amhlaidh. 

 “Tá an chuma ar na meastacháin seo go raibh ardú ar an líon daoine a raibh antasubstaintí táirgthe acu an mhí seo caite,” a deirtear sa tuairisc. 

Níor áiríodh sonraí as ospidéil, ionaid chúraim ná institiúidí cúraim eile sa suirbhé. 

273,553 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 176,839 cás ó dheas den teorainn agus 96,714 cás ó thuaidh di.

4,357 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,708 duine ó dheas den teorainn agus 1,649 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '93 duine básaithe de dheasca an choróinvíris, an líon is airde a fógraíodh aon lá '