5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Myhsa – Spectrum

Ealaíontóir ilmheán é Myhsa nó E.Jane atá lonnaithe in Philadelphia agus atá sáite i gcúrsaí ceoil is ealaíne sa chathair.  Seo pop-amhrán aduain gan chomparáid.   Cloisimid í ag canadh ‘Stay with me bae / I wanna be naive /The sky could be yellow/ I’ll believe those things”. Mar bhonn leis an amhrán, tiomáintear an dord go crua, leagtar anuas cnagadh trom is cuirtear glór na sintéiseoirí as a riocht.  Tá sé ar fáil ar Fantasii, a gearralbam úr ó Halcyon Veil.

Bruadar – Cara

Is amhránaí, cumadóir amhrán is file ar leith é Marcus Mac Congháil, an fear atá freagrach as na focail a chloisimid á gcanadh ar an amhrán álainn seo ón mbanna nuabhunaithe Bruadar.

Ina theannta ar an dordghiotár, cloisimid Eoin O’Brien a bhíodh ag seimint le bannaí ar nós Kíla is Clay Dolls tráth dá raibh.  Chuir an bheirt seo aithne ar a chéile agus iad ag buscáil ar shráideanna na hardchathrach. Táid mar a bheadh ‘fhuaimbráithre’ ó shin agus é mar aidhm acu macallaí a gcuid amhrán á dteilgeadh ar fud an chosmais.

Is breá liom chomh lom is atá seo mar amhrán, amhrán cumhachtach atá fáiscthe as nithe simplí, glór Mharcuis is dord Eoin.

The Bug ft. Flowdan – Bad

Sa bhliain 2007, dhein Kevin Martin (an léiritheoir The Bug) agus a chara Flowdan amhrán mór le rá a thaifeadadh le chéile.  Bhí an tour de force áirithe san ‘Skeng’ ar cheann d’ard-amhráin na bliana san.

Táid tar éis seal a chaitheamh ag obair in éineacht lena chéile sa stiúideo arís, is tá cúpla amhrán nua taifeadta acu.  Ar an gceann seo, tá obair léirithe The Bug faoi mar a bheifeá ag súil leis: dordlíne dhiamhair curtha as a riocht amhail is gur taifeadadh i bpoll portaigh é.  

Cloisimid Flowdan ag insint scéalta faoina óige, lena ghlór uathúil domhain, an t-imeartas focal ag sníomh go maith le dubcheol dorcha The Bug.

Ariel Pink – Dedicated To Bobby Jameson

Dedicated To Bobby Jameson is ea an teideal ar an 11ú albam ó Ariel Pink Rosenberg ó Los Angeles, agus seo é an t-amhrán ómóis a chum sé don amhránaí Bobby Jameson. Bhí aird ar Bhobby ar feadh seal gearr i rith na seascaidí nuair a thug a lipéad faoi fheachtas mór poiblíochta ag maíomh nach fada go mbeadh sé ina réalta mór le rá.  Ach níor éirigh leis a chosa a chur i dtaca i ndomhan an cheoil in aon chor agus cé go dtugtaí an ‘Mayor Of Sunset Strip’ air in L.A. toisc é a bheith go mór in aghaidh chogadh Vítneam, bhí saol uaigneach aige ina dhiaidh sin.  Bhí sé rótógtha leis an deoch agus dhein sé iarrachtaí é féin a mharú. D’imigh sé ó chuimhne na ndaoine agus d’éag sé sa bhliain 2015.

Anois tá an spotsolas ar Bhobby arís, a bhuíochas le Ariel Pink, snag breac phopcheol na linne.  Fear é Ariel atá in ann mórán samplaí ceoil a thabhairt le chéile is popamhrán ríméadach a fháisceadh astu.  Ar an gceann seo, cloisim giotaí de cheol The Stranglers, The Doors, na Beach Boys is na Ramones fite fuaite lena chéile.

Níl aon dabht ach go bhfuil seo i measc churfánna na bliana:

‘He was a Tinseltown Tranny

And the mayor of the Sunset Strip,

A Tinseltown Tranny

And the mayor of the Hollywood Hills.’

CEANN ÓN gCARTLANN

David Ruffin – Walk Away From Love

Tá bailiúchán nua de leaganacha athchóirithe John Morales d’amhráin ó na seachtóidí á eisiúint ag lipéad BBE go luath is beidh a léamh ar an seod seo ón mbliain 1975 le clos air.  

Tháinig an bunleagan den amhrán seo amach ar Motown is ba é Van McCoy a dhein an obair léirithe air.  Díoladh míle cóip den cheirnín agus d’fhág sé a lorg ar chairteacha na Breataine is Mheiriceá.  Seans maith go n-aithníonn tú glór an fhir seo.  Bhíodh sé ar dhuine de phríomh-amhránaithe an ghrúpa The Temptations tráth.  Ba é a chan ‘My Girl’ agus ‘Ain’t Too Proud To Beg’, ach níl aon amhras ormsa ach go bhfuil an ceann seo i measc na n-amhrán ba chumhachtaí a chan sé.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'