35,000 duine tar éis bháis de bharr chreathanna talún na Tuirce agus na Siria

Deir Martin Griffiths, comhordaitheoir fóirithinte éigeandála na Náisiún Aontaithe nach aon iontas go mbraitheann muintir na Siria gur tréigeadh iad

35,000 duine tar éis bháis de bharr chreathanna talún na Tuirce agus na Siria

Bhí an crith talún seo ar an gceann is tubaistí sa Tuirc ó 1939 agus is beag dóchas atá ann faoin tráth seo go mbeidh aon duine beo ach a dtiocfar orthu faoin scrios.

Tuairiscíonn Agence France-Presse ó fhigiúirí lucht leighis agus rialtais, gur maraíodh 31,643 duine sa Tuirc agus 3,581 duine sa tSiria, 35,224 san iomlán go dtí seo.

Dúirt Martin Griffiths, comhordaitheoir fóirithinte éigeandála na Náisiún Aontaithe gur “chliseamar ar an bpobal in iarthuaisceart na Siria” agus “ní haon iontas go mbraitheann siad gur tréigeadh iad”. Dúirt sé ar Twitter go raibh “cúnamh idirnáisiúnta ag teastáil ó mhuintir na Siria agus nár tháinig sin fós. Is é an dualgas atá ormsa an teip sin a leigheas chomh gasta agus is féidir linn. Sin mo chúram anois.”

Tá os cionn 100 barántas gabhála eisithe ag na húdaráis sa Tuirc maidir le foirgnimh a thit as a chéile sa chrith talún. Tuairiscíodh ar mheáin an stáit go raibh dháréag faoi choimeád, conraitheoirí, ailtirí agus innealtóirí ina measc a raibh baint acu le cuid de na mílte foirgneamh a scriosadh nó a ndearnadh damáiste mór dóibh sna creathanna talún Dé Luain seo caite. Bhí neart 7.8 ar scála Richter le crith amháin agus 7.6 leis an gceann eile.

Tá fainic á cur ag na heagraíochtaí daonnúla atá ag obair i ndeisceart na Tuirce agus in iarthuaisceart na Siria go mbeidh “eireaball fada” d’iarmhairtí ar na creathanna talún. Deir siadsan, fiú agus an tarrtháil agus an cuardach déanta, go mbeidh go leor leor riachtanas den uile chineál ag na pobail sin a fhágfaidh go mbeidh síntiúis ag teastáil go ceann míonna nó blianta fada.

Sa tSiria, is san iarthuaisceart, ceantar atá faoi smacht na gceannairceach, is measa a rinneadh díobháil agus fágadh gan dídean arís eile daoine a bhí díbeartha cúpla geábh cheana ag an gcogadh cathartha atá ar siúl ansin le deich mbliana. Is fánach an cúnamh atá faighte ag an gceantar sin i gcomparáid lena bhfuair na ceantair atá faoi cheannas an rialtais.

Dúirt Tayyip Erdogan, Uachtarán na Tuirce, go mbeifí an-dian ar aon duine a bheadh ag creachadóireacht. Tá olltoghchán ar na bacáin sa Tuirc agus deirtear gurb é sin an dúshlán is mó riamh ag Erdogan, a bhfuil dhá scór bliain caite in oifig aige.

Fág freagra ar '35,000 duine tar éis bháis de bharr chreathanna talún na Tuirce agus na Siria'