3,578 cás nua fógartha, 520 othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil

Thug an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, le fios go raibh breis is 44,000 cás nua den víreas deimhnithe le coicís anuas

3,578 cás nua fógartha, 520 othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil

3,578 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Thug an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, le fios go raibh breis is 44,000 cás nua den víreas deimhnithe le coicís anuas.

520 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 22 níos mó ná mar a bhí i gceist inné. Tá 83 díobhsan in aonad dianchúraim, cúigear níos mó ná mar a bhí ansin inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,228 cás nua a fógraíodh.

395 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inniu más mian le hearnáil an fháilteachais fanacht oscailte go gcaithfidh siad cloí leis na treoirlínte sláinte phoiblí.

Dúirt sé go gcuirfí dlús le cigireachtaí an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta lena chinntiú go bhfuil na teastais Covid-19 á seiceáil agus ionaid fáilteachais ag cloí leis na treoirlínte sláinte.

Dúirt sé go ndearna an tÚdarás sin 46,000 cuairt chigireachta ó mhí na Bealtaine 2020 agus go ndearnadh 707 cuairt díobh sin ón 26 Iúil i mbliana.

Bhí cruinniú ag ionadaithe de chuid na hearnála le hoifigigh rialtais inniu chun cúrsaí sláinte san earnáil a phlé agus bhí an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn i láthair.

D’iarr Cumann na mBialann go gcuirfí “smachtbhannaí níos déine” ar lucht gnó a sháraíonn na treoirlínte sláinte phoiblí – fíneálacha agus a ndúnadh más gá.  B’amhlaidh an teachtaireacht a bhí ag cumann na dtábhairneoirí a d’iarr ar a gcuid ball na pasanna Covid a sheiceáil agus cloí leis na treoirlínte.

I ráiteas Rialtais tar éis na gcainteanna dúradh go ndearnadh “plé fiúntach” ar cheisteanna éagsúla a bhain le tionscal an fháilteachais.

Fág freagra ar '3,578 cás nua fógartha, 520 othar atá buailte ag an víreas sna hospidéil'