93% ar son ballraíochta san AE agus móramh ar son breis comhpháirtíochta i gcúrsaí cosanta

Is é seo an leibhéal tacaíochta is mó a léiríodh do bhallraíocht san AE i bpobalbhreith bhliantúil an European Movement ó rinneadh an chéad cheann in 2013

93% ar son ballraíochta san AE agus móramh ar son breis comhpháirtíochta i gcúrsaí cosanta

Tá 93% den phobal den tuairim gur chóir d’Éirinn fanacht san Aontas Eorpach, de réir pobalbhreithe nua.

De réir na pobalbhreithe a rinne an comhlacht Red C don Ghluaiseacht Eorpach, Éire tá móramh, 58%, den tuairim gur cheart d’Éirinn a bheith mar chuid d’aon bhreis comhpháirtíochta san AE ó thaobh cúrsaí slándála agus cosanta.

Ba i gConnachta/Ulaidh (63%) agus i measc daoine idir 18-24 bliain d’aois (75%) ba thréine an tacaíocht do bhreis comhpháirtíochta sa réimse seo. I mBaile Átha Cliath (55%) agus i measc daoine idir 45-54 bliain ba lú an tacaíocht dona leithéid.

Dúirt 58% gur chóir d’Éirinn níos mó a chur isteach i gciste an AE chun a chinntiú go leanfar ag baint leas as na buntáistí a bhaineann le ballraíocht ann.

Is é 93% an leibhéal tacaíochta is mó a léiríodh do bhallraíocht san AE sa phobalbhreith bhliantúil seo ó rinneadh an chéad cheann in 2013.

Anuas air sin, mheas 86% de na daoine a ceistíodh gur chun leas na hÉireann a bhí an euro.

Thug 58% de na daoine a ceistíodh le fios gurbh amhlaidh a mhéadaigh a meas ar an AE mar gheall ar an mBreatimeacht.

De réir na pobalbhreithe, níor mheas ach leath de na daoine a ceistíodh gur mhó an seans go n-aontófaí Éire de bharr an Bhreatimeachta.

Dúirt 83% de dhaoine go raibh sé i gceist acu vóta a chaitheamh i dtoghcháin na hEorpa an mhí seo chugainn.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmeannach na heagraíochta Noelle O’Connell gurb amhlaidh gur ag ardú léi atá tacaíocht an phobail don AE.

“Ba dhíol suntais a dhearfaí is a bhí dearcadh an phobail i leith an AE anuraidh agus dá bharr sin ba bheag coinne a bhí againn le hardú eile, ach fáiltímid go mór roimh an ardú a bhí arís ann in 2019. Díol suntais chomh maith an tacaíocht láidir atá ann don euro  20 bliain ó tugadh isteach in Éirinn é,” arsa Noelle O’Connell.

Reáchtáladh an phobalbhreith idir an 21-27 Márta agus ceistíodh sampla randamach de 1,000 duine ar an nguthán.

Fág freagra ar '93% ar son ballraíochta san AE agus móramh ar son breis comhpháirtíochta i gcúrsaí cosanta'