39 bás eile de thoradh Covid-19 fógartha ó dheas, os cionn 800 duine san iomlán básaithe in Éirinn

804 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 610 duine ó dheas den teorainn agus 194 duine ó thuaidh di

39 bás eile de thoradh Covid-19 fógartha ó dheas, os cionn 800 duine san iomlán básaithe in Éirinn

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fógraíodh tráthnóna go raibh 39 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas.

Fógraíodh 40 bás ar fad in Éirinn inniu.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna  go raibh duine amháin eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt.

804 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 610 duine ó dheas den teorainn agus 194 duine ó thuaidh di.

Meastar áfach go bhfuil an scéal i bhfad níos measa ó thuaidh ná sin.

Foilsíodh staitisticí nua an tseachtain seo caite a léirigh go bhféadfadh líon na marbh a bheith breis is 30% níos airde ná mar a thugtar le fios sna figiúirí oifigiúla ó Ghníomhaireacht Sláinte Poiblí Thuaisceart Éireann, figiúirí nach mbíonn san áireamh iontu ach daoine a bhásaigh san ospidéal.

493 cás nua den ghalar a deimhníodh ó dheas tráthnóna, rud a fhágann go bhfuil 17,896 cás deimhnithe anois in Éirinn 15,251 ó dheas agus 2,645 ó thuaidh.

San oirthear a bhí 37 de na daoine is déanaí ar fógraíodh a mbásanna ó dheas, agus in iarthar na tíre a bhí an bheirt eile.

19 bean agus 20 fear a bhí i gceist agus an aois mheánach a bhí acu ná 84.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag 29 acu.

Maidir leis an 610 bás ó dheas go dtí seo:

  • Tharla 337 (57%) acu in ospidéal
  • Tharla 46 (9%) acu in aonaid dianchúraim
  • Bhí an duine is sine 105 bliain anuas agus 23 a bhí an duine is óige
  • Fir a bhí i gceist i 346 cás agus mná ab ea 265
  • 83 bliain d’aois an aois mheánach a bhí acu

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, eolas a bhain leis an 14,602 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche dé hAoine seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 44% de na cásanna agus mná iad 55%
  • 454 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 2,964 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,223 duine
  • As na daoine sin, cuireadh 303 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 3,788 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 7,379 cás, nó 51%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,028 cás, nó 7%

Maidir leis an 454 braisle cásanna – dhá chás nó níos mó ar aon láthair amháin –  baineann 165 acu le tithe altranais agus baineann 71 acu le hionaid chúraim cónaithe. Baineann 22 braisle le hospidéil phobail nó le haonaid fhadchónaithe agus 69 braisle a bhaineann le hospidéil.

Idir an dá línn, dúirt an tAire Sláinte inniu go  mb’fhéidir go ndéanfaí na bunscoileanna a oscailt arís an samhradh seo ar bhealach teoranta, ach go mbeadh sé sin ag brath ar an gcomhairle is déanaí maidir leis an tsláinte phoiblí. Choimeádfaí súil ghéar, a dúirt Harris, ar thíortha eile amhail an Danmhairg ina bhfuil scoileanna ar oscailt arís.

Fág freagra ar '39 bás eile de thoradh Covid-19 fógartha ó dheas, os cionn 800 duine san iomlán básaithe in Éirinn'