5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Sufjan Stevens, Bryce Dessner, Nico Muhly, James McAlister – Saturn

Seo mar a fuair an ceathrar seo deis ceol a chumadh le chéile. Roinnt blianta ó shin, thug Muziekgebouw Eindhoven, ceoláras san Ollainn, cuireadh don gcumadóir ceol clasaiceach Nico Muhly saothar ceoil a chumadh dóibh agus bheartaigh sé a chairde, an t-amhránaí Sufjan Stevens, Bryce Dessner (giotáraí The National) agus James McAlister (drumaí) a thabhairt le chéile chun tabhairt faoi.  Chumadar scata amhrán agus thugadar an seó ar an mbóthar ar feadh seala ach ina dhiaidh sin d’fhilleadar ar fad ar na tograí a bhí ar bun acu féin.  Anois, táid tar éis aghaidh a thabhairt athuair ar mbunábhar agus albam nua déanta acu as – Planetarium do 4AD – a shníonn le chéile gnéithe den rac-cheol leis an gceol leictreonach agus an ceol clasaiceach.  Tá cló taibhsiúil curtha ar ghlór Sufjan Stevens leis. Seo linn ar aistear go fáinní Saturn.

A Lilac Decline – A Fine Day At Last

Is ealaíontóir í Cecila Danell, ón tSualainn ó dhúchas, atá ag cur fúithi i gcathair na dtreabh le roinnt blianta anuas.  Mar amhránaí, bhí a glór le clos ar shaothair Cubs agus Loner Deluxe ar lipéad Rusted Rail na Gaillimhe ach anois tá a céad albam féin eisithe aici don lipéad céanna faoin ainm A Lilac Decline.  Cumadh an t-albam The Mountain Rages in earrach agus i samhradh fliuch na bliana seo caite agus deineadh é a thaifeadadh i seomra dín sa Ghaillimh is i mbothán sa tSualainn. Baineadh leas as pé uirlis a bhféadfaí greim a fháil uirthi ag an am.  Seo amhrán a cheiliúrann filleadh na gréine i ndiaidh na fearthainne a mhair rófhada.

Kid Koala – The Observable Universe

Nuair a smaoinímse ar cheol Kid Koala, ritheann albaim ar nós Carpal Tunnel Syndrome is Some Of My Best Friends Are DJs liom, saothar ar a raibh sé i mbun a cheirde mar chaschláraí ábalta.  Ach anois, tá albam breá cruthaithe aige ag úsáid réimse leathan uirlisí ceoil – giotáir, dordghiotáir, cordaí, taifid aisteacha. Albam é seo faoi leannáin a scartar óna chéile go deo toisc go gcaitheann duine acu tabhairt faoi thuras go Mars.  Tá Emilíana Torrini, ón Íoslainn, le clos ag cogarnaíl ar roinnt mhaith amhrán ar an saothar nua Music To Draw To: Satellite, atá ar fáil anois ar an lipéad Arts & Crafts.

Arthur Russell – Home Away From Home (Andy Stott Refix)

Tá leaganacha don gceann seo le clos ag gigeanna Andy Stott ó Mhanchain le blianta beag anuas ach is i mbliana a cuireadh ar fáil ar líne é don gcéad uair (is féidir éisteacht leis, ach níl sé le ceannach fós, faraor).  Cuirtear tús rábach leis an rian seo bíonn cleatráil ann nó go dtagann dordveidhil Arthur Russell – an saoi ceoil a d’fhág a lorg ar cheoldreach Nua-Eabhrac sna hochtóidí – chun tosaigh diaidh ar ndiaidh.  Cloisimid Arthur ag cogarnaíl ‘Home away from home/Is never ending’, agus, ar bhealach, cuireann an leagan seo amhráin chomhaimseartha Dean Blunt i gcuimhne dom, fear atá go mór faoi chomaoin shaothar Russell.

Ceann ón gCartlann

Carol – So Low

Ceann de na slite is fearr le haithne a chur ar cheol ná raibh cloiste riamh cheana agat ná cuairt a thabhairt ar ollstór draíochta YouTube.  Is mó port iontach atá aimsithe gan choinne agam ann. Go minic tar éis duit scaoileadh le físeán tugtar de léim thú go dtí an chéad rogha eile sa scuaine.  Seo mar a chuala an ceann seo ón mBeilg ón mbliain 1981 den gcéad uair le gairid: saghas dísréad idir drum-inneall fuarchúiseach Micky Mike a chóirigh an t-amhrán, agus glór gleoite, síoga Carol.