5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

5 amhrán ón taobh tuathail…

Chaouche – I’ll Lose My Head

Seo amhrán atá a chasadh agam gan stad ná staonadh ar an gclár le déanaí.  ‘I’ll Lose My Head’ is ea an chéad singil ó Aisha Chaouche a tógadh i Swansea na Breataine Bige ach a d’aistrigh go Bristol chun staidéar a dhéanamh ar an gceol i gColáiste BIMM ó shin.  Tá an bhéim anseo ar an bpianó is ar a guth ach tá éifeachtaí ó uirlisí eile (an veidhlín, an dordveidhil) fite fuaite tríd an amhrán seo.  Cad é mar début!  Ar chúis éigin, samhlaím Rihanna sa stiúideo faoi stiúir Bjork, agus Julia Holter ag cóiriú na gcordaí.

Mount Alaska – Death Maths

Beirt saoithe ceoil ón dtír seo iad Stephen Shannon agus Cillian McDonnell (bhíodar sa bhanna Halfset le chéile tráth) is anois táid ag cumadh ceoil faoin ainm Mount Alaska, ceol, a deir siad atá faoi thionchar Actress Brian Eno is albam clúiteach Aphex Twin Selected Ambient Works 85-92.   Cé go bhfuil a foinsí sceite agam, tá a lorg cruthaitheach féin ar an rian seo, atá ar fáil anois ar Language Records.

The Caretaker – Glimpses Of Hope In Trying Times

‘Everywhere At The End Of Time’ is ea an teideal ar shraith úr albam ó James Kirby, a chumann ceol faoi mhórán ainmneacha cleite, ina measc The Caretaker.  Tá an rian searbhmhilis seo le clos ar albam uimhir 2 sa tsraith – nó Level 2 – ina shamhlaíonn sé é féin a bheith dulta san aois agus an néaltrú ag fáil an ceann is fearr diaidh ar ndiaidh ar a mheabhair is ar a chuimhní.  Saghas meafar é seo do gach cineál ceoil chomhaimseartha mar tá macallaí den cheol ón am atá imithe tharainn le clos i gceolta uilig na linne.  Tá sé mar nós ag The Caretaker casadh a bhaint as seancheirníní 78, go mórmhór válsanna, chun a theoiricí a chur i láthair.

Mount Kimbie – Marilyn ft. Micachu

Seo an chéad uair ag an mbanna Mount Kimbie ceol a chruthú i dteannta Micachu (sin í an bhean chéanna a bhíonn ag cumadh ceoil do scannáin, leithéidí Jackie agus Under The Skin, faoin ainm Mica Levi) agus is iontach go bhfuil a guth le clos ar an gceann seo óir nár chuala í ag canadh le stáir.  Seo blaiseadh d’albam úr Mount Kimbie a bheidh chugainn an samhradh seo agus iad ag dul ar camchuairt timpeall na cruinne chun a gcuid fuaimeanna nua a roinnt leis an saol is a mháthair.

Ceann ón gCartlann

The Castaways – Liar Liar

Seo singil ón mbliain 1965 ón ngrúpa Meiriceánach The Castaways a chuireann ríméad orm aon uair a chloisim é.  ’Sé an giotáraí Robert Folschow a thugann faoi na nótaí arda sa churfá:
’Liar, liar, pants on fire/Your nose is longer than a telephone wire’.

Sa bhliain 1972, d’eisigh an lipéad Elektra cnuasach fíorthábhachtach ceoil, ar a raibh an ceann seo le clos air, cnuasach a chuir ceirníní tábhachtacha ón tréimhse san in aithne do phobal níos fairsinge.  Nuggets: Original Artyfacts From The First Psychedelic Era 1965-1968 an teideal atá air agus bíonn sé ar na cluasáin agam go minic le gairid.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'