8,500 páiste ag freastal ar 55 scoil lán-Ghaeilge a bhfuil cóiríocht neamhbhuan acu

De réiri figiúirí nua, tá 20 gaelscoil ó dheas ag fanacht ar chóiríocht bhuan le 20 bliain nó os a chionn

8,500 páiste ag freastal ar 55 scoil lán-Ghaeilge a bhfuil cóiríocht neamhbhuan acu

Tá os cionn 8,500 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil cóiríocht neamhbhuan acu.

De réir figiúirí nua a chuir an eagraíocht Gaeloideachas ar fáil do Tuairisc.ie, 41 bunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus 14 iarbhunscoil lán-Ghaeilge a thug le fios gur i dtaobh le cóiríocht shealadach atá siad.

Is ionann é sin agus 28% den 145 gaelscoil agus 50% den 28 iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleácha a bheith gan cóiríocht bhuan.

Tá 20 de na gaelscoileanna atá i gceist, nach mór a leath, ag fanacht ar chóiríocht bhuan le 20 bliain nó os a chionn.

Tá aitheantas ag formhór na scoileanna seo ón Roinn Oideachais agus iad ar liosta tógála.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais maidir le scoileanna le cóiríocht neamhbhuan, in 2016 bhí nach mór a thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach ná mar atá i gcás scoileanna eile na tíre.

Dúirt urlabhraí ó Ghaeloideachas le Tuairisc.ie go rabhthas ag súil go dtiocfadh feabhas ar chás na scoileanna lán-Ghaeilge de thoradh ar an infheistíocht a d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo caite mar chuid den phlean forbartha náisiúnta.

Luaigh an Roinn Oideachais dhá ghaelscoil ar an liosta a d’fhoilsigh siad an tseachtain seo mar shampla de na tograí tógála atá beartaithe acu don tréimhse amach romhainn – Gaelscoil Chnoc Liamhna i mBaile Átha Cliath agus Gaelscoil an Ghoirt Álainn i gCorcaigh. I gcás Gaelscoil Chnoc Liamhna táthar ag súil le tús a chur in 2019 le scoil nua 16 seomra ranga a thógáil agus fáil réidh le 17 foirgneamh réamhdhéanta agus i gcás Ghaelscoil an Ghoirt Álainn tá tús curtha le scoil nua 16 seomra ranga a thógáil agus gheofar réidh ansin le 15 foirgneamh réamhdhéanta.

251 bunscoil lán-Ghaeilge, idir gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, agus 56 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar fad atá ann.

 3,960 scoil, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna, a fuair cabhair ón Roinn Oideachais agus Scileanna don scoilbhliain 2017-2018.

De réir eolais a chuir Gaeloideachas ar fáil do Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, thug naoi scoil lán-Ghaeilge le fios nach bhfuil an chóiríocht bhuan atá acu “feiliúnach”. Breis is 2,200 dalta a bhí ag freastal ar na naoi scoil sin.

Trí scoil a thug le fios go bhfuil láthair a gcuid scoileanna  “contúirteach” de dheasca staid na cóiríochta. I measc na gcúiseanna a luadh leis an gcóiríocht ‘chontúirteach’ sin, bhí adhmad lofa, ráillí meirgeacha, cúrsaí sábháilteachta tine, urláir dhainséaracha, easpa uisce te, agus an braon anuas de bharr fabhtanna sa díon.

In 2014 bhí 39% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge an stáit, atá taobh amuigh den Ghaeltacht, agus gan cóiríocht bhuan acu.

14 gaelscoil a bhí ag fanacht le cóiríocht bhuan le breis is fiche bliain an tráth sin.

Fág freagra ar '8,500 páiste ag freastal ar 55 scoil lán-Ghaeilge a bhfuil cóiríocht neamhbhuan acu'

  • Magaoidh

    “Bhí nach mór a thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach ná mar atá i gcás scoileanna eile na tíre.”

    Sin don “elite” sna Gaelscoileanna a bhíonn daoine ag clamhsán fúthu!