34 duine as 1,040 a fuair áit sna coláistí oiliúna anuraidh faoi scéim na ‘n-iarratasóirí Gaeltachta’

Léiríonn figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie nach bhfuil formhór na n-áiteanna a choimeádtar sna coláistí oiliúna do ‘Iarratasóirí Gaeltachta’ á líonadh

34 duine as 1,040 a fuair áit sna coláistí oiliúna anuraidh faoi scéim na ‘n-iarratasóirí Gaeltachta’

As an 1,040 duine a thug faoin gcéad bhliain den B.Oid sna ceithre choláiste oiliúna múinteoireachta sa tír in 2017, 34 díobh a fuair áit faoin scéim ‘Iarratasóirí Gaeltachta’.

B’ionann sin agus 3.4% de líon iomlán na ndaoine a chuir tús leis an gcéim sa bhunoideachas anuraidh agus bhí breis agus leath den 34 iarratasóir Gaeltachta sin i gcoláiste amháin.

Fuair an coláiste sin, Coláiste Mhuire gan Smál, 39 iarratas faoin gcóras Gaeltachta anuraidh. Astu sin, bhí 23 iarratas incháilithe agus ghlac 19 duine le háit ar an gcúrsa.

2,343 iarratas ar an B.Oid a fuair Coláiste Mhuire gan Smál faoin ngnáthchóras anuraidh, ag áireamh 899 iarratas céad rogha. 408 tairiscint ar áit ar an gcúrsa a rinneadh agus glacadh leis na háiteanna sin ar fada.

Fuair ochtar iarratasóirí áit in Institiúid Oideachais DCU faoi scéim na n-iarratasóirí Gaeltachta agus 443 mac léinn ina iomlán a bhí ar an gcúrsa B.Oid ansin. 

Fuair 70 duine áit ar chúrsa B.Oid Froebel in Ollscoil Mhá Nuad, agus bhí duine amháin acu sin ina iarratasóir Gaeltachta. Seisear, as 119 duine, a fuair áit faoin gcóras ‘Iarratasóirí Gaeltachta’ ar chúrsa B.Oid Ionad Oideachais Marino i gColáiste na Tríonóide.

Coimeádtar suas le 10% de na háiteanna sna Coláistí Oideachais d’iarratasóirí Gaeltachta agus bíonn pointí CAO laghdaithe i gceist faoin gcóras sin.

Laghdaítear líon na bpointí Ardteiste a theastaíonn do na cúrsaí múinteoireachta i gcás an iarratasóra Gaeltachta a shásaíonn an dá chritéar atá leagtha síos ag Roinn na Gaeltachta.

De réir na gcritéar sin, ní mór d’iarratasóirí a chuireann isteach ar áit ‘Ghaeltachta’ a bheith ina gcónaí i gceantar oifigiúil Gaeltachta agus an Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga labhartha an teaghlaigh acu.

Bhíodh ceangal idir iarratais faoin gcóras seo agus Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina mbronntaí deontais ar theaghlaigh Ghaeltachta as Gaeilge a labhairt, ach tá deireadh curtha ag Roinn na Gaeltachta leis an scéim sin le fada.

Gealltar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go gcoinneofar suas le 20% de na háiteanna i gColáistí Oideachais do mhic léinn a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, ach de réir Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, déanfar 10% de na háiteanna sna cláir oiliúna éagsúla a chur in áirithe do scoláirí a n-éireoidh go maith leo sa dara siollabas Gaeilge don Ardteist, siollabas nach bhfuil tugtha isteach fós.

Ó tharla nach bhfuil rún ann an dara siollabas Gaeilge don Ardteist, a bheadh dírithe ar dhaltaí ardchumais sa Ghaeilge, a thabhairt isteach go bhfeicfear conas a éireoidh leis an siollabas nua ag an tsraith shóisearach, beidh tréimhse cúig bliana an pholasaí oideachais Gaeltachta caite sula gcuirfear tús le siollabas nua na hArdteiste.

Ní bheidh an siollabas nua sa tsraith shóisearach á scrúdú den chéad uair go dtí 2020 agus meastar go gcaithfear cúig bliana eile ina dhiaidh sin á mheasúnú sula dtabharfar breith faoi conas mar a bheadh ag éirí leis.

Tá tairiscintí faighte ag an Roinn Oideachais ó choláistí oideachais ar mhaith leo tabhairt faoi dhá chúrsa nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge.

Tá na cúrsaí á mbunú faoin bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht chun cur leis an soláthar múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile atá in ann oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Dhá chlár oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí atá i gceist: cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iarbhunscoile.

Tugadh geallúint sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go mbunófaí Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM) trí mheán na Gaeilge le cur leis an soláthar bunmhúinteoirí a mbeadh oiliúint orthu le déileáil leis na riachtanais ar leith a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge. Dúradh sa pholasaí go mbeadh áit ar chúrsa nua do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19.

Fág freagra ar '34 duine as 1,040 a fuair áit sna coláistí oiliúna anuraidh faoi scéim na ‘n-iarratasóirí Gaeltachta’'